Tús maith le ‘An Focal Scoir’ ach focál nua ar ‘Holy F***’

An t-aon dúshlán atá roimh an gclár plé An Focal Scoir anois ná an caighdeán céanna a choimeád sna gálaí atá le teacht agus breith ar ábhar atá sa nuacht 

Tús maith le ‘An Focal Scoir’ ach focál nua ar ‘Holy F***’

Árais Máithreacha is Naíonán agus an Teist Aistrithe a bhí faoi chaibidil sa chéad ghála den tsraith nua de Focal Scoir (BBC2, Dé Luain). Ba léir go raibh meitheal an chláir ar a gcroí díchill tús maith a chur ar chúrsaí is buíon bhreá de rannpháirtithe bailithe isteach sa stiúideo agus ar scáileán don chlár leathuair an chloig seo. 

I mí Eanáir foilsíodh tuarascálacha ó thuaidh is ó dheas faoi na hÁrais Máithreacha is Naíonán.  Bhaineadar stangadh as an bpobal agus bhí conspóid ó dheas nuair a mhaígh na marthanóirí gur deineadh míléiriú ar a gcuid fianaise. B’fhéidir go bhfuil an teas ó thaobh na nuachta imithe as an scéal sin ach chinn Focal Scoir tabhairt faoi. 

Chuir Seán Ó Baoill agallamh ar Mharie Arbuckle agus d’inis sí a scéal truacánta féin go deisbhéalach agus go tochtmhar. Seoladh í go hÁras daichead bliain ó shin nuair a d’éirigh sí torrach agus í seacht mbliana déag d’aois. Cuimhne ghléin aici ar an lá uafásach a tógadh a leanbh uaithi i gcoinne a tola agus i ngan fhios di. B’éigean di bóthar fada achrannach a shiúl sular éirigh léi teacht ar a mac arís.  

Bhí Ciarán Dunbar agus Gormfhlaith Ní Thuairisg sa stiúideo agus phléadar an t-ábhar go tuisceanach eolgaiseach. Bhí Máire Bhreathnach i bhfeighil an tí agus dhein sí a cúram go pointeáilte ábalta ó thús deireadh an chláir. 

Bhí tuilleadh le teacht – scéalta lán misnigh ag Réaltán Ní Leannáin agus Philomena Ní Churraoin Harte mar aon le cíoradh acadúil ó Chiara Breathnach. Deineadh Philomena a uchtú as ceann de na hÁrais agus tógadh í i gCill Chiaráin i gConamara. Dar léi go mba cheart tuilleadh iniúchta a dhéanamh ar ról na n-aithreacha agus tuismitheoirí na máithreacha. 

I ndiaidh na míre sin deineadh plé ar an Teist Aistrithe, ábhar, b’fhéidir, nach mbeadh mórán suime ag an bpobal ó dheas ann. Tá sé ina chnámh spairne ó thuaidh, áfach, agus bhí tuairisc eile againn mar aon le dreasanna cainte leis an Dr Ian Malcolm, Risteard Mac Daibhéid agus Orla Nig Fhearraigh. 

An t-aon dúshlán anois ná an caighdeán céanna a choimeád sna gálaí atá le teacht agus breith ar ábhar atá sa nuacht. 

Caithfidh mé a rá nár bhaineas an oiread sin sásaimh as Holy F*** (RTÉ1, Dé Domhnaigh). ‘Séard a chuir an t-aisteoir agus fuirseoir Ardal O’Hanlon roimhe ná cíoradh a dhéanamh ar chlaonadh na nÉireannach a bheith ag eascainí. Cé go raibh an clár taitneamhach agus greannmhar in áiteanna ní raibh mórán téagair ag baint leis. Gan aon fhianaise ann gur mó mallacht a bhíonn ag an Éireannach ná aon chine eile. 

Lucht léinn is saineolais á dtarraingt isteach thall is abhus le hiarracht cuma níos staidéartha a chur ar chúrsaí. Braitheann an chláir ar thuiscintí agus teoiricí na rannpháirtithe faoi mheon an Éireannaigh. Bíonn gach cine ag eascainí le rabharta a scaoileadh tharstu. Bíonn an tÉireannach ag eascainí ar mhaithe leis an drámatúlacht, an greann agus le craiceann a chur ar scéal. É sin nó le geit a bhaint as duine nó iad a mhaslú. I mír chartlainne amháin cítear fear na mionnaí móra é féin, Tommy Tiernan, ar stáitse is é ag maíomh agus a theanga ina leathphluc aige go mbíonn sé ag eascainí mar gur Éireannach é a chaitheann Béarla a labhairt. 

Mheasas go ndéanfaí breis iniúchta ar thíriúlacht na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh ach bhí dul amú orm. Agallamh beag le Manchán Magan agus b’in uile.

Clár éadromchroíoch, neafaiseach nach raibh focál nua ann. 

Fág freagra ar 'Tús maith le ‘An Focal Scoir’ ach focál nua ar ‘Holy F***’'