‘Twist the bottom and the hidden knife emerges’ – béaldath bréige mídhleathach

Imní faoi sceana folaigh agus uirlisí ‘féinchosanta’ eile a bheith á ndíol ar shuímh ghréasáin

‘Twist the bottom and the hidden knife emerges’ – béaldath bréige mídhleathach

An rachfá amach le haghaidh na hoíche le duine a raibh scian ar iompar aige? Nó céard faoi dhul le grúpa ban chuig club oíche agus béaldath bréige ar iompar ag duine acu ar scian fholaigh a bhí ann i ndáiríre? Tá a fhios agam na freagraí a bheadh agam féin agus déarfainn ag mórán de léitheoirí Tuairisc.ie ar na ceisteanna sin – No way!

Tá díospóireacht theasaí ar na meáin shóisialta agus sna meáin thraidisiúnta le tamaillín anuas faoi sceana ceilte den chineál seo a bhfuil fáil go héasca orthu anois ar bheagán costais, go háirithe i Meiriceá. Níor thóg sé ach roinnt nóiméad orm ar an idirlíon sceana mar seo a aimsiú agus iad curtha i láthair mar a bheadh béaldath nó mar chíor ghruaige ann – uirlisí contúirteacha a dhíoltar mar earraí ‘cosanta’. Ar ndóigh, is uirlisí ionsaithe iad freisin ach ní luaitear sin sa mhargaíocht a dhéantar orthu.

Seo an chomhairle atá ar shuíomh gréasáin Meiriceánach amháin faoi na sceana a dhíoltar mar bhéaldath: ‘Twist the bottom and the hidden knife emerges. It is ideal for jabbing and slashing your way to safety’. Deirtear go bhfuil siad ‘eacnamúil’ iad a cheannach agus nach ndíoltar iad ach le daoine atá os cionn 18 mbliana d’aois!

Ach mura bhfuil scian fholaigh uait, tá roghanna eile ar fáil – béaldath ar sprae piobair é – ‘Just pull the cap off and spray away’. B’fhéidir gurbh fhearr leat stiúdghunna atá curtha i láthair mar fhón póca – ‘When you pull out this stun gun your attacker will think it is a cell phone. By the time he realises it is a stun gun it will be too late’.

Tá sé mídhleathach amach is amach airm ionsaitheacha den chineál seo a iompórtáil isteach sa tír seo, iad a iompar ná go deimhin iad a úsáid. Ach na huirlisí atá ar fáil i Meiriceá i ré seo an idirlín, ní fada go n-éireoidh le daoine seilbh a fháil go héasca orthu anseo freisin. Bheifí ag súil go n-éireodh le lucht custaim agus le lucht slándála idirghabháil a dhéanamh agus teacht ar chuid éigin de na hairm seo faoi bhealach ach is deacair a bheith cinnte go n-éireodh leo i gcónaí. 

Is beag breitheamh cúirte a ghlacfadh leis mar leithscéal gur gníomh féinchosanta a bhí ann duine a shá le scian ar bhéaldath bréige a bhí ann i ndáiríre. Ar an mbealach céanna ní ghlactar sa chúirt leis an argóint gur á chosaint féin a bheadh an duine a d’úsáidfeadh gránghunna ar ghadaí fiú agus ceadúnas ag an duine don arm sin.

Ach murar leor na hargóintí dlíthiúla le tabhairt ar dhuine gan arm den chineál seo a iompar, tá argóint thábhachtach eile ann. Samhlaigh go raibh seilbh ag duine ar arm folaigh den chineál seo agus cruth béaldatha, cíor nó fón póca air ach gur éirigh leis an ionsaitheoir é a tharraingt chucu féin. D’fhéadfadh go mbeadh an scéal míle uair níos measa agus an uirlis ‘fhéinchosanta’ á úsáid ansin mar chuid den ionsaí.

Cén bealach gur féidir le duine iad féin a chosaint ar ionsaí gan iad féin a chur i gcontúirt nó an dlí a bhriseadh? An chomhairle is coitianta a fhaightear faoi seo ná a bheith eolach ar an gcomhluadar agus ar an áit ina mbíonn tú leis an mbaol a sheachaint nó, ar a laghad, a laghdú.

Chomh maith leis sin bíonn cúrsaí féinchosanta de chineál éigin ar fáil i mbeagnach gach baile mór sa tír, cuid acu dírithe go speisialta ar mhná. Tá sainchúrsaí ar leith ann, ina measc ‘Krav Maga’,  ‘Close Quarter Combat’ nó ‘Senshido’ a gheallann bunscileanna a theagasc go sciobtha do dhuine. An buntáiste mór le cúrsaí féinchosanta ná gur cheart go bhfanfadh na scileanna le duine ar feadh na mblianta fada agus nach mbeadh aon ghá le scian fholaigh nó aon imní faoin dlí. 

Fág freagra ar '‘Twist the bottom and the hidden knife emerges’ – béaldath bréige mídhleathach'