Is mó fostaí lánaimseartha a bhí ag obair i ndeireadh na bliana anuraidh i ngnóthaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i gceantair atá an-lag maidir le labhairt na Gaeilge ar bonn laethúil seachas mar a bhí i gceantair ina bhfuil an teanga á labhairt iontu ag tromlach an phobail gach lá.
Tá figiúirí nua curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta a thugann mioneolas den chéad uair ar dháileadh na bpostanna a dtacaíonn an eagraíocht fiontraíochta leo.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na figiúirí nuafhoilsithe bhí thart ar 1,300 duine fostaithe go lánaimseartha anuraidh i dtionscail de chuid an Údaráis sna sé limistéar pleanála teanga is láidre ó thaobh na Gaeilge – Toraigh agus Gaoth Dobhair (Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir san áireamh) i dTír Chonaill agus Ceantar na nOileán, An Cheathrú Rua, Oileáin Árann, agus Conamara Láir (Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin agus Carna san áireamh) sa Ghaillimh.
Ba sna limistéir sin amháin a tuairiscíodh sa daonáireamh is deireanaí go raibh níos mó ná leath den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. B’ionann an thart ar 1,300 post a dtacaíonn Údarás na Gaeltachta leo sna ceantair sin agus 17% den 7,524 post ar fad a raibh an tÚdarás ag tacú leo sa Ghaeltacht anuraidh.
FÉACH TÁBLAÍ TUAIRISC.IE THÍOS I gCOMHAIR BRISEADH SÍOS IOMLÁN AR DHÁILEADH NA bPOST
Os a choinne sin, bhí níos mó daoine fostaithe i ngnóthaí a fuair tacaíocht an Údaráis sna limistéir is laige sa Ghaeltacht ó thaobh úsáid laethúil na teanga.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie bhí os cionn 1,500 post, nó beagnach 21%, de na postanna lánaimseartha ar fad a raibh an tÚdarás ag tacú leo ag deireadh 2016, i gceantair a raibh níos lú ná 10% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais de réir an daonáirimh. Is iad na ceantair sin ná Tuaisceart Dhún na nGall, Maigh Eo Thiar agus Thuaidh, Maigh Cuilinn, Ciarraí Theas, Bearna agus Cnoc na Cathrach, An tEachréidh agus oirthear Chathair na Gaillimhe.
Tá an méid céanna daoine – nach mór 1,500 – fostaithe i gCois Fharraige, an limistéar pleanála teanga a shíneann ó na Forbacha go Ros an Mhíl – Na Forbacha (69 duine), An Spidéal (672), Indreabhán (430) agus Baile na hAbhann (320). Níos lú ná leath de phobal an limistéir teanga sin (48.2%) a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, de réir dhaonáireamh 2016. Ar ndóigh, ceantar fairsing atá i gceist le limistéar pleanála teanga Chois Fharraige agus éagsúlacht mhór ann ó thaobh na gcúinsí teangeolaíochta atá i réim sna codanna éagsúla de.
Bhí 174 duine fostaithe i ngnóthaí ar thacaigh an tÚdarás leo ar an gCeathrú Rua, 89 duine a bhí fostaithe i gCeantar na nOileán, 93 duine a bhí fostaithe i gCill Chiaráin, 84 duine a bhí i gceist i gCarna agus 65 duine a bhí i gceist i Ros Muc.
Beagnach 500 duine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair tacaíocht ón Údarás i gceantair oifigiúla na Gaeltachta thart ar chathair na Gaillimhe (an chathair féin, An Caisleán Gearr, An Carn Mór agus Baile Chláir, san áireamh).
Bhí beagán níos mó ná sin – 520 duine – ag obair i bpostanna de chuid an Údaráis i bparóiste Ghaoth Dobhair i dTír Chonaill agus thacaigh an eagraíocht chomh maith le líon suntasach go maith post i ndeisceart an chontae sin – 413 a bhí fostaithe i bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo ar an gCarraig, i gCill Charthaigh agus i nGleann Cholmcille. 321 duine a bhí i gceist i dtuaisceart Dhún na nGall (Cionn Droma, Carraig Airt agus Na Dúnaibh). 120 duine a bhí fostaithe i dtograí de chuid an Údaráis i gCloich Chionnaola, 91 post ar an Fhál Carrach agus 29 post i nGort an Choirce.
Bhí 394 duine ag obair go lánaimseartha i bpoist ar thacaigh an tÚdarás leo sa Daingean i gCiarraí i ndeireadh na bliana seo caite, an áit ba mhó a raibh daoine fostaithe i dtograí de chuid na heagraíochta sa chontae sin. B’ionann sin agus 59% den 671 duine a bhí fostaithe sa chontae i bpoist ar thacaigh an tÚdarás leo anuraidh.
Bhí 69 de na poist eile i gCorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh, 24 duine a bhí fostaithe i mBaile na Gall agus 17 duine a bhí i gceist i gCeann Trá. Ar ndóigh, bheadh roinnt mhaith daoine ó na ceantair is láidre Gaeltachta laistiar den Daingean ag obair sa Daingean.
