Tús curtha le Féilte Peile Gael Linn 2015 i Ráth Chairn ghlas na Mí

Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach a thug an svae leo sa chluiche ceannais. Cúig fhéile peile ar fad a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh.

Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc
Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach, tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan. Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Ceadaoin, 13 agus Déardaoin, 14 Bealtaine 2015
Seán leis na captaein
Bhronn Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta, Gael Linn, an corn ar an mbeirt chaptaen a bhí ag foireann bhuacach Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Jake Ó Raghallaigh ( ar chlé ) agus Oisín Ó Ceallaigh ( ar dheis ).

Reáchtáladh an chéad cheann d’fhéilte peile Gael Linn 2015  i nGaeltacht Ráth Chairn tráthnóna inné agus maidin inniu.  Thaisteal foirne ó Ghaelscoil Nás na Ríogh, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc,  Ceatharlach, Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara, Scoil Santain, Tamhlacht, Baile Átha Cliath agus Scoil Náisiúnta Bhaile Mhic Airt, An Sean Phobal le bheith páirteach san fhéile mar aon leis an bhfoireann baile, Scoil Náisiúnta Ráth Chairn.  Suas le 160 scoláire ón ocht scoil,  mar aon lena gcuid múinteoirí, a ghlac páirt san fhéile  i Ráth Chairn  tráthnóna inné.

Dhá chluiche a d’imir gach foireann ar Pháirc CLG Ráth Chairn. Foirne meascaithe a bhí i gceist, le naonúr imreoirí  an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh  ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Ba é Éanna Ó Conghaile a bhí i mbun riaradh na gcluichí, agus ba air Kevin Ó Conghaile agus Mícheál Mac Donncha a bhí i mbun réiteoireachta.

Bhí an-chluiche sa chraobh idir Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach agus Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca  ach is ag foireann Cheatharlach a bhí an bua ar deireadh, le scór 4-9 go 3-3.  Bronnadh Corn Gael Linn ar na captaein, Jake Ó Raghallaigh agus Oisín Ó Ceallaigh, agus ba chúis mór sásaimh a mbua dá múinteoirí,  Andrea Ní Mhathúna  agus Art Ó Grifín.

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Sceimeanna Náisiúnta, Gael Linn: ‘Is mian leis an eagras deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag imeachtaí spreagúla ar nós na féilte peile a eagraímid,  ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha.  Táimid i nGael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn agus don chumann peile áitiúil as ucht a dtacaíochta leanúnach don ócáid bhliantúil seo’

Cúig fhéile peile ar fad a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh,  i gCúige Laighean, i gCúige Uladh agus  i gCúige Chonnacht, le dhá cheann i gCúige Mumhan le freastal ar éileamh ó na scoileann sa taobh sin tíre.

Fág freagra ar 'Tús curtha le Féilte Peile Gael Linn 2015 i Ráth Chairn ghlas na Mí'