Uair na cinniúna tagtha do phlean nuachta TG4 agus RTÉ i ndiaidh chruinniú na n-ardstiúrthóirí

Bhí cruinniú ardleibhéil an tseachtain seo ag RTÉ agus TG4 ar mhaithe le fuascailt a fháil ar an tsáinn ina bhfuil na cainteanna maidir le soláthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin

Uair na cinniúna tagtha do phlean nuachta TG4 agus RTÉ i ndiaidh chruinniú na n-ardstiúrthóirí

Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes.

Tá uair na cinniúna tagtha do na cainteanna atá ar bun le bliain anuas idir RTÉ agus TG4 faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin.

Tá a bhfuil i ndán don athrú ar chur chuige na nuachta idir dhá cheann meá ó thug RTÉ le fios do TG4 nach raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an socrú go gcraolfaí Nuacht TG4 ar RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Mar thoradh ar an diúltú sin bhagair lucht bainistíochta TG4  nach gceadófaí do RTÉ a bhfeasacháin nuachta Gaeilge a chraoladh ón stiúideo nua i gceannáras Bhaile na hAbhann

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh cruinniú ar siúl an tseachtain seo idir lucht na hardbhainistíochta i TG4 agus RTÉ ar mhaithe le deireadh a chur leis an easaontas.

Bhí an cruinniú sin, ag a raibh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes i láthair aige, ar siúl Dé Máirt, an lá roimh an dáta go rabhthas in ainm is tús a chur leis an leagan amach nua ar chúrsaí nuachta.

Bhí cainteanna ar bun idir an dá stáisiún anuraidh faoi na socruithe nua maidir lena soláthar nuachta Gaeilge agus bhí sé i gceist deireadh a chur le branda Nuacht RTÉ agus ‘Nuacht TG4’ a chur ina áit ar fheasacháin teilifíse RTÉ.

Faoin socrú sin, Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ a thabharfaí feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.45 tráthnóna, agus chraolfaí na cláir nuachta Ghaeilge ar fad, ar RTÉ agus ar TG4, ó stiúideo nua i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann. 

Ach cuireadh an plean sin ó  mhaith nuair a thug ardbhainistíocht RTÉ le fios d’ardbhainistíocht TG4 nach rabhthas sásta a thuilleadh go gcraolfaí ‘Nuacht TG4’ ar RTÉ. Bhí idir alltacht agus dhíomá ar lucht bainistíochta TG4 faoin scéal agus iad den tuairim go raibh an margadh déanta maidir leis na socruithe nua a bhí le teacht i bhfeidhm an mhí seo. Bhí díomá ar lucht TG4 go háirithe mar go raibh an plean nua curtha i láthair na foirne cheana féin ag triúr de lucht bainistíochta RTÉ.

Tuigtear, áfach, go bhfuil ábhar comhréitigh anois ann i ndiaidh chruinniú na seachtaine seo agus go bhfuil lucht bainistíochta TG4 i mbun machnaimh ar an tairiscint is déanaí ó RTÉ.

Bhí moladh cheana ann go dtabharfaí Nuacht TG4 ar RTÉ seachas Nuacht RTÉ feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1, agus meastar gur socrú dá leithéid atá á scagadh faoi láthair.

Faoin múnla nua eagarthóireachta a bhí beartaithe do chláir nuachta TG4 agus RTÉ, leagfaí béim ar scéalta nuachta réigiúnacha, Gaeltachta agus Gaeilge seachas ar na mórscéalta céanna a chraoltar i mBéarla ar Six One díreach i ndiaidh an fheasacháin Ghaeilge ar RTÉ agus roimh an bhfeasachán nuachta ar TG4. 

Bheadh an léitheoir nuachta céanna i mbun na bhfeasachán ar fad, ar RTÉ News Now, ar RTÉ 1 agus ar Nuacht TG4 ag 7pm.

Chuir lucht bainistíochta na nuachta in RTÉ baill d’fhoireann Nuacht TG4 ar an eolas anuraidh faoi na socruithe a bhainfeadh leis an athrú sin. 

Dúradh sa chomhfhreagras sin, atá feicthe ag Tuairisc.ie, gurb é an cur chuige a bheadh ag nuacht na Gaeilge ar RTÉ One agus TG4 feasta ná go mbeadh an ‘Súil Eile’, a samhlaíodh le TG4 ó thús, sa treis.

“Beidh an t-ábhar ar RTÉ One agus ar News Now ag teacht le cur chuige an ‘Súil Eile’, cé go mbeidh sé níos giorra. Fágann sé seo gurb é a bheidh sna scéalta ar na cláir ag 17.00 agus 17.45 ná leaganacha níos giorra den ábhar a bheidh ar Nuacht TG4 ag 19.00.

“I mbeagán focal, is í Súil Eile TG4 a bheidh ag brú rogha ár scéalta, agus is ón rogha sin a roghnófar scéalta do RTÉ One agus RTÉ News Now,” a dúradh.

Dúradh gur dóichí ná a mhalairt go mbeadh mórscéal náisiúnta nó polaitíochta an lae mar chuid de na cláir nuachta chomh maith.

“An t-aon difríocht a bheidh ann idir na leaganacha de na tuairiscí do RTÉ One agus do TG4 ná a bhfad,” a scríobhadh.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna tagtha do phlean nuachta TG4 agus RTÉ i ndiaidh chruinniú na n-ardstiúrthóirí'