Seachtain ó shin d’fhógair aire sláinte Stormont agus an chéad-aire agus leaschéad-aire Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly go gcuirfí tús láithreach leis an obair thógála ar ospidéal na leanaí.
Beidh sé ar champas an RVH, ospidéal na banríona Victoria in iarthar Bhéal Feirste taobh leis an ospidéal máithreachais. Beidh sé in ann freastal ar 45,000 páiste sa bhliain. Beidh 155 leaba ann, an chuid is mó acu i seomraí singile le seomraí folctha en suite.10 n-obrádlann agus aonad éigeandála. Beidh áiseanna spraoi agus foghlama sna bardaí agus spás do thuismitheoirí agus do na hoibrithe.
Dea-scéal gan dabht. Tá géarghá le hospidéal leanaí nua-aoiseach. Ach má bhí fáilte an phobail níos patuaire ná mar a cheapfaí a bheadh sí, cé a thógfadh orthu é? Bhí an t-ospidéal in ainm is a bheith faoi réir lena oscailt in 2020. Moladh é i dtosach in 2013 agus é áirithe go gcosnódh sé £233 milliún (os cionn €280 milliún).
Ní nach ionadh tá praghas ar an mhoill, méadú £450 milliún. Anois tá £671 milliún (€810 milliún) ceadaithe mar chaiteachas iomlán agus £389 milliún de sin luaite leis an obair thógála. Is iad Graham-Bam na tógálaithe, páirtnéireacht idir Graham, comhlacht mór áitiúil, agus Bam, an grúpa atá ag tógáil ospidéal na leanaí i mBaile Átha Cliath.
Tá sé i gceist go dtógfaidh an obair thógála cúig bliana agus go n-osclófar an t-ospidéal in 2030. Táthar ag súil nach mbeidh moill ar an togra mar a bhí ar ospidéil na leanaí i mBaile Átha Cliath agus i nDún Éideann. Níos gaire do bhaile tá go leor le déanamh chun botúin a rinneadh leis an ospidéal máithreachais ar láthair an RVH a sheachaint. ‘Ollphraiseach’ a thug teachtaí Tionóil ar na fadhbanna leis an togra sin atá 10 mbliana mall agus gan é faoi réir fós.
Nuair a bhí an cinneadh á fhógairt go rabhthas ag cur tús le tógáil ospidéal na leanaí, dúirt Mike Nesbitt go raibh treoir tugtha aige d’fheidhmeannaigh san roinn sláinte ceachtanna a fhoghlaim ó chás an ospidéil mháithreachais. Bhí údar maith le fainic agus gá le beartais chosanta.
Ní hamháin nach bhfuil a fhios cathain a bheidh an t-ospidéal máithreachais oiriúnach dá fheidhm ach is cosúil go gcosnóidh sé na milliúin punt chun fadhbanna a aithníodh anuraidh a chur ina gceart. Frítheadh an baictéar pseudomonas sa chóras uisce an samhradh seo caite agus admhaíodh go mbeadh costas mór lena chur i gceart.
Ina theannta sin bhí seilbh glactha ag na húdaráis sláinte, Iontaobhas Bhéal Feirste, ar an bhfoirgneamh ó na conraitheoirí sular aithníodh an fhadhb leis an tríú cuid den soláthar uisce (459 píopa). Níos deireanaí, i mí na Samhna seo caite, aithníodh fadhb i bpíobáin gháis freisin. Cé a bhí freagrach as glacadh leis an bhfoirgneamh gan fabhtanna a bheith aitheanta ná caoi curtha orthu? Bhí an t-aire sláinte Mike Nesbitt ar buile agus polaiteoirí ag éileamh freagraí ón Iontaobhas.
Mar iarracht chun míshuaimhneas faoin todhchaí a mhaolú dúirt Oifig an Fheidhmeannais (oifig an chéad-aire agus an leaschéad-aire mar a bhíodh) go bhfuil stiúrthóir nua ar fhorbairt straitéiseach ag Iontaobhas Bhéal Feirste anois a bheidh freagrach as togra ospidéal na leanaí. Gealladh go ndéanfadh an roinn sláinte maoirseacht ar an togra freisin, i gcomhairle leis an gconraitheoir agus an tIontaobhas.
Deir saineolaithe gur annamh a thógtar ospidéal nua-aoiseach nach méadaíonn an costas le linn na tógála. Déantar forbairt ar threalamh agus méadaíonn costas foirgníochta is pá. Ní hionann agus aicíd thógálach, cheapfá go mbeadh plean teagmhais sa chuntas ón tús chun moill agus róchaiteachas a sheachaint. I bhfianaise a bhfuil feicthe le formhór na dtograí a bhaineann le hospidéil beidh maoirseacht ghéarshúileach riachtanach.
Fág freagra ar 'Údar maith le fainic faoi ospidéal leanaí'