‘Uair na cinniúna’ buailte leis na mBreatnais mar gheall ar ‘ghalldú’ a príomhcheantair

Tá a bhfuil i ndán don Bhreatnais mar theanga phobail idir dhá cheann na meá mar gheall ar ghalldú na bpobal ina bhfuil sí sa treis, a deir Cathaoirleach coimisiún nua

‘Uair na cinniúna’ buailte leis na mBreatnais mar gheall ar ‘ghalldú’ a príomhcheantair

Deir ceannasaí coimisiún nua sa Bhreatain Bheag gurb é uair na cinniúna é don Bhreatnais agus í i mbaol a báis mar theanga phobail.

Dúirt ceannasaí an Choimisiúin do Phobail Labhartha na Breatnaise, Simon Brooks, go raibh a bhfuil i ndán don Bhreatnais mar theanga phobail idir dhá cheann na meá mar gheall ar ghalldú na bpobal ina bhfuil sí sa treis.

Méadú ar líon na mBéarlóirí atá ag bogadh isteach i gceantair Bhreatnaise is cúis cuid mhór leis an éigeandáil teanga, arsa Brooks.

Ach ba mheasa fós an scéal mar gheall ar an mbrú eacnamaíochta a bhain leis an mBreatimeacht agus an ghéarchéim costas maireachtála, a dúirt sé.

Bhí baol an-mhór ann nach fada go n-imeodh an Bhreatnais as mar theanga phobail sna háiteanna is láidre atá sí go traidisiúnta – croícheantair na Breatnaise.

Deir Brooks go bhfuil an Bhreatnais ar an dé deiridh cheana féin mar theanga phobail in áiteanna áirithe taobh leis an gcósta a mbíonn an-tóir orthu do thithe saoire.

Bhí athrú mór tugtha faoi deara chomh maith aige ina bhaile dúchais féin, Gwynedd, baile cois cósta i dtuaisceart na tíre.

“An Béarla atá ina theanga na sráide níos mó anois agus chuir an ghéarchéim Covid dlús leis sin,” ar sé.

Dúirt sé go dtagann an lá go mbíonn cúrsaí ar tí athrú ó thaobh labhairt teanga.

“An imní atá ann ná go bhfuil go leor de na pobail seo tagtha go dtí an pointe sin go bhfuil cúrsaí ar tí athrú,” a deir cathaoirleach an choimisiúin nua.

Tarlaíonn an t-aistriú teanga “an-tapa”, a deir sé.

“Nuair atá an teanga á húsáid ag gach duine, baineann tusa úsáid aisti. Nuair a thugtar teanga eile isteach d’fhéadfadh an lá teacht go mbíonn teanga an mhóraimh i bhfad níos láidre agus is féidir go dtarlódh sin an-tapa.”

Mhaígh Brooks go mbeadh an Bhreatnais á labhairt ag go leor daoine ar fud na tíre i gcónaí ach mura ndéanfaí gníomh tarrthála anois go mbeadh sí i mbaol mar theanga phobail.

“Ceist thábhachtach í meath na Breatnaise mar theanga phobail don Bhreatain go léir. Is í an teanga Cheilteach dheireanach í atá á labhairt ag leibhéal an phobail. Tá sin tábhachtach ó thaobh na héagsúlachta cultúir go ginearálta.”

Tá An Coimisiún do Phobail Labhartha na Breatnaise ag iarraidh eolas agus tuairimí a bhailiú faoi chás na bpobal sin a mbíonn an Bhreatnais mar phríomhtheanga acu. Tá eolas á lorg faoi ábhair éagsúla amhail cúrsaí tithíochta, cúrsaí oideachais agus an fhorbairt phobail.

Tugadh isteach reachtaíocht le déanaí chun srian a chur le daoine a bheith ag teacht go dtí croícheantair na Breatnaise chun an dara tigh a cheannach.

Fág freagra ar '‘Uair na cinniúna’ buailte leis na mBreatnais mar gheall ar ‘ghalldú’ a príomhcheantair'

  • Pádraic

    Nach bhfuil Gaeilge na hAlban fós á labhairt in áiteanna áirithe mar theanga phobail (ar bhonn i bhfad níos teoranta ar ndóigh)?