Údarás na Gaeltachta ag beartú talamh a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a thógáil sa Ghaeltacht

Tá an tÚdarás i mbun cainte le heagraíocht Ghaeltachta amháin maidir le talamh a chur ar fáil chun tithíocht a thógáil air agus táthar ag breathnú ar 400 acra eile a d’fhéadfaí a úsáid chun tithe a chur ar fáil

Údarás na Gaeltachta ag beartú talamh a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a thógáil sa Ghaeltacht

Tá Údarás na Gaeltachta ag beartú talamh a chur ar fáil chun tithe inacmhainne a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Tá an tÚdarás i mbun cainte le heagraíocht Ghaeltachta amháin cheana féin maidir le talamh a chur ar fáil chun tithíocht a thógáil air agus táthar ag breathnú ar suas le 400 acra eile a d’fhéadfaí a úsáid chun tithe a chur ar fáil.

Agus é os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire, go raibh ceist na tithíochta inacmhainne tagtha chun cinn san eagraíocht go minic le gairid.

Agus é ag freagairt ceist ón Teachta Dála Marc Ó Cathasaigh, dúirt Mac Con Iomaire go raibh an tÚdarás i mbun cainte le Comhlacht Forbartha na nDéise maidir le suíomh cúig acra sa Rinn atá i seilbh an Údaráis a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a thógáil air.

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh an tÚdarás sásta comhoibriú leis an gcomhlacht forbartha ach go raibh ceisteanna le réiteach maidir le cén chaoi a dtabharfaí an talamh don chomhlacht. Dúirt sé go raibh súil aige go dtiocfaí ar réiteach go luath.

“Ceann de na rudaí atá muid ag breathnú air ná cén chaoi gur féidir linn an talamh sin a chur ar an margadh ach fós a bheith ag cloí le rialacha maidir le hábhair a chur ar an margadh oscailte,” a dúirt Mac Con Iomaire. “Tá muid tar éis é sin a phlé le Roinn na Gaeltachta, leis an Roinn Tithíochta agus tá súil againn teacht ar ais go gairid le moltaí maidir le cén chaoi gur féidir linn é sin a dhéanamh.”

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh Údarás na Gaeltachta i mbun athbhreithnithe faoi láthair ar an talamh ar fad atá i seilbh na heagraíochta gur féidir forbairt a dhéanamh air. Mheas sé go raibh thart ar 400 acra i gceist nuair a cuireadh talamh portaigh, coillte agus talamh a bhfuil forbairt déanta air cheana féin as an áireamh.

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh an tÚdarás ag breathnú ar thograí fuinnimh in-athnuaite, ar thograí bithéagsúlachta agus ar thithíocht inacmhainne a fhorbairt ar an talamh sin.

Dúirt sé go raibh an cás sa Rinn “ar cheann de na tosaíochtaí is mó a bheadh againn i láthair na huaire ina thaobh sin”.

Dá mbeadh aon tithe le tógáil ar an talamh, áfach, dúirt Mac Con Iomaire go mbeadh an tÚdarás ag iarraidh go gcuirfí coinníoll air gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 100% de na daoine a cheannódh na tithe chun go gcuirfí an teanga chun cinn sa cheantar sin.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go raibh sé sásta comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na húdaráis áitiúla ar aon scéim ina gcuirfí tithe sóisialta nó tithe inacmhainne ar fáil.

Dúirt an tAire go raibh an Rialtas ag cur €4 billiún ar fáil gach bliain faoin scéim Tithíocht do Chách agus go raibh sé oscailte d’aon scéim a chabhródh le tithe inacmhainne a thógáil sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag beartú talamh a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a thógáil sa Ghaeltacht'

  • Seán

    Sea & tabharfaidh sé Béarlóirí isteach sa cheantar. An ndéanfaidh Mac Con Iomaire ráiteas gur daoine le Gaeilge a bheas sna tithe seo?

  • An Teanga Bheo

    Comharchumann tithíocht a chuir ar fáil agus obair a cruthú san nGaeltacht thar ama aige sin.

  • Brid

    Cén chaoi a gcinnteofar nach béarlóirí a bhéidh iontu?

    Cén chaoi a gcinnteofar go muintir na háite a gheobhfas iad agus ní na “remote workers” agus “diaspora” atá Ó hÉanaigh ag iarraidh a mhealladh? Is lucht BhÁC uilig tá ag ceannacht thart anseo anois agus gan ceangal ar bith acu leis an áit ach go bhfuil siad ag obair sna monarchain a thacaíonn Údarás leo

  • An Teanga Bheo

    Saor chead gluaiseacht san Aontas Europach le Alt 45 agus Conradh Maastrict 1992 ach fós bheadh sé lastigh de Dlí na h Éireann cearta an duine fiú san gaeltacht nó in ait ar bith sa tír.