Tús scaoileadh na srianta dianghlasála fógartha ag an Taoiseach

Dheimhnigh an Taoiseach chomh maith go bhfuiltear ag moladh clúdach aghaidhe a chaitheamh laistigh, in áiteanna amhail an córas iompair poiblí agus siopaí

Tús scaoileadh na srianta dianghlasála fógartha ag an Taoiseach

Tá fógartha ag an Taoiseach gur féidir tús a chur Dé Luain le scaoileadh na srianta dianghlasála, mar atá beartaithe i bplean díchuibhrithe an Rialtais.

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go raibh dul chun cinn déanta maidir leis an víreas a choimeád faoi chois ach gur “cúis dóchais” seachas “cúis cheiliúrtha” a bhí sa bhfógra go bhfuil sé sábháilte tús a chur le scaoileadh na srianta tar éis 50 lá den dianghlasáil.

Chaithfí a bheith “an-chúramach go deo” go fóill, ar sé, agus bhí an baol ann i gcónaí gur ar gcúl a rachaimid.

Dúirt sé gur chóir do dhaoine fanacht sa bhaile agus tá an cosc ar thaisteal níos mó ná 5km ón teach fós i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh daoine cloí le cúig riail.

Caithfidh daoine fanacht sa mbaile ach amháin sna cúig chás seo, a dúirt sé.

1. Dul chun na hoibre mura bhfuil tú in ann oibriú ón mbaile agus má tá an t-ionad oibre ar oscailt. 2. Siopadóireacht d’earraí atá riachtanach. 3. Aclaíocht a dhéanamh laistigh de 5km ón mbaile. 4. Freastal ar riachtanais sláinte nó cúram a dhéanamh de dhuine eile. 5. Bualadh le cairde nó baill teaghlaigh lasmuigh i ngrúpaí nach mbeidh níos mó ná ceathrar iontu.

Fágann cinneadh an Rialtais inniu go bhfuil cead tugtha do bhreis is 1,000 gnó oscailt an Luan seo chugainn.

Ar na gnóthaí a fhéadfaidh oscailt ar an Luan tá – siopaí IT agus leictreachais, ionaid gharraíodóireachta, margaí feirme, siopaí rothar, garáistí carranna agus radharceolaithe.

Bhí siopaí earraí tí luaite chomh maith i measc na siopaí a mbeadh cead iad a oscailt arís an tseachtain seo chugainn ach deimhníodh tráthnóna nach raibh siad ar an liosta is déanaí ach beidh cead ag siopaí crua-earraí oscailt.

Fillfidh oibrithe foirgníochta agus garraíodóirí ar a gcuid oibre Dé Luain chomh maith agus beidh cead ag grúpa nach as an teach céanna iad agus nach bhfuil níos mó ná ceathrar ann cruinniú le chéile lasmuigh chomh fada agus go gcloíonn siad leis an scoitheadh fisiciúil agus fanacht dhá mhéadar ón chéile.

Fágann cinneadh an Rialtais go mbeidh na céad chéimeanna á nglacadh ag an Stát Dé Luain ar an ród go dtí an saol mar a bhíodh sular tugadh isteach an dianghlasáil 50 lá ó shin.

Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais agus mairfidh gach tréimhse trí seachtaine.

Mhol an tAire Sláinte Simon Harris do dhaoine a bheith stuama faoin tsaoirse nua seo a thapú.

Dúirt sé nár chall do chuile dhuine séirse a thabhairt bog te ar na hionaid gharraíodóireachta ná bualadh le chéile lasmuigh ina ngrúpaí beaga díreach mar gheall go bhfuil an cead sin acu.

Tá béim á leagan ag oifigigh sláinte phoiblí nach bhfuil aon treoir á thabhairt sna bearta maolaithe seo do dhaoine cuireadh a thabhairt dá gcairde teacht ag an teach le haghaidh beárbaiciú.

Dheimhnigh an Taoiseach chomh maith go bhfuiltear ag moladh clúdach aghaidhe a chaitheamh laistigh sa chás nach féidir cloí leis an scoitheadh fisiciúil dhá mhéadar, in áiteanna amhail an córas iompair poiblí agus siopaí.

Moladh a bheidh á dhéanamh faoin gclúdach aghaidhe a chur ort seachas é a bheith éigeantach.

Táthar ag moladh a leithéid mar bheart breise sláinteachais i gcomhar le níochán na lámh agus an scaradh sóisialta.

Beidh feachtas á sheoladh chun comhairle a chur ar dhaoine le go bhféadfaidh siad a masc féin a dhéanamh ionas nach gcuirfear as don soláthar mascanna aghaidhe speisialta don lucht leighis.

Fág freagra ar 'Tús scaoileadh na srianta dianghlasála fógartha ag an Taoiseach'