‘Údar dóchais gur bhuail mé inniu le Michelle O’Neill agus Diane Dodds le chéile’ – Michel Barnier i mBéal Feirste

Imeacht na Breataine agus ceist na teorann a bhí faoi chaibidil ag Michel Barnier agus é ar cuairt ar Bhéal Feirste cúpla lá roimh an mBreatimeacht

‘Údar dóchais gur bhuail mé inniu le Michelle O’Neill agus Diane Dodds le chéile’ – Michel Barnier i mBéal Feirste

Michel Barnier. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Is ar thuaisceart na hÉireann is mó a bheidh tionchar ag an Bhreatimeacht, dar le Michel Barnier agus é ag tabhairt léachta in Ollscoil na Ríona an tseachtain seo.

Seo an uair dheireanach a bheidh aige le labhairt i mBéal Feirste agus an chathair sin fós ina cuid den Aontais Eorpach.

Anocht ag 11pm a thiocfaidh an Breatimeacht i bhfeidhm.

Dúirt sé gurbh í sin a thríú cuairt ar an tuaisceart mar Phríomh-Idirbheartaí an Tascfhórsa um Chaidrimh leis an Ríocht Aontaithe agus go raibh dáimh ar leith aige le pobal na háite.

“Tá mé cinnte gur cuimhin le ‘Rural Women’s Network’ Thuaisceart Éireann i nDún Geanainn a chorraithe is a bhí mé,” ar sé. “Cluinim a gcuid focal go fóill – ‘never again, never again’, ar siad.”

Dúirt sé gurb é tuaisceart na hÉireann an limistéar is measa a bheidh buailte ag an Bhreatimeacht, ach chonacthas dó go raibh ábhar éigin dóchais ann.

“Cé gur bhuail mé le ceannairí Thuaisceart Éireann le trí bliana anuas, bhuail mé leis na páirtithe ina n-aonar, níor bhuail mé leo le chéile.

“Inniu, áfach, bhuail mé le Michelle O’Neill agus le Diane Dodds le chéile. Ní féidir Comhaontú Aoine an Chéasta a cheiliúradh minic go leor,” ar sé.

Dúirt an tUasal Barnier go riabh an prótacal a bhain le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann sa mhargadh imeachta thar a bheith casta – ach go raibh sé ag oibriú.

“Ligeann sé don tuaisceart fanacht i limistéar custam na Ríochta Aontaithe agus, ag an am céanna, beidh rochtain aige ar an Mhargadh Aonair, gan táillí, gan cuótaí, gan seiceálacha ná rialuithe.”

Thug an tUasal Barnier dóchas do shaoránaigh an tuaiscirt a bhfuil náisiúntacht Éireannach acu.

“Cé nach cuid den Aontas Eorpach níos mó é Tuaisceart Éireann, na daoine sin a rugadh agus a tógadh anseo a roghnaíonn gur saoránaigh Éireannacha iad, beidh siad ina saoránaigh den Aontas Eorpach chomh maith,” ar sé.

“Ciallaíonn sé sin go mbeidh cead acu cur fúthu nó bogadh thart taobh istigh den Aontas Eorpach.

“Tá geallta ag an Ríocht Aontaithe go gcosnófar a gcearta.

“Ní féidir leatrom a dhéanamh orthu mar gheall ar a náisiúntacht.

“Déanfaidh an Coimisiún cinnte de go gcomhlíonfaidh gach ceann de na 27 ballstát a gcoimitmint,” ar sé.

Agus bhí dea-scéal aige dóibh sin a bhí buartha faoi na cistí a bhíodh ar fáil do thograí síochána agus athmhuintearais ó thuaidh.

“Ní thiontóidh an tAontas Eorpach a dhroim ar Thuaisceart Éireann cé go bhfuil sé ag imeacht as an Aontas.

“Rachaidh an clár PEACE, an clár a raibh mise freagrach as ó bhí 1995 ann, rachaidh sé sin ar aghaidh.

