Tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i limistéar eile i dTír Chonaill

Níl fágtha anois ach trí cheantar Gaeltachta nach bhfuil tús oifigiúil curtha leis an bpróiseas pleanála teanga iontu

Tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i limistéar eile i dTír Chonaill

Tá tús oifigiúil curtha le próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht Láir i gContae Thír Chonaill.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna go bhfuil fógra foilsithe maidir leis an limistéar pleanála teanga sa cheantar ina bhfuil Baile na Finne, Clochán agus Breacaigh.

Fágann sé sin go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i 23 limistéar agus nach bhfuil fágtha anois ach trí cinn nach bhfuil an próiseas tosaithe iontu.

Tabharfar tréimhse suas le dhá mhí d’eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta go roghnófaí iad chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sa Ghaeltacht Láir.

Ón dáta a roghnóidh Údarás na Gaeltachta an eagraíocht, beidh suas le dhá bhliain aici chun plean teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Roinne, a dhéanfaidh measúnú air de réir na gcritéar pleanála teanga atá forordaithe. Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag an eagraíocht chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Is iad na trí cheantar Gaeltachta nach bhfuil tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga iontu go dtí seo Bearna-Cnoc na Cathrach, Oirthear Chathair na Gaillimhe agus Achréidh na Gaillimhe. Meastar gur ceantair Ghaeltachta iad sin atá thar a bheith lag ó thaobh na Gaeilge de.

Fág freagra ar 'Tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i limistéar eile i dTír Chonaill'