Bhí suim againn i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh le trí bliana anuas agus cé gur theip ar Chúige Laighean greim a fháil ar an gcorn i gceann amháin féin de na trí chluiche ceannais a d’imir siad, bhí an tír lán gliondair agus dóchais.
B’in roimh thús na gcluichí!
Ach i mbliana fuair Cúige Laighean, rogha na coitiantachta le greim a fháil ar a gcúigiú craobh Eorpach, bata agus bóthar as an gcomórtas sna babhtaí leathcheannais, toradh a bhain preab as domhan an rugbaí.
Ní féidir a shéanadh ach gurb iad Cúige Laighean féin ba chúis leis an tubaiste sin.
Idir shotal fhoireann bainistíochta Laighean ag léiriú dímheas ar an bhfreasúra, Northampton, is iad ag roghnú imreoirí dara rogha le tús a chur leis an gcluiche agus lag-iarracht imreoirí a bhí ar an bpáirc, is cinnte go raibh an cic sa tóin a fuair siad tuillte ag Cúige Laighean.
Agus muid ag druidim anois le deireadh an tséasúir agus gan ach trí bhabhta den URC fós le n-imirt, tá an comhrá maidir le drochshéasúr rugbaí na tíre seo tosaithe cheana féin.
Chríochnaigh muid sa tríú háit ar thábla na Sé Náisiún agus theip ar Chúige Uladh agus ar Chúige Connacht áit a fháil i gcomórtas Chorn na gCuradh don séasúr seo chugainn.
Bhí ar na Muimhnigh dul domhain sa bpóca agus tarraingt go tréan ar na maidí chun an mí-ádh céanna a sheachaint an deireadh seachtaine seo caite agus iad i gcoinne Benetton i gCorcaigh.
Is fiú a lua freisin go raibh muid den tuairim le cúpla séasúr go raibh caighdeán imeartha an URC i bhfad chun cinn ar an Gallagher Premiership. Bhuel is foirne ón gcomórtas sin agus ó Top 14 na Fraince atá san iomaíocht don dá chomórtas Eorpach, Corn na gCuradh agus Corn an Dúshláin, an deireadh seachtaine seo.
Tá drogall orm an téarma cruachás a úsáid ach tá neart cúis chainte agus údar imní, b’fhéidir, againn maidir le stádas rugbaí na tíre seo faoi láthair.
Maidir le cluichí an deireadh seachtaine seo, más fút toradh chluiche na hoíche anocht i gCaerdydd idir Bath agus Lyon sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, a thuar, seans gurbh fhiú súil a chaitheamh ar tháblaí chomórtais inmheánacha Shasana agus na Fraince. Bath atá ar bharr an Gallagher Premiership agus iad faoi stiúir iarchóitseálaí na Mumhan Johann Van Graan. Níl Lyon ach san aonú háit déag sa Top 14 faoi láthair.
B’fhéidir go bhfuil leid ansin.
Amárach sa gcluiche mór, Corn na gCuradh, beidh Northampton, foireann a bhuail Cúige Laighean sa gcluiche leathceannais, ar thóir a ndara craobh agus iad i gcoinne Bordeaux na Fraince.
Bhuail Northampton Cúige Mumhan 9-8 sa gcraobh in 2000 agus is sa seachtú háit ar an Gallagher Premiership atá siad suite faoi láthair. Tá Bordeaux sa dara háit ar an Top 14, agus is iad a bhuail na curaidh reatha, Toulouse. Dála an scéil, tá na geallghlacadóirí ag tuar bua do Bordeaux.
Rinne siad an tuar céanna i gcás Chúige Laighean sa gcluiche leathceannais agus chonaic muid céard a thit amach sa gcluiche sin!
Seans go mbeidh go leor ón tír seo ag tacú le Bordeaux mar gur leo atá Joey Carbery as Áth Í i gContae Chill Dara ag imirt agus tá Noel McNamara Chontae an Chláir ar dhuine de na cóitseálaithe cúnta atá acu.
Tá mise freisin ag tuar go n-éireoidh le foireann na Fraince greim a fháil ar an gcorn agus iad ag imirt den chéad uair sa gcraobhchluiche.
Fág freagra ar 'Údar imní é nach bhfuil foireann ón tír seo ag dul chun páirce sna cluichí ceannais Eorpacha'