‘Údar buairimh’ gur ceadaíodh deontas do halla ‘Ulster Scots’ nach ann dó

Ceadaíodh an deontas don Randalstown Ulster Scots Cultural Society le halla pobail a athchóiriú sa cheantar, ach ní léir gur ann don halla

‘Údar buairimh’ gur ceadaíodh deontas do halla ‘Ulster Scots’ nach ann dó

Is “údar buairimh don phobal i gcoitinne” an scéal gur cheadaigh an tAire Pobal Paul Givan £25,000 do halla pobail “nach ann dó” i mBaile Raghnaill i gContae Aontroma, dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.

Ceadaíodh an deontas do ‘Randalstown Ulster Scots Cultural Society’ le halla pobail a athchóiriú sa cheantar.

Ach nuair a thug iriseoirí de chuid The Irish News cuairt ar an seoladh a luaitear leis an an bhfoirgneamh i gcáipéisí na Roinne Pobal níos túisce an mhí seo, ní raibh tásc ná tuairisc ar halla pobail san áit. Tá hallaí eile sa cheantar, a bhaineann le gluaiseacht na Máisiún, leis an Ord Óráisteach, agus le heaglaisí éagsúla.

Níor thug Gníomhaireacht na hUltaise, macasamhail Fhoras na Gaeilge don Ultais, aon mhaoiniú riamh don Randalstown Ulster-Scots Cultural Society. Thug an Royal Mail le fios aréir nach ann don seoladh poist a tugadh don ‘halla’, 10 Bóthar Phort Chluain Eoghain, ina bhunachar seoltaí ach an oiread. 

Bronnadh an t-airgead faoi scéim a thug an tAire Givan isteach i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, Clár Píolótach na Hallaí Pobail. Bhí deontais suas le £25,000 ar fáil faoin scéim, ar cuireadh £500,000 ar fad ar leataobh di, ach tuairiscítear anois go bhfuil an tsuim sin méadaithe go £1.9m. Ó seoladh an scéim, cuireadh os cionn 850 iarratas ar mhaoiniú faoi bhráid na Roinne. D’éirigh le 90 dream a rinne iarratas an maoiniú a fháil.

Ba leis an Ord Oráisteach, The Royal Black Institution, agus na Máisiúin cuid mhaith de na hallaí ar tugadh maoiniú dóibh. Hallaí eaglaise, pobail agus bannaí píob ab ea formhór na hallaí eile ar bronnadh maoiniú orthu.

Tugadh airgead do dhá chumann CLG, Clann na hÉireann agus Cumann Chluain Daimh, agus d’eagraíocht Ghaeilge amháin, Cumann Gaeilge Leath Chathail i nDún Phádraig.

Fógraíodh na deontais cúpla seachtain i ndiaidh don Aire Givan an maoiniú a bhaint de na sparánachtaí Gaeilge ‘Líofa’ i mbéal na Nollag seo caite, cinneadh a chuir go mór leis an aighneas polaitiúil a chniog Stormont.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge go léiríonn an scéal faoi airgead a bheith tugtha ‘don halla pobail nach ann dó’ go bhfuil “prácas” á dhéanamh de ghnó na Roinne ag an Aire Givan.

“Ar lámh amháin bhain an tAire céanna sparánacht Líofa atá dírithe orthu siúd faoi mhíbhuntáiste gan aird ar chomhionannas, dualgas reachtúil atá air, agus ar an lámh eile, tá maoiniú ceadaithe aige do halla Ultaise nach ann dó, de réir tuairiscí.

“Tháinig na cinntí ón Aire Pobal sna sála ar chinntí frith-Ghaelacha eile ó airí de chuid an pháirtí chéanna agus is léir mar sin go bhfuil Airí an DUP sásta a ndualgais reachtúla a shárú ar mhaithe le clár claonta frith-Ghaeilge a chur chun cinn,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge le Tuairisc.ie.