Údar ‘misnigh’ do SAM an laghdú ar líon na gcásanna nua sa Spáinn agus san Iodáil

Meastar go bhfuil ag éirí leis na beartais dianghlasála a thug tíortha san Eoraip isteach chun bac a chur le scaipeadh an víris mharfaigh

Údar ‘misnigh’ do SAM an laghdú ar líon na gcásanna nua sa Spáinn agus san Iodáil

Táthar ag éirí níos dóchasaí go bhfuil a lorg á fhágáil ag na beartais dianghlasála san Eoraip ar scaipeadh an víris mharfaigh Covid-19, in ainneoin méadú ar líon na mbásanna a fógraíodh san Iodáil inniu.

Fógraíodh inniu go bhfuair 636 duine eile bás san Iodáil, 111 níos mó ná líon na mbásanna a tuairiscíodh inné.

Ba lú, áfach,  an t-ardú (2%) ar líon na gcásanna nua a fógraíodh inniu ná aon lá eile ón 30 Márta.

Chomh maith leis sin, tháinig laghdú don tríú lá as a chéile ar líon na ndaoine a bhí i leabaí in aonaid dianchúraim na hIodáile.

16,523 duine atá curtha den saol san Iodáil ag an bpaindéim.

Sa Spáinn tháinig laghdú ar líon na gcásanna nua don cheathrú lá as a chéile agus tháinig laghdú ar líon na mbásanna don tríú lá as chéile.

4,273 cás nua den choróinvíreas a d’fhógair údaráis na Spáinne Dé Luain, i gcomparáid le breis is 6,000 cás nua Dé Domhnaigh agus breis is 7,000 Dé Sathairn.

Tá líon mór daoine fós ag fáil bháis de thoradh na paindéime sa Spáinn ach tá laghdú ag teacht ar an líon sin faoi dheireadh chomh maith. 637 bás a fógraíodh inniu, i gcomparáid le 674 Dé Domhnaigh agus 809 Dé Sathairn.

Inniu an t-ardú is lú i líon na mbásanna sa Spáinn ón 24 Márta.

De réir  údaráis sláinte na Fraince tá laghdú ag teacht ar líon na ndaoine ar gá iad a chur san ospidéil de bharr an ghalair.

Tá os cionn 50,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas san Eoraip, a bhformhór san Iodáil, sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa Bhreatain.

Ach táthar ag féachaint anois i Meiriceá ar an bhfeabhas a shíltear atá ag teacht ar chás na hEorpa mar údar misnigh.

Tá nach mór 10,000 duine a bhí buailte ag Covid-19 básaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus is ann atá an líon is mó cásanna deimhnithe ar domhan.

Dúirt an Dr Deborah Birx, atá i bhfeighil iarracht an Tí Bháin dul i ngleic leis an bpaindéim, go raibh an feabhas a bhí tagtha ar chúrsaí san Iodáil agus sa Spáinn “ag cothú misnigh maidir le cad a d’fhéadfadh tarlú anseo”.

Dúirt Máinlia Ginearálta SAM go mbeadh an tseachtain seo ar an gceann is “crua agus is brónaí” a bheadh ag mórán daoine sa tír lena saol. “Seo é ár Pearl Harbor, ár 9/11,” arsa Jerome Adams, Máinlia Ginearálta SAM.

Idir an dá linn, ba í an Ostair an chéad tír san Eoraip a d’fhógair plean chun na srianta a tugadh isteach chun an víreas a chur faoi chois a dhéanamh níos boige. Osclófar roinnt siopaí sa tír sin an tseachtain seo chugainn.

Fógraíodh sa Spáinn féin, an dara tír is measa atá buailte i ndiaidh na hIodáile, go gcuirfí tús le plean olltástála chun tástáil níos forleithne a dhéanamh i measc an phobail agus go gcuimhneofaí ina dhiaidh sin ar na srianta a dhéanamh níos boige de réir a chéile.  

De réir phlean rúnda de chuid Rialtas na Gearmáine, a bhfuil cóip de feicthe ag Reuters, chuirfí roinnt beartas nua i bhfeidhm ach a mbeadh deireadh leis an dianghlasáil ar an 19 Aibreáin.

I measc na mbeartas atá molta sa phlean, tá go mbeadh iachall ar dhaoine mascanna a chaitheamh taobh amuigh agus go mbeadh srian le líon na ndaoine a mbeadh cead acu cruinniú le chéile. Dhéanfaí cuardach gasta chomh maith ar theagmhálaithe othar nua.

De réir an phlean, de réir mar a  choimeádfadh na beartais nua líon na ndaoine eile a tholgann an galar ó aon othar amháin faoi bhun duine amháin, bheifí ag fáil réidh leis na srianta diaidh ar ndiaidh, ag oscailt scoileanna agus ag maolú srianta taistil. 

Chun go n-oibreodh an plean, chaithfí córas a thabhairt isteach a thiocfadh ar 80% de theagmhálaithe othar nua taobh istigh de 24 uair an chloig.

Dúirt Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel tráthnóna, áfach, go raibh sé “róluath” a bheith ag trácht ar shrianta a dhéanamh níos boige.

Dúirt Merkel chomh maith inniu gurb í an phaindéim Covid-19 “an dúshlán is mó roimh an Aontas Eorpach ó bunaíodh é”. Gheall sí go ndéanfadh an Ghearmáin “a cion” chun teacht i gcabhair ar an aontas.

Sa Fhrainc, dúirt an t-aire airgeadais Bruno Le Maire inniu go raibh an cúlú eacnamaíochta is measa ó tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda i ndán don tír.

Tuairiscíodh i Sasana gur go “compordach” a chaith Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson an oíche aréir san ospidéal. Dúradh go raibh “spion maith” air agus go bhfuil sé fós ag déanamh obair cheannaire an rialtais. Coimeádfar san ospidéal é chun súil a choimeád air, a dúradh.

Tugadh Príomh-Aire na Breataine chun an ospidéil inné toisc go raibh sé fós ag fulaingt siomptóim Covid-19 i ndiaidh dó seachtain a thabhairt á leithlisiú féin i Sráid Downing.

Fág freagra ar 'Údar ‘misnigh’ do SAM an laghdú ar líon na gcásanna nua sa Spáinn agus san Iodáil'