Tús curtha leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta

Tá teagmháil déanta ag Roinn na Gaeltachta le Comhairlí Contae agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi bhord nua a cheapadh ar an eagraíocht fiontraíochta

Tús curtha leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta

Tá tús curtha ag Roinn na Gaeltachta leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta. Sheol an Roinn litreacha chuig Comhairlí Contae na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí le déanaí ag tabhairt cuireadh dóibh duine a ainmniú a bheadh le ceapadh ag Aire na Gaeltachta ar Bhord na heagraíochta fiontraíochta.

Thug urlabhraí ón Roinn le fios do Tuairisc.ie chomh maith go bhfuil plé tosaithe leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir leis an seachtar comhaltaí atá le ceapadh ag an Aire. “Tá an Roinn muiníneach go gcuirfear tús leis an bpróiseas sin go luath,” a dúirt an t-urlabhraí.

Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta.

Beidh tréimhse cúig bliana an bhoird reatha istigh ar an 20 Samhain.

Nuair a d’fhógair rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre go raibh deireadh á chur le toghchán an Údaráis, dúradh gur ar mhaithe le hairgead a shábháil agus Bord na heagraíochta a dhípholaitiú a rinneadh an cinneadh sin.

Dúradh chomh maith go bhfágfadh an córas nua ceapacháin go mbeadh saineolaithe i réimsí éagsúla, go háirithe sa phleanáil teanga, ar an mbord feasta.

Ní mó ná sásta a bhí daoine áirithe, áfach, nuair a fógraíodh an chéad bhord ‘neamhthofa’ in 2012 toisc nach raibh aon saineolaí aitheanta sa phleanáil teanga ina measc siúd a ainmníodh.

Beidh bord nua an Údaráis ag plé le príomhfheidhmeannach nua agus an cúram sin ar Mhicheál Ó hÉanaigh, a tháinig i gcomharbacht ar Steve Ó Cúláin, Dé hAoine seo caite.

Fág freagra ar 'Tús curtha leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta'