Uachtarán SAM sa Bhruiséil agus súil le fógra faoi chúnamh airgid agus míleata sa bhreis don Úcráin

Tá caint ann go bhfógrófar bearta pionóis breise in aghaidh na Rúise le linn chuairt Joe Biden ar an Eoraip agus iarracht á déanamh a léiriú go bhfuil an domhan thiar ar aon fhocal faoin ngéarchéim seo

Uachtarán SAM sa Bhruiséil agus súil le fógra faoi chúnamh airgid agus míleata sa bhreis don Úcráin

Casfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, le ceannairí eile sa Bhruiséil inniu le hionradh na Rúise ar an Úcráin a phlé.

Seo ceann de na cuairteanna is suntasaí a thug uachtarán de chuid na Stát Aontaithe ar an Eoraip le fada an lá agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin ina thine bhruite.

Tá caint ann go bhfógrófar bearta pionóis breise in aghaidh na Rúise le linn na cuairte seo agus iarracht á déanamh a léiriú go bhfuil an domhan thiar ar aon fhocal faoin ngéarchéim seo.

Tá rún ag an Uachtarán Biden a bheith sa mBruiséil inniu ag cruinniú den Chomhairle Eorpach a bhí ar na bacáin le tamall agus cruinniú éigeandála d’ Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO).

Beidh sé ag freastal chomh maith ar chruinniú eile ag ceannairí an G7 – na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, Ceanada an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil.

Tuairiscítear go mbeidh “na bearta cosanta agus bactha” atá ar bun faoi láthair á bplé ag cruinniú mullaigh NATO agus go ndearbhóidh Biden tacaíocht na Stát Aontaithe dá gcomhghuaillithe i NATO. 

Ar Vársá na Polainne a thabharfaidh Joe Biden a aghaidh amárach, Dé hAoine, mar a bpléifidh sé conas is fearr cúnamh a thabhairt do na tíortha sin ar theorainn na hÚcráine a bhfuil cuid mhór den 3.5 milliún teifeach ag fáil tearmainn iontu.

Tuairiscítear go bhfuil Biden ag súil go dtuigfear óna chuairt go bhfuil tíortha an iarthair aontaithe faoi ionradh gan údar na Rúise ar an Úcráin.

Meastar nach ndéanfar aon phlé ar éilimh na hÚcráine go gcuirfí cosc eitilte i bhfeidhm san Úcráin agus go gcuirfí scairdeitleáin troda ar fáil dóibh. Is é is dóichí gur smachtbhannaí nua ar an Rúis nó cúnamh airgeadais is míleata eile a fhógrófar.

D’fhéadfaí smachtbhannaí breise a chur ar olagairc Rúiseacha, srianta breise a chur ar airgeadas na tíre sin nó iompórtáil breoslaí ón Rúis a laghdú

Tá plé ar siúl le tamall faoi bhearta a d’fhéadfaí a fhógairt le tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Úcráin – cúnamh airgid le cosaint na tíre a neartú agus cúnamh míleata sa bhreis a sheoladh sall.

Deir lucht anailíse cogaíochta go bhfuil ag teip ar thrúpaí na Rúise smacht a fháil ar Chív agus ar chathracha eile agus iad sáinnithe ar an talamh, agus measann siad go bhfuil a bport á athrú ar na Rúisigh anois agus iad ag díriú ar an bhfarraige agus ar an aer agus iad ag gabháil i muinín diúracáin fadraoin le cathracha a réabadh agus iad féin i bhfad uathu.

De réir tuairiscí ón Pentagon,  Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, tá saighdiúirí na hÚcráine ag seasamh an fhóid in aghaidh thrúpaí na Rúise agus athsheilbh á fáil acu ar áiteanna a bhí gafa ag na Rúisigh i gcuid den tír.

Tuigtear ó thuairiscí éagsúla le cúpla lá go bhfuil ceannas tógtha ar ais ag saighdiúirí na hÚcráine ar thalamh i mbruachbhailte in iarthuaisceart na príomhchathrach Cív agus thart ar chalafort Mykolaiv ar an Muir Dhubh.

Tuairiscítear go bhfuil bratach na hÚcráine ar foluain arís i mbruachbhaile Makariv, siar ó Chív.

Ach níl stad ná staonadh ar bhombardú na Rúise ar chalafort Mariupol sa deisceart, agus thart ar 100,000 sibhialtach sáinnithe sa gcathair agus iad ar an ngannchuid.

Fág freagra ar 'Uachtarán SAM sa Bhruiséil agus súil le fógra faoi chúnamh airgid agus míleata sa bhreis don Úcráin'