Ualach aistriúcháin tite ar Oifigeach Forbartha Gaeilge Dhún na nGall

Bíonn idir obair aistriúcháin agus forbartha le déanamh ag Oifigeach Forbartha Gaeilge Dhún na nGall agus tá sé ‘deacair an dá thrá a fhreastal’, dar leis.

00057611-642

Déanann Oifigeach Forbartha Gaeilge Dhún na nGall, Seán Ó Daimhín, idir obair aistriúcháin agus obair forbartha do Chomhairle Chontae Dhún na nGall, ach tá sé “deacair an dá thrá a fhreastal” a deir sé.

Thug an Daimhíneach le fios dá raibh i láthair ag cruinniú de chuid choiste Gaeilge na Comhairle Contae gurb é féin a dhéanann an obair aistriúcháin ar shuíomh idirlín na Comhairle chomh maith le roinnt obair eile aistriúcháin.

Tar éis d’Adhmhaidin ar RTÉ RnaG an scéal a nochtadh, dúirt Ó Daimhín le Tuairisc.ie nach bhfuil aistritheoir fostaithe ag an gComhairle Contae agus is dá bharr sin a thiteann obair an tsuímh air féin. Dúirt sé nach ag déanamh gearáin a bhí sé ach go bhfuil “teannas ann idir an dá ról” atá aige.

“Cuirtear go leor ábhair amach chuig aistritheoirí seachtracha fosta, mar shampla an plean forbartha contae, tuarascálacha agus roinnt rudaí eile mar sin; ní mise a dhéanann gach rud.

“Ach aontaíodh scéim teanga leis an Roinn (Gaeltachta) agus bhí orainn coimitmintí a chur isteach maidir leis an suíomh Gaeilge. De bharr go mbíonn an suíomh idirlín ag athrú cúpla uair gach lá, ní féidir é a chur amach chuig aistritheoir seachtrach,” a dúirt an Daimhíneach.

Dúirt sé go bhfuil sé den tuairim go bhfuil na hoifigigh Ghaeilge i gComhairlí eile timpeall na tíre faoin mbrú céanna. Dúirt sé freisin, áfach, gur cuid den obair forbartha í an obair aistriúcháin sin agus go gcaithfear a aithint gur maith ann í.

“Ní fheiceann muid, mar oifigigh forbartha Ghaeilge, ná ní mheasann muid gur obair forbartha atá san obair aistriúcháin ach ar bhealach caithfidh muid aistriúchán a chur sa réimse sin mar baineann sé le hobair forbartha.

“Má tá suíomh idirlín á chur ar fáil sa dá theanga, is forbairt é sin agus caithfidh muid é sin a aithint, agus gan a bheith ag smaointiú nach bhfuil baint ag aistriúchán le forbairt.

“Tá go leor contaetha ansin nach bhfuil fiú Oifigeach Gaeilge acu mar ar bhealach is dul chun cinn go bhfuil duine fostaithe ag an gcomhairle. Níl aon dabht faoi ó thaobh a bheith ag obair go straitéiseach go bhfuil sé deacair go leor an dá thrá a fhreastal,” a dúirt sé.

Nuair nach mbíonn sé ag plé leis an aistriúchán, déileálann an tOifigeach Forbartha Gaeilge le ceisteanna teanga sa chontae. Ina measc sin, tá cur chun cinn na Gaeilge sa chontae, an plean teanga contae a luaitear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, coincheap na mbailte seirbhíse Gaeltachta a chur chun tosaigh agus cur i bhfeidhm na scéime teanga.

Dúirt Seán Ó Daimhín le Tuairisc.ie gur gá breathnú níos faide ná an Chomhairle Contae ar cheisteanna mar seo.

“Sílimse gur ceist níos forleithne atá ann, ag smaointiú ar an Státseirbhís, cén chaoi ar féidir leis an Státseirbhís seirbhís scríofa a chur ar fáil ón taobh istigh? Má tá achan rud le haistriú go seachtrach ón taobh amuigh, ní shílim go dtiocfadh leis an méid aistritheoirí atá sa tír coinneáil suas leis an méid atá le haistriú. Ní ceist í seo do Chomhairle Contae Dhún na nGall amháin í seo ach ceist don Státseirbhís ar fad.”

Mhínigh an Daimhíneach nach é féin amháin a chuireann rudaí ar fáil i nGaeilge ach go bhfuil roinnt mhaith foirne i gComhairle Chontae Dhún na nGall a chuireann méid áirithe amach, ach gur beag cainteoir Gaeilge atá muiníneach go leor as a chuid Gaeilge scríofa chun seirbhísí a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Ualach aistriúcháin tite ar Oifigeach Forbartha Gaeilge Dhún na nGall'