Uachtarán tofa CLG chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge sa Ghaeltacht

Tiocfaidh Larry McCarthy i gcomharbacht ar John Horan mar Uachtarán CLG an bhliain seo chugainn tar éis dó a bheith tofa ag Comhdháil CLG i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo

Uachtarán tofa CLG chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge sa Ghaeltacht

Uachtarán tofa CLG Larry McCarthy. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá sé i gceist ag Uachtarán tofa Chumann Lúthchleas Gael seal a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge ionas go mbeidh sé ábalta óráid iomlán a thabhairt sa teanga an bhliain seo chugainn.

Tiocfaidh Larry McCarthy i gcomharbacht ar John Horan mar Uachtarán CLG an bhliain seo chugainn tar éis dó a bheith tofa ag Comhdháil Bhliantúil CLG i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo.

Is i nGaeilge a thosaigh McCarthy ag labhairt agus é ag tabhairt a chéad óráid mar Uachtarán tofa agus, cé gur iompaigh sé ar an mBéarla, thug sé le fios go raibh sé i gceist aige feabhas a chur ar a chuid Gaeilge amach anseo.

“A chairde, níl an Ghaeilge rómhaith agam os rud go raibh mé sna Stáit Aontaithe le 34 bliain,” a dúirt sé. “Ach, le cúnamh Dé, rachaidh mé siar ó chathair Chorcaí go Múscraí nó b’fhéidir go dtí an Ríocht chun an Ghaeilge a chleachtadh agus blas a chur ar na cúpla focail atá agam.”

Tá McCarthy, arbh as Corcaigh ó dhúchas dó, ina chónaí sna Stáit Aontaithe le 35 bliain agus baint aige le cumann Shligigh i Nua-Eabhrac. Is é an chéad duine ó chumann thar lear a toghadh ina uachtarán.

Toghadh McCarthy oíche Dé hAoine ar an gceathrú chomhaireamh. Fuair sé an ceann is fearr ar Jarlath Burns, Gaeilgeoir aitheanta agus iarchaptaen ar fhoireann pheile Ard Mhacha.

Is iad Jim Bolger, Mick Rock agus Jerry O’Sullivan an triúr eile a bhí san iomaíocht sa toghchán.

Is as Baile an Easpaig i gCorcaigh do Larry McCarthy. Bhuaigh sé bonn uile-Éireann le Coláiste Oideachais Thuamhan agus chaith sé seal ag imirt le Ráth Éanaigh i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé ag múineadh ann.

D’imigh McCarthy go Meiriceá i 1985 chun tabhairt faoi mháistreacht agus tá sé anois ina léachtóir le Bainistíocht Spórt in Ollscoil Seton Hall in New Jersey.

Tá sé i gceist aige filleadh ar Éirinn don tréimhse trí bliana a bheidh aige mar uachtarán.

Fág freagra ar 'Uachtarán tofa CLG chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge sa Ghaeltacht'

  • Baile Buadáin Naomh Éanna

    Comhgháirdeachas a Larry ó Baile Buadáin Naomh Éanna. Táimídne leis ag strácáil leis an nGaeilge. Tugaimíd cuireadh duid bualeadh isteach chugainn uair éjgin. Bíonn Ciorcal Cainte again gach Céadaoin. Bheadh fáilte romhat bheith Linn.