Uair na cinniúna faoi dheireadh do May agus a margadh in Westminster

Meastar gurb é an t-eiteach atá i ndán do Phríomh-Aire na Breataine Theresa May agus an vóta cinniúnach i dtaobh a margadh Breatimeachta beartaithe do pharlaimint Westminster tráthnóna

Uair na cinniúna faoi dheireadh do May agus a margadh in Westminster

Pictiúr: Rollingnews.ie

I ndiaidh dhá bhliain d’idirbheartaíocht agus gan fágtha ach 73 lá go dtí lá an Bhreatimeachta, beidh vóta inniu in Westminster faoin margadh imeachta a d’aontaigh Rialtas na Breataine leis an AE.

Meastar gurb é an t-eiteach atá i ndán do Phríomh-Aire na Breataine Theresa May agus é ráite ag os cionn 100 feisire óna páirtí féin agus an deichniúr feisirí atá ag an DUP go bhfuil siad i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an AE.

Tá sé i gceist chomh maith ag cuid de na feisirí is mó atá ar son fanacht san AE vótáil i gcoinne an mhargaidh agus súil acu gurb é an dara reifreann an toradh a bheidh ar an vóta.

Fágann sin go mbeidh tacaíocht ag teastáil ó May ó chuid mhaith feisirí de chuid pháirtí an Lucht Oibre, páirtí a deir go bhfuil siad i gcoinne an mhargaidh agus go bhfuil olltoghchán uathu.

Meastar gurb amhlaidh go gcuirfidh vóta an lae inniu leis an éiginnteacht a bhaineann leis an mBreatimeacht, atá in ainm is tarlú ar an 29 Márta.

Dúirt May inné gur chreid sí nár chóir an Breatimeacht a chur siar, ach níor chuir sí a leithéid as an áireamh ar fad.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine nár éirigh le duine ar bith eile sa pharlaimint margadh a mholadh a d’fhéadfaí a aontú agus a chloífeadh le toradh reifreann an Bhreatimeachta. 

Sula mbeidh vóta na cinniúna ann anocht roghnóidh an Spéicéir, John Bercow, na leasuithe a mbeidh vóta fúthu.

I measc na leasuithe sin, tá ceann atá á mholadh ag Hilary Benn a chuireann i gcoinne mhargadh May agus an ‘Breatimeacht gan mhargadh’. Thabharfadh an leasú sin tuilleadh cumhachta don pharlaimint maidir leis an gcéad chéim eile sa phróiseas.

Ar na roghanna a bheadh ag feisirí bheadh síneadh ama a lorg maidir le hAlt 50 nó an dara reifreann.

Seachas na Breatimeachtóirí is diongbháilte, is beag duine d’fheisirí Westminster atá ag iarraidh Breatimeacht gan mhargadh agus dúirt Theresa May féin inné gur mhó an seans nach mbeadh aon Bhreatimeacht ann ná go bhfágfaí an tAontas Eorpach gan aon mhargadh a bheith déanta.

Má chailleann Theresa May an vóta, ráineodh go gcuirfeadh ceannaire pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn rún mímhuiníne sa Rialtas síos láithreach agus má chailleann sí go dona is cinnte go mbeifear ag éileamh ar an bPríomh-Aire éirí as. Is ar éigean go n-éireodh le vóta mímhuiníne sa Rialtas, ach tuairiscítear go bhfuil roinnt daoine i bpáirtí an Lucht Oibre fós ag iarraidh go mbeadh a leithéid ann láithreach ionas go ndéanfaí an bealach a réiteach don dara reifreann.

Dá gcaillfeadh May ach gan an bhearna a bheith chomh mór sin, d’fhéadfadh go bhfillfeadh sí athuair ar an bparlaimint do vóta eile faoina margadh, nó leagan de a mbeadh leasuithe déanta air.

Tá ráite go minic ag an AE nach bhfuil aon dul siar ar an margadh.

De thoradh leasú nós imeachta ar glacadh leis in Westminster níos túisce an mhí seo, trí lá a bheadh ag May plean nua Breatimeachta a chur faoi bhráid na parlaiminte sa chás go ndiúltófaí dá margadh anocht.

Tá iarracht déanta cheana ag May gealltanais dhlíthiúla agus pholaitiúla faoin margadh a fháil chun lucht an easaontais a chur ar a suaimhneas, ach is beag atá géillte ag an Aontas.

Dheimhnigh May inné gur iarr sí cheana ar an AE go gcuirfí dáta éaga leis an gcúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint, an chuid is conspóidí den mhargadh, ach gur diúltaíodh don éileamh sin. 

Mhaígh sí áfach gur éirigh léi gealltanais thábhachtacha a fháil maidir leis an gcúlstop agus gnéithe eile den mhargadh imeachta. 

Gheall an tAE, mar shampla, go ndéanfaí gach iarracht teacht ar réiteach ó thaobh na teicneolaíochta maidir le ceist na teorann chun nach mbeadh aon ghá leis an gcúlstop, éileamh mór de chuid na mBreatimeachtóirí is diongbháilte.

Ní léir, áfach, gur éirigh le hiarrachtaí May intinn dóthain daoine a athrú, ach dá n-éireodh léi dóthain vótaí a fháil anocht dá plean, leanfaí ar aghaidh leis an mBreatimeacht ar an 29 Márta agus leis na cainteanna iarBhreatimeachta faoi chúrsaí trádála agus eile.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna faoi dheireadh do May agus a margadh in Westminster'