Údarás na Gaeltachta ag iarraidh breis is 1,500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht roimh dheireadh 2025

Deirtear i straitéis nua Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeadh 9,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí dá chuid roimh dheireadh 2025

Údarás na Gaeltachta ag iarraidh breis is 1,500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht roimh dheireadh 2025

Mícheál Ó hÉanaígh, An tAire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus Anna Ní Ghallachair i nGaoth Dobhair inniu, áit ar sheol sé straitéis cúig bliana Údarás na Gaeltachta. Pictiúr: Clive Wasson

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta breis is 1,500 post lánaimseartha nua a chruthú sa Ghaeltacht roimh dheireadh 2025.

Deirtear i straitéis nua Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh 9,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí dá chuid i gceann cúig bliana.

Deirtear i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2021 – 2025, a seoladh inniu, gur “Pobail rathúla Ghaeltachta a fhorbairt, ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide, an príomhchuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta”.

Deir Údarás na Gaeltachta gur “tréimhse chinniúnach” í seo don Ghaeltacht agus gur “ábhar machnaimh” a bhí i dtorthaí Dhaonáireamh 2016 i leith na teanga. Léirigh na torthaí sin gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2011-2016.

Ardú 15% ar líon na bpostanna a dtacaíonn an tÚdarás leo a bheadh i gceist má éiríonn leo a sprioc fostaíochta – 9,000 – a bhaint amach roimh dheireadh 2025.

D’fhág paindéim an Covid-19 gur tháinig laghdú ar líon na bpostanna sna ceantair Ghaeltachta. Bhí 7,363 duine fostaithe go lánaimseartha sa Ghaeltacht in 2020 ag comhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, i gcomparáid le 7,844 in 2019.

Ceann de na bealaí a luaitear sa phlean nua chun daoine a mhealladh chun na Gaeltachta ná béim a chur ar an gcianobair nó an obair ón mbaile.

Táthar ag súil go mbainfidh tuilleadh comhlachtaí úsáid as na hionaid gteic atá bunaithe ag an Údarás.

Deirtear freisin go gcuirfear feachtas margaíochta ar bun chun na buntáistí a bhaineann le bheith i do chónaí sa Ghaeltacht a léiriú agus go gcruthófar gréasán áiseanna fóillíochta, bunaithe ar acmhainní nádúrtha, chun daoine a mhealladh. Forbrófar chomh maith coincheap “na Gaeltachta Glais” a chuirfidh béim ar “inmharthanacht agus inbhuanaitheacht” phobal na Gaeltachta.

Díreofar ar an ‘nGaeltacht Ghlas’ agus an ‘Eacnamaíocht Ghorm’ mar dhá réimse ina bhféadfaí fiontraithe a mhealladh agus fostaíocht a chruthú.

Deirtear go bhfuil sé i gceist tús a chur le pleanáil d’ionad seirbhísí don tionscal fuinnimh in-athnuaite. Bheadh an t-ionad i Ros an Mhíl i gConamara.

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Michéal Ó hÉanaigh ag seoladh straitéis nua an Údaráis i nGaoth Dobhair inniu. Pictiúr: Clive Wasson

Cuirtear béim freisin ar fhorbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Conamara, atá ar “ar cheann de na hinfheistíochtaí is mó atá beartaithe go dtí seo i mbonneagar na Gaeltachta”..

Maidir leis an bpleanáil teanga, deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar phríomhsprioc acu go mbeadh pleananna teanga á bhfeidhmiú sna 26 limistéar pleanála teanga agus sa trí bhaile seirbhíse Gaeltachta atá faoina gcúram faoi dheireadh 2025

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh, go bhfuil an straitéis nua le cur i bhfeidhm “tráth a bhfuil athrú mór taghta ar an saol”.

