Uair na cinniúna tagtha do chearta imreoirí club

B’fhéidir i bhfad na haimsire go mbeidh cothromaíocht, ciall agus cearta imreoirí club sa treis i ngach gníomh…

Screen Shot 2015-11-04 at 11.15.45
Pictiúr: INPHO

Ar cheann des na chéad rudaí a rith liom agus mé ag léamh na cáipéise a chuir Ard-Stiúrthóir Chumann Lúthchleas Gael, Páraic Duffy, ós ár gcomhair inné, bhí a raibh le rá ag an gcat leis an mbainne te – ‘chonac cheana tú’.

Ní hiontas san toisc go bhfuil an méid atá le rá ag Duffy sa cháipéis ar róthraenáil, ar thnáitheadh agus ar shocruithe na gcluichí bunaithe ar ocht gcinn de thuarascálacha a foilsíodh ar an dtrí ábhar sin cheana ón mbliain 2004 i leith.

Tá a bhfuil ins na tuarascálacha sin cíortha agus coganta go maith ag na húdair le breis is deich mbliana anuas ach, fós féin, agus sinn doimhin go maith sa bhliain 2015, tá an chuma ar an scéal go mbeidh na bacanna céanna romhainn amach muna ndéanfar beart de réir briathair an uair seo.

Tar éis cáipéis an Ard-Stiúrthóra a léamh ó thús deireadh inné, áfach, bheadh dóchas ag duine go dtuigeann Duffy go rímhaith go bhfuil uair na cinniúna tagtha agus go bhfuil sé thar am ag CLG gníomh fónta a dhéanamh agus moltaí ar glacadh cheana leo a chur i bhfeidhm go daingean diongbháilte anois.

‘Ní féidir le CLG,’ a deir Duffy ina réamhrá, ‘leanúint ar aghaidh leis an bhfaillí agus leis an loiceadh atá ar bun le blianta fada más áil linn leas na mball agus na bhfochumann a chur chun cinn, fiú más fuar le cuid againn roinnt des na hathruithe riachtanacha atá molta.’

Aon cheann déag de mholtaí atá curtha chun cinn ag Páraic Duffy inné agus, cé go mbeidh seanbhlas ag lucht an traidisiúin ar mholtaí áirithe ar nós na n-athruithe atá molta do ghrád na mionúr (athrú ó ghrád faoi ocht mbliana déag go faoi seacht mbliana déag) agus díothú an chomórtais faoi bhliain is fiche caide scun scan, ní féidir liom a rá go bhfaighim aon cheann des na moltaí atá déanta ag Duffy bun os cionn leis an bhfís a bheadh agam féin chun teacht i dtír ar na dúshláin ann don imreoir óg idir 17-21 bliain d’aois agus dos na fochumainn éagsúla ar fuaid na tíre.

Táid siúd ann, agus beidh go deo, a déarfaidh gurb é an t-airgead tús agus deireadh gach soiscéil le Cumann Lúithchleas Gael agus is cinnte go bhfuil fianaise ann le blianta anuas go bhfuil cóngair tógtha ag an eagraíocht ar mhaithe le cúrsaí airgid. Mar sin féin, bréagnaíonn mórán dá bhfuil i moltaí Duffy argóintí an airgid.

Ní dóigh liom go bhfuil oiread is moladh amháin déanta a chuirfeadh leis an gciste airgid i bPáirc a’ Chrócaigh agus i gcás cuid acu (deireadh a chur le babhtaí leathcheannais sraithe peile agus am breise a imirt i gcás gach cluiche craoibhe ón mbliain 2017 a chríochnaíonn ar comhscór), is amhlaidh go mbeadh poll maith, isteach is amach le dhá mhilliún go leith Euro, curtha sa sparán dá nglacfaí leo.

Dealraíonn sé go bhfuil údaráis Pháirc a’ Chrócaigh (ní dóigh liom gur ruathar aonair é seo ag Duffy) ag glacadh leis go bhfuil an iomarca orlaí géillte ag an bhfochumann mar bhunaonad ag Cumann Lúthchleas Gael agus gur miste anois athghabháil a dhéanamh ar an méid atá géillte ar mhaithe na heagraíochta i gcoitinne.

Más áil linn cás na bhfochumann a thuiscint i gceart, ní gá ach féachaint ar shampla chontae Phort Láirge an tseachtain seo agus cluiche ceannais na craoibhe peile á himirt Dé hAoine chun curadh a bheith tofa le dul sa ghleo arís an deireadh seachtaine céanna. Is léir go bhfuil sé ag dul d’oifigigh i ngach contae, bídis éifeachtach i mbun a gcúraim nó a mhalairt, aon lámh a dhéanamh ar chlár na gcluichí – go háirithe má tá peil agus iománaíocht i gcomhmheascair lena chéile.

Arís, tá sé mar bhunaidhm ag moltaí Duffy, breis aga a thabhairt don bhfochumann agus don imreoir a bheireann a dhúthracht don gclub agus, go deimhin féin, tá sé ráite go neamhbhalbh ins an cháispéis a eisíodh inné ná féadfar glacadh beag ná mór le haon leagan amach a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra cluichí club a imirt.

Is dóigh liom féin gurb b’shin í an abairt is tábhachtaí ar fad sa cháipéis agus tá súil agam go mbeidh sé mar bhunphrionsabal ag pé riarthóirí a bheidh ag iarraidh moltaí an Ard-Stiúrthóra a chur i bhfeidhm feasta.

Cuirfear na moltaí agus a ngabhann leo faoi bhráid na mbord contae ins na seachtainí amach romhainn. Beidh anáil á fhágaint acu, chomh maith, ar an ndíospóireacht faoi athmhúnlú na craoibhe sinsear peile atá le bheith ag Ard-Chomhairle CLG an deireadh seachtaine seo agus b’fhéidir, b’fhéidir, b’fhéidir i bhfad aimsire go mbeidh cothromaíocht, ciall agus cearta imreoirí club sa treis i ngach gníomh.

Ní beag san mar ghuí ach, ar a laghad, tá tús maith déanta ag Páraic Duffy.

Bímis buíoch den méid sin féin.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna tagtha do chearta imreoirí club'