Uafás ar an Ómaigh agus an lámh láidir á coinneáil beo

Níl dóchas ag éinne go mbeidh tionchar ag cáineadh nó éilimh ar an IRA Nua

Uafás ar an Ómaigh agus an lámh láidir á coinneáil beo

Ionsaí lámhaigh ar an mBleachtaire Príomhchigire John Caldwell ar an Ómaigh oíche Dé Céadaoin os comhair a mhic agus scata páistí eile. É fágtha i mbaol a bháis.

Radharc uafásach ar bhaile a bhfuil an iomarca taithí aige ar uafáis. Páistí scanraithe, ag rith ón láthair, iad ag sianaíl agus ag caoineadh gan aon tuairim acu cé eile a bhuailfí. Bhí daoine fásta scanraithe freisin is iad ag rith ó rois urchar.

Ag cóitseáil na sóisear ó chlub sacair Bhearaí a bhí an póilín, an fhoireann faoi 15 ar a raibh a mhac dhá bhliain déag d’aois agus scata buachaillí scoile eile. Obair dheonach mar a dhéanann go leor tuismitheoirí eile. Cé go raibh iomrá ar an gcigire Caldwell as a bheith i gceannas ar fhiosruithe faoi dhúnmharuithe a bhí go mór i mbéal an phobail ba bhall gníomhach den phobal ina cheantar dúchais é. Bhí sé ag obair le foirne an chlub le fada, aithne air go forleathan agus ardmheas air.

Bhí suas le 200 i láthair san ionad spóirt óige an oíche sin, na peileadóirí faoi 15, foireann peile eile, imreoirí peil ghaelach na mban agus lúthchleasaithe . Áis trasphobail is ea an t-ionad agus tá an fhoireann sacair measctha.

Bhí seisiún traenála na sóisear thart agus John Caldwell ag cur trealaimh ina charr nuair a tháinig an bheirt fhear a raibh púicíní orthu ina threo. Scaoil siad beirt leis. Rinne sé iarracht rith uathu ach thit sé agus scaoil siad leis arís is é ina luí leonta ar an talamh. Scaipeadh piléir i ngach treo, bhuail siad carranna sa charrchlós ach ar ámharaí an tsaoil níor bhuail siad aon duine eile.

Chinn an PSNI gurb iad an tIRA Nua a bhí freagrach. Cén aidhm a bhí leis an ionsaí? Foréigean agus brúidiúlacht in aisce más cuspóir polaitiúil a bhí acu. Más chun stop a chur le fiosruithe faoi ghníomhaíochtaí na n-easaontóirí poblachtacha é cheapfá gurb é a mhalairt de thoradh a bheadh air. Ba é seo an fogha is deireanaí de liosta ionsaithe ar an PSNI. Toisc go mba sheanchleachtas ag John Caldwell a bheith ag cóitseáil do chlub Bhearaí is léir go raibh sé éasca ag na fir ghunna a theacht air, ‘targaid bhog’ mar a deirtear. Thairis sin, ós mian leis an IRA Nua a chinntiú nach ndéanfar normalú ar phóilíneacht níor fheil sé dóibh go raibh gnáthshaol á chaitheamh ag John Caldwell, obair dheonach á déanamh aige nuair nach mbíodh sé ar dualgas mar phóilín.

Bhí seisean, mar atá go leor eile, ag iarraidh sochaí dhearfach a chothú ar an Ómaigh agus sa cheantar máguaird mar a bhfuil daoine fós ag iarraidh a theacht chucu féin i ndiaidh an uafáis a d’imir an Fíor-IRA orthu ar an 15 Lúnasa 1998. Maraíodh 29 agus cúpla gan bhreith agus gortaíodh na céadta san ionsaí a bhfuil fiosrú faoi ceadaithe ag an Státrúnaí le déanaí. I bhfianaise na staire sin bhí alltacht ar a lán go ndéanfadh easaontóirí fogha nua ar an mbaile an tseachtain seo.

Beidh éifeacht ag an ionsaí poiblí sin ar John Caldwell go ceann i bhfad. Cuimhnigh ar an déistin a d’airigh ár bhformhór, an croitheadh a baineadh as polaiteoirí agus eaglaisigh agus an eagla agus atheagar slándála san PSNI. Agus cá bhfios cén dochar a rinneadh do pháistí. Cé chomh fada is a thógfaidh sé suaimhneas aigne nó leigheas ó thráma a thabhairt dóibh sin a chonaic radharc nár cheart go mbeadh ar aon ghasúr é a fhulaingt?

Fiú i gcás páistí as an áit nach raibh ar an láthair bhí tuismitheoirí buartha faoi conas an t-uafás a mhíniú dóibh. Ba chomhaoisigh cuid de na tuismitheoir sin leis an gConstábla Ronan Kerr a maraíodh le buama ina charr in 2011. Níor ciontaíodh éinne ach is ar easaontóirí poblachtánacha a cuireadh an locht.

Tharla an eachtra sin dhá mhíle slí ón ionsaí ar John Caldwell. Ba as an gceantar céanna iad beirt.

Bhí tábhacht leis an bhfreagra aontaithe ó na cúig pháirtí is mó in Stormont agus práinn leis go seasfadh siad ar fad leis an PSNI. N’fheadar an bhfaighidh an Státrúnaí Chris Heaton-Harris pota airgid faoi tholg éigin chun a chinntiú nach gcaithfear na dianchiorruithe a bhí beartaithe a dhéanamh ar fhoireann agus ar sheirbhísí na bpóilíní.  Thairis sin níl dóchas –  i bhfírinne – ag éinne go mbeidh tionchar ag cáineadh nó éilimh ar an IRA Nua. Tá siad lagaithe go mór le roinnt blianta, ó mharaigh siad an t-iriseoir Lyra Mckee i nDoire, iad pollta ag seirbhísí faisnéise rúnda agus na póilíní.

Mar sin féin, tá an cumas acu chun ionsaithe a dhéanamh anois is arís mar a léirigh siad ar an Ómaigh, ar an Srath Bán i mí na Samhna seo caite nó i nDún Geimhin an bhliain roimhe sin. Deir an Dr Marisa McGlinchey, údar an leabhair Unfinished Business: the Politics of ‘Dissident’ Irish Republicanism go bhfuil a fhios acu nach mbainfidh foréigean Éire aontaithe amach ach gurb é cuspóir an IRA Nua an lámh láidir a choinneáil beo. Táthar ag súil áfach go bhfeicfidh daoine óga nach mbeidh i ndán don té a leanfaidh iad ach cothú fuatha, príosún nó níos measa.

Fág freagra ar 'Uafás ar an Ómaigh agus an lámh láidir á coinneáil beo'