Uachtaráin, uachtarlanna agus neart steipeanna ar TG4

Uaireanta aithníonn tú nach buaileam sciath amháin a bhí ag éirí thiar as mana 'Súil eile' TG4

Pic: Seán Ó Mainnín

Bhí an tsluaghairm ‘Súil Eile’ mar rosc catha, barrshamhail agus gáir mhaíte ag TG4 nuair a tháinig sé ar an bhfód i 1996. Is minic ó shin an tsluaghairm chéanna á casadh leis go seanbhlastúil, searbhasach ag lucht a cháinte. Nuair a chíonn tú Steip Beo 2014 (Dé Sathairn, TG4 ) aithníonn tú nach buaileam sciath amháin a bhí ag éirí thiar as an mana.

Tá deich mbliana caite ó thosaigh TG4 ag craoladh na steipeadaíle den chéad uair agus bhí an t-aonú craoladh déag faoi lán tseoil nuair a luíos ar an gcnaipe. Níorbh fhada gur meabhraíodh dom cé chomh mealltach is atá an fhoirm ealaíne seo, agus gan amhras ní gá Gaeilge a bheith agat le lán na súl a bhaint aisti.

Cé nach bhfuil mórán athruithe déanta ar léiriú an chláir ón gcéad lá, is bligeaird a gheobhadh locht air. Go deimhin, is iad na comórtais seo buaicphointe an Oireachtais do mhórán, cé nach ngéillfidh antoiscigh amhránaíocht an tsean-nóis don tuairim dhiamhaslach sin.

Ós ag caint ar an tSúil Eile mé, bhí sraith tuairiscí ag Nuacht TG4 i rith na seachtaine faoi thionscal na déiríochta ina raibh an meon céanna le sonrú. Sroichfear clochmhíle thábhachtach an bhliain seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh leis na cuótaí bainne.

Thug na tuairiscí éachtaint dúinn ar thraidisiúin, dúshláin agus todhchaí na hearnála.

Ar an Luan thug Tomás Ó Mainnín sinn siar ar bhóithrín na smaointe agus seanfhundúirí Duibhneacha ag caint go maoithneach faoi laethanta an chreamaraí.

Is maith a thaitneodh an turas sin le comghleacaí Duibhneach an Mhainnínigh, Seán Mac an tSíthigh (láithreoir Béaloideas Beo), ach bhí sé siúd imithe ar thuras go dtí an Aetóip agus é ina ghobadán ag tuairisciú ar thuras an Uachtaráin do chláracha nuachta TG4 agus RTE. Deirimse súile eile leat.

Bhíomar croite go maith tar éis an chláir leathdhéanaigh de Love/Hate (RTE 1, Dé Domhnaigh) ach ní fada uainn ceann scríbe. Dar liom nár éirigh leis an ngála seo buaicphointí na gclár eile a bhaint amach.

D’imigh an radharc ina raibh Siobhan i bhfolach faoin gcarbhán ar bhóiléigear. Ní gá don táirge seo dul i muinín cleasaíocht sheanchaite den saghas seo. D’éirigh le Fran éalú óna Gharda san ospidéal nuair a chroch sé as na sandals é (faoi mar a déarfadh fear Chonamara), ach bhí blas mínádúrtha air seo chomh maith. Ina dhiaidh sin féin, tá na máithreacha leagtha agus táimid ag fanacht go gcuirfear an dlaoi mhullaigh ar an tsraith is fearr go dtí seo.

Tá An Bronntanas (TG4, Déardaoin) é féin ag teannadh chun deiridh. An tseachtain seo, géaraíodh ar an bhforéigean agus chuir an radharc deireanach rud éigin ó Dexter Breaking Bad i gcuimhne dom.

Arís eile bhí míreanna áirithe nár luigh i gceart liom, áiteanna gur éirigh le sruth an scéil an ceann is fearr a fháil ar an réalachas. Rudaí beaga cosúil leis an an triúr laochra ag scéiméireacht le hoibrí coiscéim coilligh taobh thiar díobh agus an mháthair Magill fágtha sa mbaile léi féin nuair a fhuadaítear Macdara.

Ina dhiaidh sin féin, is táirge cumasach é seo agus an aisteoireacht, go háirithe, ar chaighdeán ard. Tá ceann scríbe fuilteach romhainn amach.

Fág freagra ar 'Uachtaráin, uachtarlanna agus neart steipeanna ar TG4'