Tús úr – an t-ádh le foireann na hÉireann gur in aghaidh na hAlban atá siad

Nuair a d’fhógair Andy Farrell a fhoireann Dé Máirt seo caite ba léir go raibh sé ag cur meascán den taithí agus den óige chun páirce agus cé a chuirfeadh milleán air?

Tús úr – an t-ádh le foireann na hÉireann gur in aghaidh na hAlban atá siad

Andy Farrell agus Johnny Sexton. INPHO/Dan Sheridan

Ní róshásta a bhí lucht leanta fhoireann rugbaí idirnáisiúnta na tíre seo le hiarrachtaí na foirne le linn chomórtas Chorn an Domhain.  

Ach ó tharla bainisteoir nua, Andy Farrell, agus captaen nua, Johnny Sexton, a bheith tagtha  i gcomharbacht ar Joe Schmidt agus Rory Best, beidh chuile dhuine ag súil le hathrú meoin agus cur chuige ón lagthaispeántas a chonaic muid uathu sa tSeapáin agus iad san iomaíocht i gcomórtas na Sé Náisiún, comórtas a bhfuil tús á chur leis inniu. 

Seans go bhfuil an t-ádh ar na Gaeil gur sa mbaile i Staid Aviva a bheas siad ag cur chun páirce i gcoinne na hAlban, foireann ar thug siad greadadh (27-3) dóibh i mBabhta 1 de Chorn an Domhain i mí Mheán Fómhair seo caite. Níor éirigh le hAlbain na babhtaí ceathrú ceannais den chomórtas sin a bhaint amach, rud a rinne na hÉireannaigh sular chuir an Nua-Shéalainn an ruaig orthu.

Idir an dá linn is in olcas a chuaigh cúrsaí in Albain. Seachtain ó shin, thug bainisteoir na foirne Gregor Townsend bata agus bóthar do Finn Russell, an t-imreoir is fearr a bhí acu, rud a fhágann go bhfuil siad níos laige ná mar ba cheart dóibh a bheith inniu.

Cé go raibh cúpla cinneadh mór le déanamh ag Andy Farrell agus é ag roghnú a chéad fhoireann idirnáisiúnta níor cheart go mbeadh mórán stró orthu an lámh in uachtar a fháil ar fhreasúra an lae inniu.

Ní raibh áit ar phainéal Farrell do Rob Kearney, rud a d’fhág muid ar fad ag tomhas cé acu Addison (Cúige Uladh) nó Larmour (Cúige Laighean) a bheadh ina lánchúlaí. Bhí an chaint chéanna ann faoi cé acu Conor Murray nó John Cooney a roghnófaí mar leathchúlaí clibirte ach chuir Farrell a mhuinín sa taithí ag an leibhéal seo atá ag fear Luimnigh. I measc na dtosaithe bhí cinneadh le déanamh aige maidir le Healy nó Killcoyne mar fhrapa agus maidir leis an húcálaí. Sa líne chúil tosaithe a bhí an cinneadh ba chrua ar fad le déanamh aige. Sa deireadh d’fhág sé Peter O’Mahony i measc na n-ionadaithe agus thug sé tús áite don ógánach Caelan Doris. 

Nuair a d’fhógair Farrell a fhoireann Dé Máirt seo caite ba léir go raibh sé ag cur meascán den taithí agus den óige chun páirce agus cé a chuirfeadh milleán air? 

Ní dóigh go mbeidh ar a chumas greim a fháil ar an gcraobh ina chéad séasúr i gceannas, go háirithe agus a fhoireann ag imirt as baile i gcoinne dhá fhoireann céad rogha na coitiantachta, foirne Shasana agus na Fraince.

Tá mise ag tuar bua d’fhoireann na hÉireann inniu agus táim ag súil go mbeidh siad in ann an lá a thabhairt leo agus iad ag imirt i Staid Aviva i gcoinne na Breataine Bige agus na hIodáile. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh agus taispeántas maith a thabhairt i Londain faoi cheann trí seachtaine agus i bPáras ag deireadh an chomórtais, beidh an lucht leanta sin atá in ísle brí faoi láthair sásta arís.

Maidir leis na cluichí eile an deireadh seachtaine seo, seans gur sa gceann amárach idir na Francaigh agus na Sasanaigh i bPáras a bheas an iomaíocht is fearr. Tá go leor ag tuar go mbeidh leathghreim ag an mbuaiteoir ar an gcraobh. 

Níl mé ag súil le toradh ar bith eile seachas bua éasca do na Breatnaigh agus iad i gcoinne na nIodálach in Caerdydd inniu.

Fág freagra ar 'Tús úr – an t-ádh le foireann na hÉireann gur in aghaidh na hAlban atá siad'