Uair na cinniúna tagtha cheana féin i Roinn 1B agus Loch Garman ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh

Má éiríonn le Loch Garman i Staid an Phiarsaigh tráthnóna is leo a bheidh rith an ráis i Roinn 1B agus beidh Port Láirge ag súil le dea-thaispeántas eile in aghaidh churaidh na hÉireann i Roinn 1A

Uair na cinniúna tagtha cheana féin i Roinn 1B agus Loch Garman ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh

Joe Canning. INPHO/Tom Beary

Gaillimh v Loch Garman

Páirc an Phiarsaigh, 14:00

Seans nach bhféadfadh Davy Fitzgerald tús níos crua a bheith aige agus é i gceannas ar iománaithe Loch Garman sa tsraith den chéad uair. Bheadh sé mar aidhm ag an gCláiríneach an t-ardú céime a bhaint amach ó Roinn 1B agus chun é sin a dhéanamh, beidh air na boic mhóra eile sa tsraith a shárú, Luimneach agus Gaillimh.

Tá fir Luimnigh sáraithe ag Loch Garman cheana féin, tháinig siad ar ais go láidir sa dara leath i mBabhta a hAon an deireadh seachtaine seo caite chun tús den scoth a chur leis an bhfeachtas. Ní fiú mórán an teacht aniar sin áfach má chailleann siad in aghaidh na Gaillimhe tráthnóna.

Ba iad Conor McDonald, Lee Chin, Podge Doran agus an cúl báire, Mark Fanning, a rinne sábháil thábhachtach ag tús an dara leath, a spreag an teacht aniar ach caithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa arís chun na Gaillimhigh a stopadh.

Rinne foireann Micheál Donoghue scrios iomlán ar Uíbh Fhailí i bPáirc Uí Chonchúir Dé Domhnaigh seo caite, farasbarr 26 pointe ag Gaillimh ag deireadh na himeartha, 6-23 in aghaidh 1-12.

Tá sé deacair mórán a fhoghlaim ó chluiche chomh haontaobhach sin ach ar a laghad tabharfaidh sé muinín do thosaithe na Gaillimhe. Agus Joe Canning fós ag teacht chuige féin ón ngortú a bhain dó i gcluiche leathcheannais na hÉireann, scóráil Jason Flynn, Conor Whelan agus Conor Cooney 4-16 eatarthu sa líne lántosach an Domhnach seo caite.

Má léiríonn siad an cumas céanna tráthnóna agus iad ag imirt sa bhaile, ba cheart go mbeadh Gaillimh beagáinín róláidir do Loch Garman.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Port Láirge v Tiobraid Árann

Staid an Bhreathnaigh, 14:00

Dála Davy Fitzgerald agus Loch Garman, tugadh dúshlán maith do Derek McGrath agus Port Láirge nuair a fógraíodh go mbeadh siad ag imirt Chill Chainnigh agus Thiobraid Árann sa chéad dá bhabhta den tsraith. Ba iad na foirne sin a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus a fuair an ceann is fearr ar Phort Láirge sa chraobh in 2016.

Cé nach bhfuil an séasúr ach ina thús, ba léir gur chluiche tábhachtach do na Déisigh ab ea an ceann i bPáirc Uí Nualláin an deireadh seachtaine seo caite agus is a bhuíochas den díograis a léirigh Port Láirge i rith na coimhlinte gur thug siad an lá leo, 1-15 in aghaidh 0-17, an chéad bua a bhí acu i gCill Chainnigh ó 2004.

Beidh an meon céanna ag teastáil má tá siad chun curaidh na hÉireann a chloí tráthnóna. Bhí bua éasca ag Tiobraid Árann ar Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite. Cé gur thóg sé thart ar 20 nóiméad ar fhoireann Michael Ryan teacht i dtaithí ar an gcluiche, ní raibh Baile Átha Cliath in ann coinneáil leo ina dhiaidh sin.

Bhí Aidan McCormack ar dhuine de na fir nua a bhí ar fhoireann Thiobraid Árann don chluiche agus thapaigh sé an deis a tugadh dó agus d’aimsigh an lántosach ar dheis seo cúig phointe ón imirt.

Thug Tiobraid Árann greadadh do Phort Láirge nuair a chas siad ar a chéile i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh ach ba iad na Déisigh a bhí chun cinn sna cluichí sraithe in 2016 agus 2015. Má bhíonn an cruas céanna ina gcuid imeartha agus a bhí seachtain ó shin, seans go gcoinneoidh siad an forlámhas sin atá acu ar Thiobraid Árann ar feadh an earraigh.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge