Tús le haistear na gcorn

Cé nach bhfuil mí Feabhra buailte linn fós, beidh na chéad choirn peile den bhliain á mbronnadh ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Dé Satharn, 24 Eanáir

Corn Mhic Cionnaith – Cluiche Ceannais

Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte, atá ag lorg a cheathrú Corn Mhic Cionnaith le ceithre bhliain anuas. Pictúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte, atá ag lorg a cheathrú Corn Mhic Cionnaith le ceithre bhliain anuas. Pictúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

An Cabhán v Tír Eoghain, Páirc Lúthchleasaíochta, 7.30i.n.

Beidh Mickey Harte agus Tír Eoghain ag iarraidh a gceathrú Chorn Mhic Cionnaith a bhuachan as a chéile nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an gCabhán an deireadh seachtaine seo. Bhí bua suaithinseach acu i gcoinne Ard Mhacha sa chluiche leathcheannais oíche Dé Céadaoin, agus farasbarr ocht bpointe, 3-10 in aghaidh 1-8, acu i gcoinne fhoireann Kieran McGeeney.

Is iad Tír Eoghain an t-aon chontae a bhuaigh gach cluiche go dtí seo ach is iad an Cabhán an fhoireann a raibh an chosaint is fearr acu sa chomórtas. Beidh ar bhuachaillí Terry Hyland ag iarraidh an scór a choinneáil íseal arís i gcoinne Thír Eoghain má tá fúthú an lá a thabhairt leo.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Corn Mhic Craith – Cluiche Ceannais

Imreoir le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Conor Cox (ar chlé), atá ar cheann de phríomhimreoirí na foirne. Pictúr: INPHO/Presseye/Matt Mackey
Imreoir le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Conor Cox (ar chlé), atá ar cheann de phríomhimreoirí na foirne. Pictúr: INPHO/Presseye/Matt Mackey

Port Láirge v Coláiste na hOllscoile Chorcaigh, Páirc Uí Fhearchair, 6i.n.

mbeifeá ag tuar cérbh iad an dá fhoireann a bheadh páirteach sa chluiche ceannais seo ag tús na bliana, ní dóigh gurb iad an dá cheann seo a phiocfá. Bhain Phort Láirge áit amach sa chluiche ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh an Domhnach seo caite, a gcéad bhua orthu ó 1957.

Is ar IT Thrá a fuair Coláiste na hOllscoile Chorcaigh an ceann is fearr sa chluiche leathcheannais. Is iad an triúr Chiarraíoch sa líne lántosach, Thomas Hickey, Connor Cox agus an t-imreoir contae, Paul Geaney atá ag aimsiú an chuid is mó de na scóranna do na mic léinn agus iad ag fáil faoi réir do Chorn Mhic Síoghair an mhí seo chugainn. 

Rogha Tuairisc.ie: Coláiste na hOllscoile Chorcaigh

Dé Domhnaigh, 25 Eanáir

Corn Uí Bhróin – Cluiche Ceannais

Tosaí Bhaile Átha Cliath, Kevin McManamon, ag iarraidh éalú ó Mickey Burke i gcluiche leathcheannais Chorn Uí Bhróin. Pictúr: INPHO/Tommy Grealy
Tosaí Bhaile Átha Cliath, Kevin McManamon, ag iarraidh éalú ó Mickey Burke i gcluiche leathcheannais Chorn Uí Bhróin. Pictúr: INPHO/Tommy Grealy

Cill Dara v Baile Átha Cliath, An Droichead Nua, 2i.n.

soiléir go bhfuil Jim Gavin ag breathnú ar Chorn Uí Bhróin mar dheis féachaint ar na himreoirí maithe atá ag imirt ar fud contae Bhaile Átha Cliath ach nach bhfuair a seans go fóill. Den 15 a thosaigh i gcoinne na Mí an Domhnach seo caite, is iad Rory O’Carroll, Nicky Devereux agus Kevin McManamon an t-aon triúr a thosaigh i gcoinne na foirne céanna i gCluiche Ceannais Chúige Laighean 2014.

Deir Gavin go bhfuil chun coinneáil leis ag baint triail as imreoirí nua sa chluiche ceannais, cé gur theastaigh pointí déanacha uathu chun an ceann is fearr a fháil ar an Mí agus ar Laois sa chluiche roimhe sin. Tabharfaidh sé sin misneach do Chill Dara, atá ag iarraidh an comórtas a bhuachan don tríú bliain as a chéile. Níl cluiche crua faighte ag foireann Jason Ryan go dtí seo ach beidh siad ag súil le ceann ar an Domhnach.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Sraith FBD Chonnacht – Cluiche Ceannais

Ciarán Murtagh, a bheidh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Gaillimhigh i gcluiche ceannais na sraithe FBD an Domhnach beaag seo. Pictúr: INPHO/Donall Farmer
Ciarán Murtagh, a bheidh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Gaillimhigh i gcluiche ceannais na sraithe FBD an Domhnach beaag seo. Pictúr: INPHO/Donall Farmer

Ros Comáin v Gaillimh, Cill Tuama, 2.15i.n.

tús maith déanta ag Kevin Walsh mar bhainisteoir ar fhoireann na Gaillimhe, iad cáilithe do chluiche ceannais na sraithe FBD den chéad uair le cúig bliana anuas. Tá iarimreoir na Gaillimhe fós ag cur aithne ar na himreoirí uile sa chontae, agus dá bhrí sin, níl mórán seasmhachta ag baint leis na foirne a roghnaíonn sé. Tar éis na dtrí chluiche go dtí seo, i gcoinne Liatroma, Shligigh agus IT na Gaillimhe/Mhaigh Eo a bhuachan, beidh ar Walsh an 15 is fearr a phiocadh don chluiche ceannais Dé Domhnaigh.

Is é an chúis atá leis sin ná go bhfuil foirne láidre curtha amach ag bainisteoir Ros Comáin, John Evans, sa Sraith FBD go dtí seo. Thosaigh 12 de na himreoirí a d’imir in aghaidh Ard Mhacha sa chraobh anuraidh sa bhua i gcoinne Mhaigh Eo. Is iad na deartháireacha, Diarmuid agus Ciarán Murtagh, príomhthosaithe Ros Comáin – iad ag aimsiú 1-8 den 2-12 a chinntigh an bua dóibh an Domhnach seo caite.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin