Uaireanta is binn béal ina thost fiú más i gcór na Nollag duit…

‘Casaigí anois le chéile é,’ a dúirt an múinteoir linn, cuma an éadóchais ar an mbean bhocht, agus a peann luaidhe ina láimh aici agus í á luascadh anonn is anall mar a dhéanfadh stiúrthóir ceolchoirme. ‘A-des-te fi-de-les. Laeeee-ti triii-um-phantessss…’

‘Casaigí anois le chéile é,’ a dúirt an múinteoir linn, cuma an éadóchais ar an mbean bhocht, agus a peann luaidhe ina láimh aici agus í á luascadh anonn is anall mar a dhéanfadh stiúrthóir ceolchoirme. ‘A-des-te fi-de-les. Laeeee-ti triii-um-phantessss…’

Bhí a fhios againn uilig go raibh barr an-ghéar ar an bpeann luaidhe sin, é níos cosúla le ráipéar ná uirlis scríbhneoireachta. Thosaigh an grúpa ag canadh go binn. Bhuel, thosaigh siad ag canadh, ar aon nós.

Deirim ‘siad’ ó tharla go raibh mé fhéin i mbun agóid thostach ó ghlac mé mar mhasla mór an cheist a chuir sí orm i lár an chleachtaidh: ‘An bhfuil nóta ar bith i do chloigeann agat?’.

B’in an chéad leid a fuair mé go raibh gabháil fhoinn ar bhua a bhí ag teastáil uait le bheith i do bhall den chór.

Chuaigh chuile chailín isteach sa gcór is ní dheachaigh na buachaillí.

Théadh na buachaillí uilig síos ag seomra an mháistir an fhad is a bhíodh muide ag cleachtadh. Cheapfá, bunaithe air sin, nach raibh uait le bheith sa gcór ach dhá x-chrómasóm, agus tharla go raibh siad sin agamsa.

Tháinig an cór chomh fada le ‘fideles’ agus iad sách muiníneach. Corrdhuine a bhí ag streachailt leis an bhfocal ‘laeti’, nár laga Dia iad. Ach ní raibh fágtha ach beirt chailíní misniúla ag canadh in ard a gcinn nuair a bhuail an focal ‘triumphantes’ leo agus iad ag imeacht ninety.


Dá mba charranna iad, déarfá go gcloisfeá na coscáin ag gíoscán – scríííííc!

Tri-uhm-fonzy…. trumpa…triiiipant, eilifinte…

‘Abair é mar a fheiceann tú scríofa é,’ a mhínigh an múinteoir. ‘Laidin atá ann,’ a mheabhraigh sí dúinn ansin. Ní fhéadfadh Dia ná duine cabhrú linn, bhí sé chomh maith aici ‘sci-bi-dí dú’ a rá leis an mballa.

Bhí sé ar nós a bheith sáinnithe in eagrán den chlár quiz ‘Catchphrase’. Ba muide, an cór, a bhí ina n-iomaitheoirí agus ba í an múinteoir an láithreoir teilifíse agus í ag impí orainn, ‘say what you see’.

Chonaic mé an doras.

‘Meas tú an bhféadfainn a ghabháil amach i ngan fhios di?’ a chuimhnigh mé.

Bhreathnaigh mé  ar ais ar an múinteoir. Bhí sí ar a míle dícheall ‘Vocati pastores adproperant’ a mhúineadh dúinn. Seo é mo sheans. Tharraing mé chugam mo mhisneach.

Bhí mé díreach réidh leis an rás a dhéanamh nuair a chuala mé m’ainm á fhógairt. Bhreathnaigh mé thart. ‘Agus ní bhfuair tú an nóta ceart an iarraidh sin ach an oiread, bí ag éisteacht an uair seo.’

B’in deireadh leis an agóid thostach.

‘Ní mé a bhí ann!’ a bhéic mé, ‘ar ndóigh, ní raibh mé ag casadh ar chor ar bith an iarraidh sin.’

Bhreathnaigh mé isteach sa dá shúil uirthi agus bhí a fhios agam go raibh mé imithe rófhada. Is dóigh gur fíor gur ‘binn béal ina thost’.

Cén bhrí, ach bhí an peann luaidhe, agus barr an-ghéar air, fós ina láimh aici. Chonaic mé an ‘ráipéar’ ag déanamh orm.

Bhreathnaigh mé anonn ar an doras, agus thosaigh mé ag rith.

Fág freagra ar 'Uaireanta is binn béal ina thost fiú más i gcór na Nollag duit…'

  • Tomas

    Bhí blúire den panis angelicus tuilte agat ina dhia’ sin!