Údar iontais ar bith i leabhar faoin tacaíocht a tugadh do na Sealadaigh ó dheas

D’úsáid an PIRA na tuairimí agus coincheapanna stairiúla céanna is a d’úsáidtí i bPoblacht na hÉireann féin chun an foréigean réabhlóideach a mhíniú

Údar iontais ar bith i leabhar faoin tacaíocht a tugadh do na Sealadaigh ó dheas

A Broad Church: The Provisional IRA in the Republic of Ireland, 1969-1980, le Gearóid Ó Faoleán (Baile Átha Cliath: Merrion Press, 2019; pp. 234).

Maíonn údar an leabhair lochtaigh seo gur “groundbreaking book” atá ann, leabhar a léiríonn den chéad uair méid na tacaíochta a thug Poblacht na hÉireann do na Sealadaigh ó thús an fheachtais mhíleata acu i 1969. Ach níor chóir go gcuirfeadh príomháiteamh an leabhair ionadh ar éinne. Is léir do chách go raibh dlúthbhaint ag an Stát s’againne le maoiniú PIRA ós na blianta a chaith Charles Haughey ina aire airgeadais sna seascaidí.

D’úsáid an PIRA na tuairimí agus coincheapanna stairiúla céanna is a d’úsáidtí i bPoblacht na hÉireann féin chun an foréigean réabhlóideach a mhíniú agus a thacú. Is léir sin mar shampla ón gcás cúirte, Finucane v McMahon  i 1990, cás inar dhearbhaigh an Breitheamh Brian Walsh sa Chúirt Uachtarach nárbh iarracht ar ionsaí a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann a bhí ar bun ag an an PIRA lena gcuid dúnmharuithe i dTuaisceart Éireann ós rud é gur “cionta polaitiúla” na dúnmharuithe sin ó thaobh an Achta um Eiseachadadh de:

the Court cannot draw the inference that it was the intention of the Oireachtas that the provisions relating to the political exemption of the Act of 1965 should not apply to persons charged with politically motivated offences of violence when the objective of such offences was to secure the ultimate unity of the country.

Cé nach bhfuil príomh-argóint an leabhair seo suaithinseach ar aon bhealach, déanann an t-údar tagairt d’eachtraí staire suimiúla. Bhuail ceannairí PIRA le Tom Barry i 1969 agus thug sé a bheannacht don fheachtas míleata nua acu. Bhí an Taoiseach Jack Lynch ar tí imtheorannú a thabhairt isteach sa Phoblacht i 1969-70.

De réir dealraimh, bhí fearg ar vótóirí Fhine Gael fiú nuair a dhiúltaigh an Taoiseach Liam Cosgrave cead a thabhairt do mhuintir Frank Stagg, óglach a chuir lámh ina bhás féin ar stailc ocrais sa Bhreatain, sochraid a eagrú dó i reilig phoblachtánach i mBéal an Átha i Maigh Eo. (Chuir Cosgrave uaigh ar fáil in áit eile dó, agus líon sé í le coincréit.)

Nuair a dhearbhaigh Rialtas Cosgrave go gcaillfeadh státseirbhísigh a bpostanna agus a bpinsin stáit dá mbeidís i láthair ag comóradh de chuid Shinn Féin, dhiúltaigh David Thornley TD cloí leis an dlí. Gearradh fíneáil air, agus dúirt sé go poiblí nach n-aithneodh sé an Chúirt Choiriúil Speisialta dá dtabharfaí os comhar na cúirte sin é. De réir duine de na daoine a thug agallamh don údar, bhí bá de shaghas éigin ag Cearbhall Ó Dálaigh leis na hóglaigh nuair a bhí sé ina Uachtarán ar an bPoblacht. Dhiúltaigh an tUachtarán Ó Dálaigh an bille slándála a ritheadh tar éis fheallmharú an ambasadóra, Christopher Ewart Biggs, a shíniú agus chuir sé an bille faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.

Dúirt an poblachtánach as Ciarraí Mai Dálaigh leis an údar gur bhuail sí le hÓ Dálaigh tar éis dó éirí as oifig i 1976, agus thug an t-iar-uachtarán míniú di mar gheall ar an mbille slándála sin. Cuireadh deartháir poblachtánach na mná seo, Charlie, chun báis le linn Chogadh na gCarad. “As one Ó Dálaigh to another, I am to congratulate you on the stand you took,” a dúirt sí leis an iar-uachtarán. “Cearbhall Ó Dálaigh immediately responded: ‘I did it for Charlie and his brothers; you can’t beat Kerry’.” (I nDún na nGall a cuireadh chun báis é). Níor thuig mórán daoine sa Phoblacht céard a bhí á phleanáil ag PIRA le linn na mblianta sin, ná níor tuigeadh go n-úsáidfeadh na hóglaigh nua ón tuaisceart foréigean a bhí i bhfad níos brúidiúla ná an foréigean a úsáideadh idir 1919-23.

Sin an t-aon ábhar iontais amháin sa leabhar seo.           

Fág freagra ar 'Údar iontais ar bith i leabhar faoin tacaíocht a tugadh do na Sealadaigh ó dheas'