“Bunaíodh an clár le síocháin agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, chomh maith leis an fhorbairt eacnamaíoch i dTuaisceart Éireann agus sna ceantair cois Teorann.

“Thig libh leanstan ar aghaidh ag brath ar an tacaíocht sin,” a gheall Barnier.

Maidir le cur chuige an Aontais san idirbheartaíocht leis an Ríocht Aontaithe, dúirt sé go raibh an tAontas i gcónaí ag iarraidh a bheith cothrom.

“Chloígh muid leis an chur chuige céanna le linn na hidirbheartaíochta seo ar fad – gan a bheith ionsaitheach, gan a bheith ag gearradh pionóis ar dhaoine, gan fonn díoltais a bheith orainn, cé go bhfuil a fhios againn go mbeidh tionchar diúltach ag an Bhreatimeacht. D’éirigh linn Breatimeacht a bhaint amach agus ord agus eagar ar an bpróiseas,” ar sé.

Dúirt Barnier go raibh sé ag éisteacht le daoine a bhí ag maíomh go mbaineann an Breatimeacht leis an ‘Bhreatain Domhanda’. Ach fiú d’uireasa na Ríochta Aontaithe féin, is margadh 450 milliún duine é an tAontas Eorpach, a dúirt sé.

“Tá muid ar comhchéim leis na cumhachtaí móra agus muid ag dul i ngleic leis an gheilleagar, leis an athrú aeráide, le cúrsaí slándála agus le cúrsaí tráchtála,” arsa Barnier.

Dúirt nach mbeidh aon tír aonair ar bith san Eoraip i measc na ndeich ngeilleagar is mó ar domhan faoi 2050, an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin féin san áireamh.

“Ach le chéile, beidh 27 tír an Aontais Eorpaigh sa cheathrú háit sa domhan.”

Maidir le ceist na teorann in Éirinn, dúirt sé go raibh a rogha déanta ag an mBreatain.

“Tá an rogha déanta ag an Bhreatain gur ‘tríú tír’ a bheidh inti feasta, roghnaigh an rialtas dhá spás rialála agus mar sin ní féidir trádáil shaoráideach a dhéanamh.

“Ciallaíonn sé sin go bhfuil seiceálacha riachtanach, go háirithe d’earraí bia agus d’ainmhithe beo.

“Caithfear na seiceálacha seo a dhéanamh áit éigin ach ba ríshoiléir nach dtiocfadh leo bheith ar an teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann.

“Ba é an rogha eile a bhí ar fáil ná iad a chur ag na pointí iontrála arbh fhusa teacht isteach go Tuaisceart Éireann tríothu. Beidh rialú ar bun i mBaile Átha Cliath fosta,” arsa an tUasal Barnier.

Ag amharc ar an Aontas amach anseo, dúirt an príomh-idirbheartaí go raibh rún ag na 27 ballstát cúig mhórthéama a fhorbairt – beart nua glas leis an phláinéad a chosaint; an geilleagair digiteach a chur chun cinn; tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don chlár Erasmus le go dtig le hEorpaigh dul a chónaí, cur fúthu nó staidéar a dhéanamh i mballstáit eile; iarracht a dhéanamh teorainneacha seachtracha a chosaint; agus cur leis an chomhoibriú trasteorann maidir le coiriúlacht agus le sceimhlitheoireacht.

“Rachaidh muid ar aghaidh gan an Ríocht Aontaithe, agus cé go mbeidh caidreamh cairdiúil eadrainn, ní bheimid dall choíche ar na cúinsí speisialta atá i réim ar oileán na hÉireann,” arsa an tUasal Barnier.

Fág freagra ar '‘Údar dóchais gur bhuail mé inniu le Michelle O’Neill agus Diane Dodds le chéile’ – Michel Barnier i mBéal Feirste'

  • An Teanga Bheo

    Aontas ag teacht le cúnamh Dé .