Údarás i ‘sáinn’ i ndiaidh an Bhuiséid

Cé nár deineadh aon chiorruithe suntasacha ar bhuiséad na Gaeilge is na Gaeltachta i mBuiséad 2015 agus gur cuireadh fáilte roimh an méid sin, ba ábhar díomá ag roinnt daoine nár fógraíodh aon ardú ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta.

Pictiúr: Photocall Ireland

“Tá muid sáinnithe leis an méid a bhí ann anuraidh.”

B’shin a bhí le rá anocht ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Stiofán Ó Cualáin, faoin scéal nach mbeidh aon ardú ar bhuiséad na heagraíochta an bhliain seo chugainn.

Dúirt Ó Cualáin go raibh díomá air faoin méid a cuireadh ar fáil don Údarás.

Cé nár deineadh aon chiorruithe suntasacha ar bhuiséad na Gaeilge is Gaeltachta i mBuiséad 2015 agus gur cuireadh fáilte roimh an méid sin, ba ábhar díomá ag roinnt daoine nár fógraíodh aon ardú ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léirigh an cinneadh gan breis maoinithe a thabhairt don Údarás nach raibh an Rialtas “dáiríre” faoi fhorbairt eacnamaíochta na Gaeltachta.

“Gan forbairt eacnamaíochta suntasach, beidh gach bonn bainte ó aon iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga an phobail sna ceantair seo. Caithfidh an Rialtas gníomhú láithreach agus an maoiniú caipitil de €12m atá molta ag Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil dóibh,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill.

Chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal nach raibh an ciorrú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge chomh dian is a bhí á thuar, ach dúirt sé go raibh “neamhaird” déanta ag an Rialtas ar éileamh an phobail faoi bhuiséad an Údaráis.

“Aithníonn Conradh na Gaeilge agus cuireann muid fáilte roimhe nach mbeidh an laghdú de 7% a bhí beartaithe á ghearradh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge in 2015.

“Is céim chun cinn í seo ach tá neamhaird déanta ag an Rialtas ar éileamh an phobail Gaeilge agus Gaeltachta cur le cumas Údarás na Gaeltachta fostaíocht bhreise a chruthú sa Ghaeltacht. Táimid ag éileamh ar an Rialtas buiséad caipitil an Údaráis a chur ina cheart láithreach,” a dúirt Julian de Spáinn.

Tá fógra an lae inniu faoin easpa maoiniú breise don Údarás ag teacht sna sála ar ráiteas a rinne Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Stiofán Ó Cúláin, an tseachtain seo caite, tráth a dúirt sé go bhféadfaí suas le 1,000 post breise a chruthú sa Ghaeltacht as seo go ceann cúig bliana ach na buiséid chuí a bheith ar fáil chuige.

Ag labhairt dó anocht ar an gclár speisialta a chraol Nuacht TG4 faoin mbuiséad, dúirt Ó Cualáin go bhfuil an tÚdarás ag feidhmiú ar bhunús íseal agus gur gá postanna breise a chruthú, rud nach bhféadfaidís a dhéanamh leis an dteacht isteach atá faoi láthair acu.

Os a choinne sin, chuir an tAire Stáit Joe McHugh fáilte roimh an méid airgid atá curtha ar leataobh le haghaidh “gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oiléan”.

Dúirt sé go raibh áthas air go bhfuil cistiú na bliana seo a bheag nó a mhór mar an gcéanna le cistiú na bliana seo caite agus, i roinnt cásanna, go bhfuil airgead breise á chur ar fáil. Ceann de na hoifigí atá ag fáil níos mó airgid i mbliana is ea Oifig an Choimisinéara Teanga. €650,000 atá curtha ar fáil don oifig sin i mbliana; €557,000 a dáileadh uirthi anuraidh.

D’fháiltigh an Coimisnéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill roimh an ardú agus dúirt gur ceadaíodh struchtúr nua foirne don Oifig i mbliana agus go gcuideoidh an soláthar airgid a fógraíodh inniu leis an struchtúr nua sin a dhaingniú.

“Cuirim fáilte roimh an ardú atá tagtha ar sholáthar airgid na hOifige don bhliain 2015. Tá an soláthar seo ag teacht leis na socruithe foirne atá aontaithe ag an Aire do m’Oifig agus a theastaíonn ionas gur féidir liom mo chuid feidhmeanna mar Choimisinéir Teanga a chomhlíonadh, ” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

€41,793m an buiséad iomlán a bheidh le caitheamh ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn, le hais €41,409m i mbliana.

Tá buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta laghdaithe 75% ón mbliain 2008. €5,687m a bheidh mar bhuiséad caipitil ag an eagraíocht an bhliain seo chugainn.