Údar mór iontais a bheadh ann mura mbeadh an lá le Baile Gunnair agus Baile Héil

Cluiche ceannais Chúige Uladh an cluiche mór club is cothroime an deireadh seachtaine seo agus Sleacht Néill mar rogha na coitiantachta ar éigean in aghaidh Dhún Lathaí

Údar mór iontais a bheadh ann mura mbeadh an lá le Baile Gunnair agus Baile Héil

Bhí dhá cluiche leathcheannais againn i gCúige Mumhan a bhí thar a bheith taitneamhach coicís ó shin. Sa chéad cheann bhí cuid mhaith den ádh ar na buaiteoirí Baile Aodha agus murach taispeántas Tony Kelly sa dara leath, tá gach seans gurbh iad Cumann Barra a bheadh mar íobairt ag Baile Gunnair um thráthnóna.

Sa dara cluiche thug Baile Gunnair taispeántas tomhaiste snasta chun foireann láidir, Na Piarsaigh, a chur de dhroim seoil. Bhí an cluiche seo ar ardchaighdeán agus go luath sa chluiche bhí comharthaí ann go raibh na Piarsaigh chun an ceann is fearr a fháil sách bog ar ionadaithe na nDéise. Ach léirigh imreoirí Bhaile Gunnair tréithe thar a bheith dearfach agus d’fhan siad dílis don phlean. Tá córas imeartha acu agus cloíonn siad leis. Chonaiceamar é sin go minic anuraidh.

Seo sampla d’fhoireann atá eagraithe, a bhfuil muinín acu iontu féin agus iad an-aontaithe mar ghrúpa. Bhíodar cúig chúilín chun deiridh ag leath ama i gcoinne na bPiarsach agus cúig cinn chun tosaigh ag an bhfeadóg dheiridh. Bhí 2-11 ar chlár na scór ag na Piarsaigh ag leath ama agus 2-15 ag an deireadh. Sin athrú ó bhonn duit agus sampla eile den mhianach agus an tallann atá i mBaile Gunnair. Tugadh isteach laoch scórála chraobh na hÉireann Harry Ruddle do na trí nóiméad deireanach. Léargas eile ar an rogha iontach atá acu nach féidir leis siúd áit bhuan a fháil ar an fhoireann chaithréimeach seo.

Tá dúshlán mór mar sin roimh Bhaile Aodha i Staid Semple tráthnóna. Cinnte tá taithí acu agus tá Tony Kelly acu, ach tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil chun Bhaile Gunnair a chloí. Anuraidh d’imríodar i gcoinne a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan agus chaill Baile Aodha. Agus iad d’uireasa TK, tugadh greadadh dóibh agus bhí farasbarr 17 pointe ag foireann na nDéise.

Roimhe sin chasadar ar a chéile in 2018 agus coimhlint dhian chothrom a bhí ansin a chuaigh go dtí am breise. Ní raibh ach trí chúilín le spáráil ag Baile Gunnair.

Ach bunaithe ar an méid atá feicthe agam go dtí seo i mbliana beidh ionadh orm inniu mura mbíonn bua slachtmhar go leor ag Baile Gunnair.

Amárach beidh an t-aicsean ar siúl i gceanncheathrú CLG agus cluichí ceannais peile agus iomána Chúige Laighean ar siúl. Beidh Crócaigh Chill Mochuda ag imirt sa dá chluiche. Is iontach an t-éacht é don chlub ó cheantar Stigh Lorgan. Níl ach imreoir amháin ar an dá phainéal, Brian Sheehy a tháinig isteach mar ionadaí sa chluiche leathcheannais peile agus a d’imir an cluiche leathcheannais iománaíochta ar fad seachtain ó sin.

Sa chluiche sin bhí Cill Mochuda i bhfad rómhaith do Naomh Moiling Cheatharlach agus bhí Oisín O’Rourke, Fergal Whitely, Ronan Hayes agus Dara Purcell ar fheabhas. Dar ndóigh tá an -spiorad agus muinín sa chlub agus cabhróidh sin go mór leis na hiománaithe. Ach caithfidh siad an ‘Cluiche A’ atá acu a imirt agus iad i gcoinne ríthe an chúige, Baile Héil, atá ag súil lena 12ú craobh Laighean a bhuachan. Bhíodar mall go leor ag tosú amach ina gcluiche leathcheannais i gcoinne Nás na Rí agus iad chun deiridh 0-2 in aghaidh 1-5 agus an chéad ceathrú imeartha.

Ach diaidh ar ndiaidh rinne siad teacht aniar sa chluiche sin agus bhí siad cúilín amháin chun tosaigh ag an mbriseadh. Chríochnaíodar agus farasbarr dhá chúilín acu. Rogha láidir na coitiantachta iad do chluiche ceannais an lae amárach. Tá an fhoireann breac le réalta idirchontae agus iad lán le taithí. Tá siad 1/8 ag na gheallghlacadóirí agus tá Baile Gunnair ag 1/7 do chraobh na Mumhan.

Ó thuaidh tá rudaí níos cothroime agus na seaimpíní Sleacht Néill mar rogha na coitiantachta, ar éigean. Ní bhfaighidh foireann Dhoire aon rud éasca ó Dhún Lathaí, seaimpíní Aontroma don cheathrú bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Údar mór iontais a bheadh ann mura mbeadh an lá le Baile Gunnair agus Baile Héil'