Údar machnaimh ag Corcaigh, an Clár agus Luimneach

Beidh an-díomá ar fhoirne éagsúla faoi na taispeáintais a thug siad uathu le linn 2015

Davy Fitzgerald agus Jimmy Barry Murphy. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Davy Fitzgerald agus Jimmy Barry Murphy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá deireadh déanta ag na foirne idirchontae agus ní fada anois go mbeimid ag caint faoi 2016 agus ag féachaint chun cinn ar na tarraingtí dos na cluichí cúige.

Ach roimhe sin, b’fhiú dúinn súil a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana atá díreach thart.

Dar ndóigh, ní bhíonn ach buaiteoir amháin i ngach comórtas agus tá ainm Cill Chainnigh greanta i gCorn Mhic Cárthaigh arís i mbliana.

Ach tá cúpla contae agus an-díomá ar a lucht leanta faoina gcuid taispeántas. Ar bharr an liosta sin, i mo thuairimse, tá contae an Chláir. Ní hamháin gur chailleadar luath go maith sa chomórtas ach chailleadar amach, díreach mar a rinneadar anuraidh, gan aon taispéantas le dealramh a thabhairt uathu.

Leis an méid atá buaite acu faoi-21, caithfidh go bhfuil neart imreoirí sa chontae ata ábalta do chaighdeán na sinsear. Ta daoine sa chontae ag gearán faoin mbainisteoir Davy FitzGerald agus an ceart san acu. Dhein sé éacht in 2013 le foireann an-óg agus bhí súil ag daoine go mbainfeadh a chuid imreoirí an bonn de Chill Chainnigh. Níl sé sin déanta.

Agus ní hamháin sé déanta ach is cosúil gur chun donais atá an fhoireann imithe. Níl aon dabht ach go bhfuil imreoirí maithe sa chontae, ach níl an lucht bainistíochta ag fáil a ndóthain astu. B’fhéidir go bhfuil sé in am ag an mbainisteoir a stíl a athrú agus iarracht a dhéanamh ar shlí eile a úsáid chun na ba a thabhairt thar abhainn.

Caithfidh nach bhfuil na comharsain béaldorais Luimneach róshásta leo féin ach an oiread chomh fada is a bhaineann sé le grád na sinsear. Thit an tóin astu ar fad i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Ach tá cuid mhaith imreoirí óga tar éis a thaispeáint sa ghrád faoi-21 go bhfuil siad beagnach ullamh chun an chéad chéim eile a thabhairt. Cad é mar fheachtas a bhí acu sa ghrád sin i mbliana, bua a bhí ag teastáil go géar sa chontae. Ach bhíodar ann cheana le trí fhoireann bhuacacha i ndiaidh a chéile agus fós níor éirigh leo an corn sinsear a thabhairt leo.

Críoch dhíomách a bhí ar an mbliain dos na Corcaígh freisin, dála na bliana anuraidh. Dar ndóigh, ina dhiaidh sin, d’fhógair an bainisteoir Jimmy Barry Murphy go raibh a rás rite aige leis an bhfoireann. Tá mórán cainte agus gearán déanta faoi na peileadóirí agus na hiománaithe anseo cois Laoi agus ní inniu ná inné a thosnaigh an ‘díospóireacht’ sin. Níl aon dabht ach go bhfuil an aiséirí tosnaithe, mar a léirigh na torthaí sna comórtaisí iomána faoi 14, 15, 16, 17 le déanaí agus Corcaigh buacach ins gach aoisghrúpa.

Ainmneofar bainisteoirí na foirne sinsear sara i bhfad, leis. Tá an-suim ag daoine sa phróiseas seo agus mórán ainmneacha luaite. Tá ualach mór oibre agus cuid mhaith struis agus fuirste ag baint leis an bpost seo, gan bheith ag caint faoi choirn a bhuachan. Ach pé daoine a roghnófar, beidh an lucht leanta ag súil le níos mó ós na foirne.

Contae eile atá ar an liosta againn ná Baile Átha Cliath. Tá bliain déanta acu anois faoi stiúir Ger Cunningham agus iad fós mórán mar a bhí siad in 2014. An fhadhb is mó atá acu i láthair na huaire ná an méid imreoirí maithe a dhéanann cinneadh dul le peileadóirí an chontae agus tuigimid go léir cén fáth.

 

Ach caithfidh Ger obair leis na himreoiri atá aige agus i bhfad níos mó a fháil uathu.

Déanfaidh mé iarracht scrudú a dhéanamh ar na foirne eile an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Údar machnaimh ag Corcaigh, an Clár agus Luimneach'

  • cormac

    Ni hionann a bheith buacach faoi 21 no fena bhun sin agus imreoiri maithe sinsearacha a fhail mar a leiriodh sna contaetha sin inar tharla a leitheid; An Clar;Luimneach agus an Ghaillimh go hairithe. Ni hionann broimichin gioballach buacach agus capaillin cumasach buacach. Faightear abhar airithe imreoiri a theann chun cinn agus an miotal ceart iontu ach ta i bhfad Eireann nios mo i dtreis agus ag teastail chun foireann mhaith sinsear a shniomh agus a chniotail le cheile. Ta an cheard sin go paiteanta ag Co-Dia agus na Cait tri cheile, spailpini is ea an chuid eile againn.