Tús curtha le taifeadadh scannán nua hip-hop faoi rapálaithe na Gaeilge

Breis agus €1 milliún atá faighte ag fadscannán KNEECAP, ar leagan drámata é de shaol na gceoltóirí Móglaí Bap, D.J. Próvaí and Mo Chara i gcathair Bhéal Feirste

Tús curtha le taifeadadh scannán nua hip-hop faoi rapálaithe na Gaeilge

Tá na rapálaithe as Béal Feirste KNEECAP ar seit i nDún Dealgan an tseachtain seo agus tús curtha acu le taifeadadh scannán dátheangach nua hip hop.

Breis agus €1 milliún atá faighte ag an fhadscannán ‘dátheangach’ KNEECAP, ar leagan drámata é de shaol na gceoltóirí Móglaí Bap, D.J. Próvaí and Mo Chara i gcathair Bhéal Feirste.

Beidh cuid mhaith den taifeadadh á dhéanamh in iarthar Bhéal Feirste, ceantar dúchais Móglaí Bap agus Mo Chara.

Chuir KNEECAP teachtaireacht amach ar na meáin shóisialta ag iarraidh ar a gcuid leantóirí a bheith páirteach i scannánú “mórcheolchoirm” atá á taifeadadh i nDún Dealgan an tseachtain seo.

Beidh siad ag lorg tuilleadh dá leantóirí le bheith páirteach i radharcanna eile atá á dtaifeadadh ag deireadh na míosa, a dúradh.

Tá ráite ag KNEECAP go mbeidh a scannán ar “an scannán Gaeilge is fearr riamh” agus go mbeidh “aisteoirí mór le rá” le feiceáil ann.

An scannánóir Rich Peppiatt, a raibh a  chéad scannán, One Rogue Reporter, le feiceáil ar Netflix,, a scríobh an script do KNEECAP agus atá á stiúradh.

Is é Trevor Birney, ón chomhlacht léiriúcháin Fine Point Films i mBéal Feirste, atá ag léiriú an scannáin. Ba é Birney a léirigh 66 days, scannán faisnéise mór le rá faoi Bobby Sands.

Roghnaíodh script KNEECAP, do ‘Mother Tongue Award’ in 2021, scéim do scannáin atá i mbun forbartha i dteanga eile seachas an Béarla.

Chuir Scáileán Thuaisceart Éireann €450,00o ar fáil do KNEECAP agus fuair sé maoiniú €350,000 ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus €205,000 ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Beidh an scannán á chraoladh ar TG4 agus BBC Tuaisceart Éireann.

Idir an dá linn, tá sé fógartha ag KNEECAP, a d’eisigh a gcéad amhrán ‘C.E.A.R.T.A’. in 2018, go mbeidh a gcéad albam réidh le cur amach go luath.

Fág freagra ar 'Tús curtha le taifeadadh scannán nua hip-hop faoi rapálaithe na Gaeilge'