Ba le ceantar Uíbh Ráthach a bhain 123 de na poist i gCiarraí.
I nGaeltacht Mhaigh Eo ba i mBéal an Mhuirthead a bhí 62% de phoist an Údaráis – 395 post as 640 san iomlán.
I mBaile Bhuirne a bhí formhór na bpost i nGaeltacht Chorcaí (266 post). I mBaile Mhic Íre a bhí 198 post den 675 post ar thacaigh an tÚdarás leo sa chontae sin.
Ba i Ráth Chairn a bhí 190 den 211 post i nGaeltacht na Mí agus sa Rinn a bhí gach ceann den 129 post i nGaeltacht Phort Láirge a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Léiríonn anailís Tuairisc.ie ar na figiúirí nua fostaíochta gur beag post a raibh an tÚdarás ag tacú leo ar oileáin Dhún na nGall – Árainn Mhór (6 phost) agus Toraigh (7 bpost). 12 post a bhí i gceist ar Oileán Chléire i nGaeltacht Chorcaí agus 75 post a bhí i gceist ar Oileáin Árann i nGaeltacht na Gaillimhe– Inis Mór (35), Inis Meáin (29), agus Inis Oírr (12).
1,198 gnó a fuair tacaíocht ón Údarás a bhí ag feidhmiú sa Ghaeltacht i ndeireadh 2016. I nGaeltacht na Gaillimhe a bhí an céatadán ba mhó de na gnóthaí sin, 35%, agus bhí 23% díobh i nDún na Gall agus 19% díobh i gCiarraí.
Bhí trí chomhlacht ar liostaí an Údaráis i ndeireadh 2016 nach raibh aon duine fostaithe iontu – ceann ar Inis Bó Finne (Dún na nGall) agus péire i nGaillimh, ceann ar an gCloch Bhreac agus an ceann eile i gCloch na Rón.
Léiríonn an t-eolas nua freisin go raibh 12 gnó i Leitir Mealláin i gCo na Gaillimhe a thuill tacaíocht an Údaráis agus gan fostaithe eatarthu ar fad anuraidh ach triúr. Bhí seacht gcomhlacht i mBéal an Daingin i gConamara nach raibh fostaithe eatarthu ach aon duine amháin. Bhí ceithre chomhlacht i gCé Bhréanainn, Co Chiarraí, nach raibh ach triúr fostaithe eatarthu acu anuraidh.
An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh a chuir an t-eolas nua faoi dháileadh na bpost a dtacaíonn Údarás na Gaeltachta leo ar fáil. Ba é an Teachta Dála Maurice Quinlivan as Luimneach, urlabhraí fostaíochta agus fiontraíochta Shinn Féin a lorg an t-eolas.
alleluia
Chuaigh mě isteach in óstán, fiontar a bunaíodh le lántacaìocht ón Údarás, agus tréis scaitimh dúirt bean a’tí (Bleá Cliathach ceapaim) liom ‘Here I am stuck in the a–hole of the world’! Ní dhearna mé aon mhoill ann. Tá an ceantar máguaird go hálainn… Déanann duine dá sórt dochar mór d’áit mar sin.
Ruairí
Tá 427 jobanna maoinithe ag an Údarás ins na hiarGhaeltachtaí i gcathair na Gaillimhe, Baile Chláir agus TírOileán, Cnoc na Cathrach! Cuir si i gcomparáid leis na 330 jobanna san iomlán atá maoinithe i gceantair na nOileán, Ros Muc agus Ioras Aithneach áit a bhfuil an Ghaeilge láidir! Cuir na ceantracha sin atá faoi míbhuntáiste i gcomparáid freisin le Cois Fharraige áit a bhfuil slám jobanna curtha ar fáil ag an Údarás do Bhéarlóirí as chathair na Gaillimhe. Cé mhéid as an 1500 job i gCois Fharraige atá curtha ar fáil do Bhéarlóirí na Gaillimhe? Sin figiúr a bheadh suimiúil…..Staidrimh gan scagadh níl iontu ach bréaga.
Micil
Tagaim go hiomlan le Ruairí thuas. Ba mhaith liom go ndéanfaí suirbhé cuimsitheach ar an méid daoine atá fostaithe i ngnónna, a bhfuil ag tÚdarás ag caitheamh airgid lucht íoctha cánach orthu, agus gur cainteoirí líofa Gaelainne iad. Nó, chun é a chur i bhfocla eile, cén céadtadán de na daoine seo, atá fostaithe i ngnónna le tacaíocht airgid an Údaráis, ná fuil aon Ghaelainn le deallramh acu. Is cinnte go mbeadh céadtadán ard Béarlóiri againn in áiteanna ar nós bhaile mór an Daingin agus i gceantair eile anseo ó dheas nach fiú Gaeltacht a thabhairt orthu níos mó.
B’fhearr go mbeadh an t-airgead a chaitheann an tÚdarás ag tabhairt tacaíochta fostaíochta do Bhéarlóirí a chaitheamh ar Phleananna Teanga nó a leithéid.