Uaireanta is gá don scríbhneoir filleadh ar an seomra ranga

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an trioblóid a bhíonn ag go leor scríbhneoirí, dar leis an ngúrú scríbhneoireachta ó Mheiriceá, Verlyn Klinkenborg, ná go gcumann siad abairtí atá rófhada

Uaireanta is gá don scríbhneoir filleadh ar an seomra ranga

Roinnt blianta ó shin agus mé i siopa leabhar The Tattered Cover i gcathair Denver, mheall saothar dar teideal Several short sentences about writing m’aird.

‘Several short sentences’.

Cén fáth nár tugadh ‘a book about …’ ar an diabhal leabhar seo?

Is é an chaoi go bhfuil dúil in abairtí gearra ag an údar, Verlyn Klinkenborg, ar scríbhneoir neamhfhicsin, ollamh le scríbhneoireacht chruthaitheach, agus iarbhall de bhord eagarthóireachta The New York Times.

Bíonn tuin an mháistir scoile le brath ar ghlór an uasail Klinkenborg ó am go chéile, ach nuair a thugann píosa scríbhneoireachta de mo chuid trioblóid dom, mar a rinne inné, bainim Several short sentences anuas den tseilf.

An trioblóid a bhíonn ag go leor scríbhneoirí, dar le Klinkenborg, ná go gcumann siad abairtí atá rófhada.

Ceapann siad go bhfuil abairtí gearra páistiúil.

Ach dá fhaide a bhíonn abairt, is ea is mó líon na gcónasc inti agus is ea is casta an chomhréir, is ea is deacra a bhíonn sé eagarthóireacht a dhéanamh uirthi.

Nó ciall a bhaint aisti.

Tá go leor comhairle stuama in Several short sentences ach tá an chuid is tábhachtaí ar an gcéad leathanach.

‘Know what each sentence says,

What it doesn’t say,

And what it implies.’

Ní ‘leabhair a scríobh’ an cur síos atá ag Klinkenborg ar jab an scríbhneora ach ‘abairtí a dhéanamh’.

D’aontóinn leis.

Abairtí a chur i dtoll a chéile, an fuíoll a ghearradh amach astu, iad a chur san ord ceart, nó, más gá, iad a chaitheamh sa bhruscar – sin é jab an scríbhneora.

Inné, nuair a bhí sliocht san úrscéal atá idir lámha agam ag tabhairt trioblóide dom, bhris mé síos na habairtí lochtacha ina mblocanna beaga.

Bhain mé amach na cónaisc, na camóga, na leathstadanna, na hidirstadanna agus na fleascanna ar fad.

Chuir mé lánstadanna ina n-áit.

Bhuail mé an eochair ‘aisfhilleadh’ tar éis chuile lánstad ionas go raibh briseadh líne idir chuile abairt aonair, mar atá sa cholún seo.

Anois, faoi dheireadh, thuig mé féin céard a bhí mé ag iarraidh a rá.

Rinne mé eagarthóireacht ar na habairtí gearra sin ina gceann is ina gceann go dtí gur chuir siad in iúl an méid a theastaigh uaim a chur in iúl, go dtí nár chuir siad aon rud in iúl nár theastaigh uaim a chur in iúl, agus go dtí gur chuir siad in iúl, gan é a rá os ard, ar theastaigh uaim a chur in iúl idir na línte.

Chuir mé corrchónasc agus cuid den phoncaíocht ar ais ina dhiaidh sin agus bhain mé na bristeacha líne amach.

Uaireanta is gá don scríbhneoir filleadh ar an seomra ranga.

Ach b’fhearr dó gan an méid sin a thabhairt le fios don léitheoir.

Ní téacs a mheabhródh an bhunscoil dó a theastaíonn ón léitheoir, ag deireadh an lae, ach scéal a chuirfidh faoi dhraíocht é toisc go bhfuil sé chomh soléite sin.

Fág freagra ar 'Uaireanta is gá don scríbhneoir filleadh ar an seomra ranga'

  • Alan Titley

    Comhairle chríonna mar is dual d’Alex, ach uaireanta is é an t-ábhar an máistir. B’fheidir dá mbeadh ceol na habhann le cur i gcéill bheadh ar an údar dul ag rith agus ag léim agus ag princeam agus ag sruthlú agus ag blobaireacht thar chaisí is tóchair is mionchlocha agus titim le heasanna agus preabadh le bradáin agus cuileoga a bhá agus….