Údar mór díomá é nach mbíonn seans ag gach páiste triail a bhaint as an iomáint

Tá mórán fadhbanna ag an iománaíocht atá gan réiteach le fada fada an lá

Údar mór díomá é nach mbíonn seans ag gach páiste triail a bhaint as an iomáint

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tamall de bhlianta ó shin, bhuel mórán blianta ó shin, tugadh isteach Timmy McCarthy chuig iománaithe Naomh Fionnbarra i gCorcaigh chun traenáil fhisiciúil (S agus C, nó cóitseáil nirt agus aclaithe a ghlaoitear air anois) a dhéanamh leis an bhfoireann ag tosach an tséasúir. Ag an am bhí Timmy mar chaptaen ar fhoireann cispheile na hÉireann.

Ní raibh aon easpa cainte ag baint leis agus é breá ábalta a bheith ag síormhagadh faoin méid beag contaetha ina bhfuil an iomáint láidir.  Agus nach é a bhí ceart?

Sin daichead bliain ó shin agus chun a bheith fírinneach faoi, níl mórán athraithe ó shin. Tá tuairim is leathdhosaen contaetha a mbíonn seans éigin acu craobh shinsir na hÉireann a bhuachan (contae amháin atá i gceist faoi láthair, a deir tú!).

Timpeall trí chontae eile atá ann ar fiú iad a lua sa ‘chomhrá’ ag tosach na craoibhe.

Bhíodh Timmy den tuairim gur beag ábhar ceiliúrtha é ag contae an phríomhdhuais a bhuachan agus gan ach sé contae san iomaíocht di i ndáiríre. An ceart agat arís, a Timmy.

Léigh mé agallamh le déanaí le hiarbhainisteoir Loch Garman, Liam Griffin, a bhí i bhfeighil an chontae nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann. Ba é an ceannteideal a bhí ar an bpíosa ná ‘Ní fhéadfainn a rá go bhfuil mórán dul chun cinn déanta san iomáint le linn mo shaolsa.’

Tá mórán taighde déanta ag Liam agus ag an bpointe seo dá shaol údar díomá dó nach bhfuil seans ag páistí ar fud na tíre ar a laghad triail a bhaint as an iomáint.

Tá moladh déanta ag a chlub, Naomh Muire Ros Láir, a chuirfidh sé faoi bhráid Chomhdháil Bhliantúil CLG i mí Feabhra. Tá siad ag moladh go mbeadh, ar a laghad, foireann amháin iomána faoi seacht nó faoi naoi ag gach club sa tír chun imirt sa chomórtas Go Games.

Is é bun agus barr an mholta ná go mbeadh seans ag gach páiste sa tír iomáint a fhoghlaim go luath ina shaol.

Deir Griffin gur maslach an rud é nach bhfaigheann tromlach mór páistí na tíre aon seans ceann dár gcluichí náisiúnta a fhoghlaim. Luaigh sé An Nás mar shampla de chlub go bhfuil an-dul chun cinn déanta acu le blianta beaga anuas.

Ag an deireadh seachtaine chuala díospóireacht shuimiúil ar Newstalk faoin mbliain nua spóirt. Bhí an t-iriseoir Roy Curtis buartha faoi cé chomh mór is a bhíonn smacht ag bainisteoirí idirchontae ar shaol na n-imreoirí agus gan gíog ná míog astu i rith an tséasúir.

Ceapann sé go bhfuil i bhfad níos mó margaíochta agus bolscaireachta ag teastáil chun níos mó páistí a mhealladh i dtreo na gcluichí Gaelacha. Toisc an séasúr idirchontae a bheith chomh gairid is atá agus toisc nach mbíonn imreoirí le feiceáil puinn ar na meáin, síltear dochar a bheith á dhéanamh do thodhchaí na gcluichí.

Luaigh Curtis freisin go bhfuil tuairim is 50 cluiche imeartha ar fad ag Manchester United agus Liverpool (agus an chuid is mó acu ar an teilifís), ó chríochnaigh an séasúr idirchontae.

Luaigh sé freisin go bhfuil suas le 30 cluiche ar fad imeartha ag foirne rugbaí Chúige Laighean agus Chúige Mumhan sa tréimhse chéanna agus bhí cuid mhaith díobh sin ar an teilifís freisin.

Cinnte tá cuid mhaith den fhírinne ag McCarthy, Griffin agus Curtis.

Tá fadhbanna agus dúshláin ann.

Ach pé áit a bhfuil leigheas an scéil ní féidir linn aon chuid den mhilleán a chur ar Nemeton na Rinne ná TG4 agus an méid cluichí Gaelacha a chuireann siad ar fáil dúinn gach bliain. Inniu beidh deis againn cluichí ceannais sóisir agus idirmheánach na hÉireann a fheiceáil. Agus nach iontach an phribhléid é d’fhoirne sóisir Bhaile Ghiblín (Corcaigh) agus Iascaí (Sligeach) agus d’fhoirne idirmheánacha Mhóin an Lín (Luimneach) agus an Tuairín (Maigh Eo) agus iad go léir ag iarraidh gaisce stairiúil a dhéanamh i gceanncheathrú CLG.

Déarfainn go dtabharfadh bua d’Iascaigh nó don Tuairín an-spreagadh don iomáint sa dá chontae ‘lag’ san.

Fág freagra ar 'Údar mór díomá é nach mbíonn seans ag gach páiste triail a bhaint as an iomáint'

  • Pádraig

    Rinne an CLG obair iontach nuair a rinne siad go leor infheistíocht san Iomaint i mBÁC agus tháinig borradh ar an Iomáint ansin. Cén fath ní feidir leo an rud céanna a dheanamh in Aointroim, Laois, An Iarmhí srl?