Údarás na Gaeltachta ag moladh go láidir do chomhlachtaí beaga socruithe a chur i gcrích agus an Breatimeacht ar na bacáin

Tá imní léirithe gur comhlachtaí sa Ghaeltacht is mó a bheadh thíos leis an mBreatimeacht sa tír seo ach nach bhfuil na comhlachtaí céanna ullamh do na dúshláin sin

Údarás na Gaeltachta ag moladh go láidir do chomhlachtaí beaga socruithe a chur i gcrích agus an Breatimeacht ar na bacáin

Agus gan ach sé seachtaine fágtha go dtí an Breatimeacht, tá iarracht eile á déanamh ag Údarás na Gaeltachta comhlachtaí a spreagadh chun leas a bhaint as na scéimeanna atá curtha ar fáil ag an eagraíocht fiontraíochta.

Tá imní léirithe gur comhlachtaí sa Ghaeltacht is mó a bheadh thíos leis an mBreatimeacht sa tír seo ach nach bhfuil na comhlachtaí céanna ullamh do na dúshláin atá rompu.

I measc na scéimeanna tacaíochta atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí, tá sraith seimineár ar líne agus seoladh ríomhphost ar leith, Brexit@udaras.ie, a chuirfidh comhairle ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta faoina bhfuil le déanamh acu chun a bheith faoi réir don Bhreatimeacht.

Léirigh anailís a rinne Roinn na Gaeltachta go mbeadh comhlachtaí sa Ghaeltacht buailte níos measa ag an mBreatimeacht crua ná comhlachtaí lasmuigh di.

Ina ainneoin sin, dúradh nach raibh go leor comhlachtaí Gaeltachta ullmhaithe d’iarmhairtí an Bhreatimeachta agus gur mheasa fós an scéal de bharr phaindéim an Covid-19.

Tugadh le fios sa tuarascáil nár chuir 82% de chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta isteach ar aon scéim tacaíochta Breatimeachta agus nach raibh a fhios ag 53% de na comhlachtaí gurbh ann dá leithéid de scéimeanna.

Agus é ag labhairt i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite, gheall Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh go raibh an eagraíocht ag dul i ngleic leis an easpa suime atá léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta i scéimeanna Breatimeachta na heagraíochta.

Dúirt Ó hÉanaigh go gcinnteofaí nach mbeadh aon chomhlacht Gaeltachta nach mbeadh ar an eolas faoi na scéimeanna Breatimeachta.

Ina thaobh sin, tá feachtas eolais ar bun ag Údarás na Gaeltachta agus an eagraíocht ag moladh go láidir do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide Gaeltachta socruithe a chur i gcrích láithreach chun tabhairt faoi dhúshláin an Bhreatimeachta agus srianta Covid-19.

Tá sraith seimineár gréasáin, Ag Buanú Gnó i rith Géarchéime, á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta ar an 18 Samhain agus ar an 2 agus 8 Nollaig chun tacú le gnóthaí agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an COVID-19 agus an Breatimeacht.

Tá thart ar €3.35 milliún tugtha go dtí seo ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí Gaeltachta chun tacú leo dul i ngleic leis na deacrachtaí atá cruthaithe ag an bpaindéim agus bhain os cionn 410 comhlacht leas as scéimeanna tacaíochtaí COVID-19 Údarás na Gaeltachta.

Tá breis agus 8,000 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ach, de réir anailís an Údaráis féin, d’fhéadfadh go gcaillfí 1,000 post i gcomhlachtaí Gaeltachta dá mbeadh sé ina Bhreatimeacht crua. Fágann paindéim an Covid-19 go bhfuil tuilleadh brú orthu.

Níos lú ná deichniúr atá ag obair in 85% de chliantchomhlachtaí an Údaráis agus d’fhéadfadh na comhlachtaí beaga sin a bheith i mbaol níos mó de bharr an Bhreatimeachta agus na paindéime Covid-19.

I ráiteas ó Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh luaigh sé na “dúshláin shuntasacha” do chomhlachtaí beaga Gaeltachta a bhain leis an mBreatimeacht agus iad ag déileáil le “dúshláin phaindéim COVID-19 ón earrach seo caite”.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go leanfadh an eagraíocht ag obair “i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí Gaeltachta chun tabhairt faoi na dúshláin a chruthaíonn an Breatimeacht agus lena chinntiú go bhfuil siad faoi réir chomh maith agus is féidir do cibé toradh a thiocfaidh”.

Dúirt sé go leanfadh Údarás na Gaeltachta air “ag obair go dlúth leis na háisíneachtaí agus na Ranna Rialtais cuí mar chuid de chur chuige comhordaithe” chun déileáil leis na deacrachtaí.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag moladh go láidir do chomhlachtaí beaga socruithe a chur i gcrích agus an Breatimeacht ar na bacáin'

  • Níl dóchas

    Cén fáth gur tríd na meáin atá Údarás ag insint do chomhlachtaí faoi seo? Tá mise ag obair i comhlacht beag Gaeltachta agus ní bhfuair muid aon scéal uaidh Údarás faoi seo. Fuair muid scéal ag iarraidh lógó an Údarás a chuir ar rudaí, is maith go raibh siad in ann a bheith i dteangmháil faoi sin cúpla uair, ach níor tháinig tada faoi Breatimeacht. Agus anois is ar na comhlachtaí atá an locht?

  • Donncha Eile

    Tá Údarás ag cuir an mhilleán ar na comhlachtaí? Faighim deacair a chreidiúint go mbeadh comhlachtaí chomh neamhairdiúil. An é b’fhéidir go bhfuil na comhlachtaí in ann tacaíocht níos fearr a fháil uaidh leitheidí na comhlachtaí fiontair áitiúil nó Enterprise Ireland?

  • MVO

    Feachtas? Á gcaithfidís an méid céanna am ag inseacht do dhaoine faoi na tacaíochtaí atá ar fáil is a chaith siad ag déanamh obair an HSE ag réiteach pictiúirí beaga fánacha le rá le daoine a gcuid lámha a níochán b’fhéidir go mbeadh comhlachtaí ar aon eolas. Cén ról go díreach atá acu? Agus cé mhéid a chosnaíonn sé a bheith ag réiteach ábhar a cheart a bheith ag teacht ón HSE?

  • AC

    Ta gach rud déanta is ceart, níl neart má ta comhlachtaí nach bhfuli ag tabhairt aire doibh féin.