Bhí sé mar aidhm ag an Údarás, ar sé, go mbeadh an Ghaeilge ina teanga bheo phobail sa Ghaeltacht go mbeadh an áit “tarraingteach le maireachtáil ann” agus “deiseanna fostaíochta den chéad scoth” ar fáil ann.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur plean “uaillmhianach” a bhí i straitéis nua an Údaráis agus gur plean é a rachadh chun tairbhe phobal labhartha na Gaeltachta agus lucht fiontraíochta.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, go rabhthas “tiomanta” don sprioc go mbeadh 9,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí na heagraíochta roimh dheireadh 2025.

“Leagann an straitéis seo amach fís do Ghaeltacht bheoga fhorásach, le tograí fadradharcacha a rachaidh chun sochair do shaol eacnamúil, cultúrtha agus sóisialta na Gaeltachta.

“Tá tionchar nach beag ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar na tíre le bliain anuas agus beidh dúshlán mór forbartha againn sna blianta amach romhainn; ach is dúshlán é a rachaimid i ngleic leis, mar a dhéanann i gcónaí, le spiorad agus le díograis.”

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag iarraidh breis is 1,500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht roimh dheireadh 2025'

  • Srggyhb

    Beidh áit deas í an Ghaeltacht chun maireachtáil, ach ní bheidh mórán difear idir í agus an chuid eile den tír fé 2080.

    Beidh cainteoirí dúchais ina chónaí ann go dtí an bhliain sin (beag nó mór), ach ní bheidh pobal ina bhfuil Gaeilge mar príomhtheanga an phobail sin ann fé cheann deich mbliana. Beidh i bhfad níos mó Béarlóirí aonteangacha, agus daoine le Béarla maith is Gaeilge lag acu.

    Cad é an chúis? Mar tá siad fós ag déanamh beagchúram den fhianaise… Ó thaobh sochtheangeolaíochta de, cur chuige neamheolach atá acu, mar is gnách in Éirinn nuair a bhíonn cúrsaí teangan i gceist. Síleann gach uile leathcheann go bhfuil eolas agus plean níos fearr acu ná na saineolaithe iad féin

    I give up. Bhí cur chuige ann, i 2007, cur chuige uileghabhálach bunaithe ar taighde. Roghnaíodh an cac seo ina ionad. Íde-eolaíocht an Stát = dátheangachas náisiúnta (an Ghaeltacht san áireamh) = neamhréalaíoch.

    De réir dealraimh, tá coincheap ‘Gaeltacht’ acu nach bhfuil bunaithe ar teorainn teanga i naon chor, ach áit deas chun turasóireachta a mhealladh

    An bhfuil an Plean seo léite agaibh? Forbairt eacnamaíochta atá ann, daoine a mhealladh chun maireachtáil sa Ghaeltacht. Níl tagairt ar bith do dhlús cainteoirí Gaeilge… Focail deas don Ghaeilge atá inti, agus faic eile, i ndáiríre.

    Beidh cúpla duine óga in ann fanacht aige baile ceart go leor, b’fhéidir go mbeidh Gaeilge acu, ach cé mhéad duine atá chun lonnaíocht ann gan Gaeilge ar bith?

    “Oh ach soláthróimid ranganna dóibh”. Feck off.

  • Donncha

    Bhfuil muid dhá chreistiúint seo? Bhfuil muid ag ligean leis an bhfianaise ar fad le bliain agus an ráiteas ó Anna Ní Ghallchóir inné a chruthaíonn a mhalairt agus ag creistiúint go bhfuil suim dhá laghad ná iarracht i ndáiríre dhá dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar mhaithe leis an nGaeilge agus gnáth mhuintir na Gaeltachta?

  • Brid

    Níl sa phlean seo ach mealladh lucht an bhéarla chuig na Gaeltachtaí. Tá costas tithe ag dul in airde agus muintir na Gaeltachta á mbrú amach ag an dream as Bleá Cliath a bhfuil Ó hÉanaigh chomh tógtha sin leo. Ní plean í seo do mhuintir na Gaeltachta.
    Is mór an náire sibh.