Uafás sa mhullach ar mharú is ea ceilt an choirp, rud a thuigeann muintir Charlotte Murray go rómhaith

Amárach seolfaidh Roinn Cirt Stormont comhairliúchán poiblí faoi Dhlí Charlotte

Uafás sa mhullach ar mharú is ea ceilt an choirp, rud a thuigeann muintir Charlotte Murray go rómhaith

Bhí Charlotte Murray as an Ómaigh 34 bliain d’aois an uair dheiridh a chonacthas í, oíche Shamhna 2012. Bhí cónaí uirthi féin agus Johnny Miller a raibh sí geallta leis ar An Maigh i gcontae Thír Eoghain. Ciontaíodh Miller as a dúnmharú i mí Dheireadh Fómhair 2019 gan a corp a bheith faighte.

Anuraidh gearradh sé bliana déag príosúin air. Nuair a bhí an phianbhreith á fógairt aige dúirt an breitheamh gur chrá croí do mhuintir Charlotte é nár frítheadh a corp agus gur imthoisc ghéaraitheach sa chás ab ea ceilt an eolais sin.

D’éiligh muintir Charlotte nach scaoilfí saor ó phríosún é go dtí go neosfadh sé cá raibh a corp. D’iarr siad ar pholaiteoirí logánta dlí a thabhairt isteach a chuirfeadh cosc ar pharúl do mharfóir a chuirfeadh corp a íobartaigh i bhfolach agus a cheilfeadh eolas faoi cá raibh sé.

Fuair siad tacaíocht dá bhfeachtas ó mhuintir Lisa Dorrian atá ar iarraidh ó Earrach 2005. Bhí Lisa Dorrian, as Beannchar i gcontae an Dúin 25 bliain d’aois an uair dheiridh a chonacthas í, ag cóisir i bpáirc charbhán i mBaile Thalbóid, baile beag cois farraige i leithinis na hArda i gcontae an Dúin.

Tá na póilíní cinnte gur maraíodh í agus gur cuireadh a corp i bhfolach ach d’ainneoin cuardaigh iomadúla níor frítheadh a taisí. Is minic a dhéanann an PSNI agus muintir Dorrian achainíocha ar ‘an duine nó beirt’ a bhfuil a fhios acu cá bhfuil na taisí an t-eolas a chur ar fáil.

Ní nach ionadh teastaíonn ón dá theaghlach a bheith in ann taisí na mban a chur i gcré le deasghnátha adhlactha agus a bheith in ann a dhul ar chuairt ar uaigh. Mar atá a fhios ag muintir Deirdre Jacob, Jo Jo Dullard, Annie McCarrick agus na mná eile a d’imigh gan tásc ó dheas, ní éileamh as cuimse é sin.

Uafás sa mhullach ar mharú is ea ceilt an choirp.

Amárach, Dé Luain, seolfaidh Roinn Cirt Stormont comhairliúchán poiblí faoi Dhlí Charlotte. Foilseofar moltaí a d’eascair as athbhreithniú maidir le conas déileáil le ciontóirí a cheileann cá bhfuil coirp na ndaoine a mharaigh siad. Scrúdaigh an t-athbhreithniú Helen’s Law a ritheadh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag anuraidh; saoradh dúnmharfóir Helen McCourt ó phríosún cé nár nocht sé cár ceileadh a corp. Ceadaíonn Helen’s Law srianta ar pharúl mura nochtfar faisnéis faoi cá bhfuil taisí i bhfolach.

Teastaíonn ó Aire Cirt Stormont, Naomi Long dlí níos láidre ná sin a rith, dúirt sí.

Molann sí go gcuirfí ar shúile an amhrastaigh le linn ceistiúcháin cé chomh tábhachtach is atá sé do theaghlaigh corp a bheith acu agus na ciallachais thromchúiseacha a bheadh aige do chiontóir dá dteipfeadh air eolas a sholáthar. Is é sin nach gceadófaí giorrú ar théarma príosúin. Ní léir cad atá i gceist a bheadh níos déine go bunúsach ná Helen’s Law ach beidh deis ó amárach na moltaí a scrúdú.

Mairfidh an comhairliúchán deich seachtaine. Iarrfar ar gach éinne tuairim a thabhairt faoi na moltaí. Teastaíonn barúlacha ón Aire faoi mholadh go mbeadh sé éigeantach go scrúdódh na Coimisinéirí Parúil an mbeadh baint ag ceilt eolais le cé chomh contúirteach is a bheadh an ciontóir don phobal dá saorfaí é.

Tá spéis ar leith sa chomhairliúchán ag eagraíochtaí a chuireann seirbhísí cabhrach ar fail do mhná a fhulaingíonn foréigean sa bhaile nó ó dhlúth-theagmhálacha. Sin é a bhí i gceist i gcásanna Charlotte agus Lisa. Cé gurb é ainm Charlotte a bheadh ar dhlí nua bhainfeadh sé freisin le ciontóir a mharaigh fear.

Ní hionann na cásanna a bheadh i gceist agus ceist ‘na Disappeared’ mar a thugtar orthu. Ba iad sin sé dhuine dhéag a maraíodh le linn na dTrioblóidí, an tIRA a bhí ciontach as an gcuid ba mhó díobh a mharú, cion nár admhaíodh go dtí gur éilíodh é mar chuid de phróiseas na síochána. De réir na socruithe a aontaíodh chun faisnéis a thabhairt don Choimisiún Neamhspleách um Aimsiú Taisí Íospartach ní féidir an fhianaise a bhailíonn an Coimisiún ag láithreacha a úsáid chun daoine a chúiseamh.

Frítheadh taisí trí dhuine dhéag ach theip ar iliomad cuardach a theacht ar Columba McVeigh, Joseph Lynskey agus Robert Nairac.

Is maith a thuigeann na teaghlaigh sin go léir an briseadh croí a bhaineann le haineolas faoin íde a tugadh ar dhuine muinteartha, easpa coirp agus uaighe. D’fháiltigh muintir Murray agus Dorian roimh an gcomhairliúchán agus d’impigh siad arís eile ar na marfóirí a rún a scaoileadh. Mura ndéanfadh siad é mar thrócaire, b’fhéidir go mbeadh seans ann amach anseo go ndéanfaidh siad é ar mhaithe leo féin.

Fág freagra ar 'Uafás sa mhullach ar mharú is ea ceilt an choirp, rud a thuigeann muintir Charlotte Murray go rómhaith'