Uaisliú Ghairdíní Uí Dhuibheannaigh agus géarchéim na tithíochta

Is scannal amach is amach é go bhfuil talamh an stáit á thabhairt ar láimh don earnáil phríobháideach tráth a bhfuil géarchéim leanúnach tithíochta ann

Uaisliú Ghairdíní Uí Dhuibheannaigh agus géarchéim na tithíochta

Ar feadh na mblianta bhí cáil ar Ghairdíní Uí Dhuibheannaigh, in iarthuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, mar cheantar bocht, garbh, dearóil. An pobal faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta agus sóisialta. Mionchoiriúlacht fairsing. Easpa dóchais ar an aos óg.

Níor ghéill chuile dhuine a chónaigh ansin do na míbhuntáistí ar ndóigh, agus in ainneoin gach rud chothaigh daoine spiorad sa phobal, sheas siad le chéile agus sheas siad an fód le chéile in aghaidh na héagóra a imríodh orthu.

Is as an spiorad sin a tháinig an t-éileamh gur chóir athchóiriú a dhéanamh ar an gceantar faoi mar a bhí á dhéanamh ar cheantair den chineál céanna ar fud na cathrach.

Cuireadh plean le chéile i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath in 2006, agus tosaíodh ar na háitritheoirí a chur amach is a lonnú, go sealadach, mar dhea, in áiteanna eile. Ach faoi 2008 bhí teipthe ar na tógálaithe an obair a chríochnú agus fágadh an áit lom agus leathleagtha.

Bhí sé ina choimhlint fhíochmhar idir na háitritheoirí agus an Garda Síochána, ach níor tháinig aon réiteach as an achrann.

Cheapfá mar sin gur dea-scéal anois é go bhfuil obair tosaithe ar an suíomh, is go bhfuil 585 tigh is árasán cónaithe le tógáil ann, in ionad an 300 árasán a bhí ag an gComhairle ann roimhe.

Ach breathnaigh go géar ar an scéal.

As an 585 teach nó árasán, tá leath díobh le díol go príobháideach ar an margadh oscailte. Seo suíomh atá ar imeall Pháirc an Fhionnuisce agus a mbeidh an-tóir ar thithe ann, go háirithe anois agus na hiar-áitritheoirí curtha amach.

Tá 30% de na hárasáin agus tithe le cur ar fáil mar thithíocht shóisialta. Is é sin le rá, de thoradh na forbartha seo go mbainfear 170 duine de liosta feithimh a raibh 17,000 duine air i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra. Tá an 20% eile le díol ar phraghas inacmhainne nó réasúnta.

Inacmhainne? Tá na forbróirí ag rá go mbeidh €420,000 ar theach trí sheomra leapa, go mbeidh ar a laghad €270,000 ar theach dhá sheomra leapa agus gur praghsanna atá ‘laghdaithe’ 40% iad sin.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh ar lánúin €108,000 sa mbliain a thuilleamh agus €42,000 a bheith i dtaisce acu le leas a bhaint as an scéim seo. Sin níos lú ná 14% de mhuintir na tíre.

Deir an Chomhairle go mbeidh na haonaid shóisialta ar fud an eastáit, ach ní cosúil go mbeidh aon cheann de na tithe is galánta ar fáil dóibh siúd a chónaigh ansin sna drochlaethanta.

Coimrímis: talamh poiblí atá le cur ar fáil do thógálaí príobháideach a dhéanfaidh brabús as cuimse as tithe a dhíol go príobháideach agus as tithe a dhíol don Chomhairle ar na praghsanna céanna.

Bartra Holdings na forbróirí sa chás seo, an dream céanna atá taobh thiar don phlean conspóideach aonaid chomh-mhaireachtála a thógáil i nDún Laoghaire.

Is cosúil nach bhfuil aon srian ar thoil an chórais freastal ar fhorbróirí móra.

Cén fáth sin? Go bunúsach, in ainneoin na cainte go léir faoi thithíocht is eile, agus in ainneoin go bhfuil ag teip go soiléir ar phlean an rialtais, níl Fine Gael nó Fianna Fáil ag íoc as a dtacaíocht dóibh.  Tá an dá pháirtí chun cinn sna pobalbhreitheanna i gcónaí.

Tá a fhios ag madraí an bhaile cén réiteach atá ar an bhfadhb – an réiteach céanna a bhí ar an scéal sna 1940idí, sna 1950idí agus sna 1960idí.  Is é sin go dtógfadh an stát na tithe mar thithíocht shóisialta.

Ach ní dhéanfaidh Fine Gael nó Fianna Fáil a leithéid mar is tábhachtaí leo freastal ar a gcairde sna comhlachtaí airgeadais, sna comhlachtaí tógála, is na comhlachtaí cíosa.

Mar, ar deireadh thiar, murar féidir le daoine tithe a cheannach nó a fháil ón gComhairle áitiúil níl aon rogha acu ach áit chónaithe a fháil ar cíos ó thiarnaí talún.

Murab ionann is tíortha eile ar an mór-roinn, níl aon chosaint ar fiú trácht uirthi ag daoine a mbíonn árasán ar cíos acu, ach níos measa fós, bíonn an cíos a íocann siad ag brath ar an margadh. 

Agus cé a íocfaidh cíos na seandaoine amach anseo nuair a bheidh a dteacht isteach laghdaithe agus iad ar scor ach cíos an mhargaidh le díol i gcónaí acu?

Cuirfidh uaisliú Ghairdíní Uí Dhuibheannaigh le brabach Bartra Holdings, ach is scannal amach is amach é go bhfuil talamh an stáit á thabhairt ar láimh don earnáil phríobháideach tráth a bhfuil géarchéim leanúnach tithíochta ann.

Ach, a léitheoir, má tá tusa míshásta faoin scéal seo an ndéanfaidh tú aon rud leis an míshástacht sin a chur in iúl do na polaiteoirí, nó an leor duit a bheith ag clamhsán leat féin is ligean dóibh?

Fág freagra ar 'Uaisliú Ghairdíní Uí Dhuibheannaigh agus géarchéim na tithíochta'

  • Simon Ó Faoláin

    Cuireann a leithéid seo fonn múisc orm. Easpa náire ar fad ar Fhine Gael. Chaitheas a lán ama timpeall ar na Gáirdíní siar sna 90í agus b’uafásach an bail a bhí ar an áit fiú chomh fada san siar. Agus cá bhfuil muitir na n-árasán imithe anois?