Seo chugainn na Lochlannaigh arís. Tabharfaidh foireann na Danmhairge cuairt ar Áth Cliath anocht do chluiche ríthábhachtach eile agus aithne mhaith acu féin agus ag foireann na hÉireann ar a chéile.
Cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin, tháinig an Danmhairg chuig Staid Aviva chun aghaidh a thabhairt ar Éirinn agus áit ag Corn an Domhain 2018 sa Rúis i ndán don bhuaiteoir. Cé go ndeachaigh Éire chun tosaigh sa chluiche, tubaiste cheart a bhí ann d’fhoireann Martin O’Neill mar rinne na Danmhargaigh scrios i gcluiche a chríochnaigh 5-1.
Droch-oíche cheart a bhí ann d’Éirinn ach léiríodh ó shin nach bhfuil mórán idir na foirne. Chas siad ar a chéile trí huaire eile le dhá bhliain anuas agus chríochnaigh gach cluiche acu sin ar comhscór.
Má faoi Éirinn áit a bhaint amach ag EURO 2020, caithfidh siad rud a dhéanamh nach bhfuil déanta acu sa tsraith sin cluichí agus na Danmhargaigh a bhualadh.
Ní thabharfadh torthaí na hÉireann le cúpla mí anuas údar dóchais do lucht tacaíochta na foirne. Níl aon cheann de na trí chluiche atá imeartha acu i gcomórtas cáilithe EURO 2020 le cúpla mí anuas buaite acu agus drochthaispeántas a thug foireann na hÉireann i gcoinne na Seoirsia agus i gcoinne na hEilvéise.
Bhuaigh foireann Mick McCarthy cluichí dúshláin i gcoinne na Bulgáire agus na Nua-Shéalainne sa tréimhse sin ach is beag tionchar a bheidh ag na cluichí sin ar cheann na hoíche anocht.
Dúirt McCarthy roimh an gcluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne an tseachtain seo caite nach mbeadh aon duine a thosaigh sa gcluiche sin ag tosú i gcoinne na nDanmhargach.
D’éirigh go maith le Seán Maguire, a scóráil a chéad chúl d’Éirinn, ach seans go bhfanfaidh McCarthy dílis do Callum Robinson ar an gcliathán deas. Tháinig Robinson isteach mar ionadaí sa chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne agus scóráil sé féin a chéad chúl don fhoireann agus thug sé an-taispeántas.
D’fhéadfadh go mbeadh athrú i lár na páirce. Níor léirigh Conor Hourihane ná Alan Browne do McCarthy go raibh siad iontach cumasach nuair a thug sé a ndeis don bheirt sin le cúpla cluiche anuas. Thosaigh Browne an cluiche Déardaoin seo caite ach bhí sé ciúin go maith agus seans gurb é Hourihane a bheidh ag imirt taobh le Glenn Whelan agus Jeff Hendrick i lár na páirce anocht.
An laige is mó a bhí ag Éirinn le tamall fada anuas ná a laghad seansanna ar chúil a chruthaigh siad. Beidh siad fós ag brath go mór ar chiceanna saora agus ar chiceanna cúinne anocht ach tá roghanna anois ag McCarthy más faoi rudaí a athrú.
Beidh muinín ag Seán Maguire faoin tráth seo agus thaispeáin Jack Byrne arís eile go mbíonn sé níos compordaí agus an liathróid ina sheilbh ná mar a bhíonn aon imreoir eile ar fhoireann na hÉireann.
Cé nach raibh na Danmhargaigh i mbarr a maitheasa le cúpla mí anuas, foireann láidir iad agus níl cluiche comórtais caillte acu ó Chorn an Domhain 2018. Níl an t-imreoir is fearr atá acu, Christian Eriksen, ag imirt rómhaith do Tottenham Hotspur i láthair na huaire ach tá a fhios ag Éirinn go maith cé chomh cumasach atá sé.
Méadaíonn an aithne an tarcaisne agus beidh díocas ar fhoireann na hÉireann agus iad ag iarraidh dream seo na Danmhairge a bhualadh den chéad uair le fada.
Fág freagra ar 'Uair na cinniúna d’fhoireann McCarthy agus na Lochlannaigh chugainn arís'