Uirlis nua seolta chun botúin litrithe agus gramadaí Gaeilge a cheartú go huathoibríoch

Ag eascairt as an tóir a bhí ar leithéidí Gaelspell agus Anois, tá seirbhís nua cruthaithe a bheifear in ann a úsáid ar gach cineál gléis

Uirlis nua seolta chun botúin litrithe agus gramadaí Gaeilge a cheartú go huathoibríoch

Diarmaid Mac Mathúna, forbróir Gaelgram

Tá cúnamh breise litrithe agus gramadaí ar fáil anois do dhaoine a bhíonn ag scríobh i nGaeilge, bíodh sin ar ríomhaire, ar fhón póca nó ar iPad.

Ag eascairt as an tóir a bhí ar leithéidí Gaelspell agus Anois, tá seirbhís nua cruthaithe a bheifear in ann a úsáid ar gach cineál gléis.

Is é Diarmaid Mac Mathúna, a d’fhorbair Gaelspell agus Anois i bpáirt le Kevin Scannell, atá i mbun an togra nua, Gaelgram, agus deir sé gurb í seo “an chéad chéim” eile dóibh siúd atá ag iarraidh cúnaimh agus iad ag scríobh i nGaeilge.

“Séard atá i gceist le Gaelgram ná bogearra a oibríonn sa néal chun cabhrú le daoine atá ag scríobh i nGaeilge scríobh le níos mó muiníne,” arsa Mac Mathúna, bunaitheoir Cruinneog. “Tagann sé ar na botúin litrithe agus ghradamaí agus tugann sé comhairle ansin maidir le ceartú, déantar é go léir go huathoibríoch.”

Tá Gaelspell ar fáil le breis is scór bliain ach tá an tslí a ndéantar obair ar ríomhairí athraithe go mór ó shin agus deir Mac Mathúna gur iarracht atá i Gaelgram dul i ngleic leis na hathruithe.

“Na bogearraí a bhí á gcruthú agam, de ghnáth bhíodh siad teoranta do ríomhairí Windows agus an rud atá tarlaithe, le bliain anuas go háirithe, ná go bhfaighim níos mó agus níos mó teachtaireachtaí ó mhúinteoirí agus ó dhaoine eile ag rá, ‘Tá mé tar éis Chromebook a cheannach, conas gur féidir liom do bhogearraí a chur ag obair air?’ nó ‘Tá mo scoil ar fad tar éis athrú go dtí iPads, cad a dhéanfaidh mé?’”

Deir Mac Mathúna gur thug daoine le fios dó agus é i mbun taighde go rabhthas drogallach fáil réidh le seanríomhairí toisc nach mbeadh teacht acu ar Gaelspell nó Anois ar an ngléas nua.

“Fuair mé amach go raibh seanríomhaire glúine sa chúinne ag daoine díreach chun Gaelspell nó Anois a chur ag obair agus cé go dtógfadh sé cúig nóiméad é a thosú gach lá, go raibh sé fós uathu,” arsa Mac Mathúna.

“Thuig mé uaidh sin gur theastaigh na bogearraí a bhogadh isteach sa néal chun déanamh cinnte go n-oibreodh siad ar na gléasanna ar fad a bhíonn ag daoine. Bíonn muid ar fad anois ag athrú idir an fón póca agus ríomhairí glúine agus gach saghas gléis.”

Tá Gaelgram bunaithe ar an inneall gramadaí, An Gramadóir, an ceann céanna a chruthaigh Kevin Scannell agus atá in úsáid do Gaelspell agus tá sé anois curtha ag obair sa néal ag Mac Mathúna, rud a fhágann nach gá bogearra ar leith a íoslódáil. Ina áit sin, glactar síntiús chun Gaelgram a úsáid.

Amhail na mbogearraí gramadaí eile, deir Mac Mathúna nach mbíonn obair Gaelgram foirfe i gcónaí ach tá sé ag obair cheana féin ar uasdátú a dhéanamh bunaithe ar aiseolas atá faighte aige go dtí seo.

Nuair a thug sé faoin togra ar dtús, cheap Mac Mathúna go mbeadh an tseirbhís dírithe ar scoileanna den chuid is mó, agus tá tacaíocht faighte aige ó COGG, ach deir sé go bhfuil éileamh ann ó réimse leathan daoine agus comhlachtaí.

“An rud atá an-suimiúil, ó sheol mé é, tá an-chuid eagraíochtaí agus gnóthaí a bhíonn ag obair trí Ghaeilge tar éis dul i dteagmháil liom agus chruthaigh muid síntiús nua dóibh siúd. Comhlachtaí léiriúcháin teilifíse, comhlachtaí aistriúcháin agus go leor eagraíochtaí Gaeilge freisin.

“An rud atá suimiúil faoin bhogearra seo ná, ní hamháin go gcabhraíonn sé le daoine atá ag foghlaim na Gaeilge ach cabhraíonn sé leo siúd atá ag úsáid na Gaeilge go laethúil freisin.”

  • Is féidir clárú do thriail saor in aisce le Gaelgram anseo.

Fág freagra ar 'Uirlis nua seolta chun botúin litrithe agus gramadaí Gaeilge a cheartú go huathoibríoch'

  • Tomás Ó Gormáin

    Go h-iontach go bhfuil an áis seo ar fáil. Ba bhreá liom triail a bhaint as sar i bhfad.
    Ard mholadh tuillte!