Tús á chur le hearcú ionadaithe do choiste a réiteoidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge

Tá sé i gceist beirt a earcú, duine a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGaeltacht agus duine eile a dhéanfaidh ionadaíocht ar phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, don choiste a bhunófar faoin Acht Teanga leasaithe

Tús á chur le hearcú ionadaithe do choiste a réiteoidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge

Tá sé ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers go bhfuil sé mar “phríomhthosaíocht” aige comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar lucht na Gaeilge a earcú ar choiste nua atá le bunú chun plean an Rialtais i dtaobh soláthar seirbhísí i nGaeilge a ullmhú.

Tá sé i gceist beirt a earcú, duine a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGaeltacht agus duine eile a dhéanfaidh ionadaíocht ar phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge atá le bunú faoin Acht Teanga leasaithe.

Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach, is í sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. 

Státseirbhísigh shinsearacha a bheidh i bhformhór na gcomhaltaí ar an gCoiste Comhairleach ach tá foráil san Acht freisin go n-ainmneofar comhalta amháin ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge mar ionadaí do cheantair na Gaeltachta agus go mbeidh Gaeilgeoir eile ainmnithe mar ionadaí do limistéir nach ceantair Ghaeltachta iad.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh súil aige go gcuirfear tús leis an bpróiseas ceapacháin “gan mhoill”.

Agus é ag freagairt ceist Dála ón Teachta Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire Stáit go raibh ráite ag Roinn na Gaeltachta leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go bhfuil siad ag iarraidh tús a chur leis an bpróiseas. 

“Tá sonraíocht poist á hullmhú ag mo chuid oifigeach le tabhairt don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an gcomórtas gan mhoill.

“Beifear ag lorg moltaí maidir leis na comhaltaí eile a bheidh le hainmniú ag comhlachtaí poiblí don Choiste in am trátha,” a dúirt an tAire Stáit Chambers.

Leagtar amach san Acht Teanga go mbeidh idir seisear agus 11 comhalta ar an gcoiste agus gurb é an tAire a cheapfaidh gach duine acu. 

Beidh comhaltaí ainmnithe mar ionadaithe ag Roinn na Gaeltachta, an Roinn Caiteachais Phoiblí, agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ceapfaidh an tAire suas le seisear eile a bheidh ainmnithe mar ionadaithe ag comhlachtaí poiblí cuí. Is é an tAire freisin a roghnóidh Cathaoirleach an choiste agus is den riachtanas gur cainteoir Gaeilge an duine seo.

Agus an Bille Teanga ag dul tríd Tithe an Oireachtais bhain conspóid le diúltú an Aire Stáit Chambers do mholadh go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre ag an gcoiste.

Dúirt sé ag an am go raibh fadhb ann ó thaobh líon na státseirbhíseach sinsearach a raibh Gaeilge acu agus go gcaithfí glacadh leis go mbeadh daoine gan Ghaeilge ar an gcoiste ar dtús ar mhaithe le feabhas a chur ar chúrsaí.

Tá an Coiste Comhairleach le bunú taobh istigh de shé mhí ón lá ar ritheadh an Acht, rud a fhágann go gcaithfear na ceapacháin a dhéanamh roimh dheireadh mhí an Mheithimh. Beidh dhá bhliain ansin ag an gcoiste chun an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú.

Faoin bplean bheadh sé i gceist níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a reáchtáil, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint d’fhostaithe.

Fág freagra ar 'Tús á chur le hearcú ionadaithe do choiste a réiteoidh plean nua an Stáit do sheirbhísí Gaeilge'