Údarás na Gaeltachta le háireamh i bpacáiste spreagtha an Rialtais

Fógrófar tráthnóna plean spreagthaí an Rialtais chun borradh a chur faoi chúrsaí eacnamaíochta atá buailte go dona ag paindéim an choróinvíris

Údarás na Gaeltachta le háireamh i bpacáiste spreagtha an Rialtais

Táthar ag caint go mbeidh Údarás na Gaeltachta ar cheann de na heagraíochtaí a rachaidh plean an Rialtais chun geilleagar na tíre seo a spreagadh chun tairbhe dóibh.

Is fiú na billiúin euro plean spreagtha an gheilleagair a mbeidh sé mar aidhm leis borradh a chur faoi chúrsaí eacnamaíochta atá buailte go dona ag paindéim an choróinvíris.

Tuigtear go mbeidh Údarás na Gaeltachta ábalta tairbhe a bhaint as ciste nua atá ann chun foirgnimh a réiteach do ghnóthaí agus d’úsáid eile.

Beidh an tÚdarás ag súil go mbeidh teacht aige ar aon mhaoiniú breise a bheidh ar fáil le cuidiú le gnóthaí agus fiontair atá buailte ag an Covid-19.

Tuairiscítear go mbeidh suas le €300 milliún ar fáil don Roinn Meán, Turasóireachta, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta ach meastar gur ar an turasóireacht, an cultúr agus an spórt a chaithfear an chuid is mór den airgead sin.

Tá ráite ag an Rialtas gurb í an aidhm atá leis an bplean fostaíocht a chosaint agus a chruthú agus go mbeidh caiteachas caipitil, deontais agus ciorruithe cánach i gceist chomh maith le tacaíochtaí leasa shóisialaigh agus fostaíochta.

Faoin bplean, leanfar ar aghaidh le híocaíochtaí dífhostaíochta na paindéime go dtí Aibreán na bliana seo chugainn cé nach nglacfar le haon iarratas nua ó mhí Mheán Fómhair 2020.

Ón mí sin amach, aistreofar na daoine a bheidh ag fáil na híocaíochta sin go dtí an gnáthliúntas leasa shóisialaigh.

Beidh trí ráta liúntais ann – an t-uasráta nua €300 sa tseachtain, an ráta sa lár €250 sa tseachtain, agus an bunráta €203 sa tseachtain, an gnáthliúntas dífhostaíochta.

Tuairiscítear go mbeidh ‘dearbhán saoire sa mbaile’ le fáil faoin scéim nua seo chun spreagadh a thabhairt do ghnó na turasóireachta agus an fháilteachais agus muintir na tíre a mhealladh le saoire a chaitheamh ina dtír féin.

Beidh an lucht saoire in ann aisíocaíocht chánach €125 a éileamh má chaitheann siad suas le €600 ar lóistín, bia agus deochanna neamhalcólacha.

Sa bplean chomh maith tá iasachtaí ísealchostais agus deontais bhreise chun cuidiú le gnóthaí dul i mbun oibre arís.

Tuairiscítear go mbeidh clár leathan athoiliúna agus feabhsú scileanna sa bplean le cuidiú leis na daoine a chaill a bpostanna de bharr an Covid-19.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta le háireamh i bpacáiste spreagtha an Rialtais'