Uair na cinniúna i nDún na nGall agus iománaithe Chonamara sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chonnacht

Ardú céime atá i ndán d’fhoirne áirithe i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo agus ísliú céime ón gcraobh shinsir atá i ndán d’fhoirne eile. Chomh maith leis sin tá cluiche tábhachtach iomána ar siúl i nGaillimh…

Uair na cinniúna i nDún na nGall agus iománaithe Chonamara sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chonnacht

Ard an Rátha (glas) in aghaidh Naomh Conaill ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dún na nGall

Tá cluichí cinniúnacha ar siúl sna craobhacha sinsir agus idirmheánacha i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo mar a socrófar cé a bhainfidh ardú céime amach agus cé hiad na foirne a bhfuil ísliú céime i ndán dóibh.

Is idir Ard an Rátha agus Málainn a bheidh an cluiche ceannais dícháilithe sa chraobh shinsir anocht. Níl cluiche craoibhe buaite ag ceachtar foireann go dtí seo in 2019 agus beidh súil le Dia acu go gcuirfidh siad é sin ina cheart anocht.

Bhí de mhí-ádh ar Ard an Rátha gur cuireadh sa ghrúpa is deacra sa chraobh iad agus iad san iomaíocht le Gaoth Dobhair. Chruthaigh siad go maith go dtí sin agus d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach go dtí Roinn 1 na sraithe. Ba mhór an buille dóibh Paddy McGrath agus CJ Molloy a bheith gortaithe i láthair na huaire.

Cé gur chlis ar Ard an Rátha i gcoinne an Chlocháin Léith an tseachtain seo caite, rinne siad an-teacht aniar sa dara leath agus ní raibh eatarthu ach dhá chúilín ag an deireadh. Is mór an t-údar misnigh dóibh an taispeántas sin, agus beidh gá le misneach anocht.

An fhoireann a chaillfidh cluiche na hoíche anocht, sa ghrád idirmheánach a bheidh siad an bhliain seo chugainn agus Cloich Cheann Fhaola nó Naomh Náille, atá ag imirt sa chluiche ceannais idirmheánach amárach, a bheidh ina n-áit.

Bhain Cloich Cheann Fhaola áit amach i gcluiche ceannais an chontae nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Aodh Ruadh i gcluiche athimeartha i rith na seachtaine. Ba é Ciarán McGeever, fear nach raibh ach díreach tagtha abhaile ón Astráil, laoch Chloich Cheann Fhaola oíche Dé Céadaoin nuair a scóráil sé cúl an bhua don fhoireann Ghaeltachta.

Ní raibh mórán ama acu le bheith ag ceiliúradh mar beidh an cluiche ceannais ar súil amárach agus beidh Cloich Cheann Fhaola ag imirt a gceathrú cluiche le coicís. Agus iad ag imirt i Roinn 1 na sraithe, i gcomparáid le Naomh Náille atá i Roinn 2, déarfá go mbeadh Cloich Cheann Fhaola níos láidre ná a gcéilí comhraic ach caithfear a chur san áireamh an oiread peile atá imeartha acu in achar gairid, agus ní bheidh tada éasca acu amárach.

Tráthnóna inniu chomh maith a imreofar an cluiche ceannais dícháilithe sa chraobh idirmheánach mar a mbeidh Na Dúnaibh agus Naomh Ultan ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus iad ag iarraidh ísliú céime go grád na sóisear a sheachaint.

Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Ard an Rátha v Málainn – Conmhaigh, 7.00pm

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

Na Dúnaibh v Naomh Ultan

Dé Domhnaigh, 13 Deireadh Fómhair

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall

Cloich Cheann Fhaola v Naomh Náille, Bealach Féıch, 4.00pm

Gaillimh

Beidh peileadóirí Mhicheál Breathnach ag imirt arís Dé Sathairn seo chugainn san athimirt ar chluiche ceannais idirmheánach na Gaillimhe, ach tá iománaithe an chumainn ag dul chun páirce inniu i gcluiche ceannais eile. Tabharfaidh siad féin agus Bearna-Na Forbacha aghaidh ar a chéile i mBóthar na Trá i gcluiche ceannais chraobh shóisir 1 an chontae.

Cé nach bhfuil aon ardú céime ar fáil sa gcomórtas seo, déanfaidh na buaiteoirí ionadaíocht ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chonnacht agus i gcraobh na hÉireann, má éiríonn leo dul chomh fada sin.

Chas an dá fhoireann seo ar a chéile sa chomórtas seo mí Aibreáin agus ní raibh tada eatarthu. Ar comhscór a chríochnaigh an cluiche, 2-15 in aghaidh 1-18.

Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair

Craobh Shóisir 1 Iomána na Gaillimhe

Micheál Breathnach v Bearna-Na Forbacha – Staid an Phiarsaigh, 2.45pm

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna i nDún na nGall agus iománaithe Chonamara sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chonnacht'