Tá an chéad chéim tugtha i ndúshlán cúirte in aghaidh an chinnidh a rinne an tAire Liz Kimmins comharthaíocht dhátheangach a chrochadh i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste agus a chuid páipéar leagtha isteach ag an ngníomhaí frith-Ghaeilge Jamie Bryson.
Tá Bryson ag iarraidh go gcuirfí stop leis an obair atá le tosú ar an stáisiún traenach agus busanna i lár na cathrach.
Cheadaigh an tAire Bonneagair Liz Kimmins an chomharthaíocht dhátheangach an mhí seo caite ach tá sé ina raic ó shin agus aontachtóirí ag éileamh gur i mBéarla amháin a bheadh an chomharthaíocht sa stáisiún nua.
Dúirt an DUP ag tús na míosa seo go raibh sé i gceist acu dúshlán a thabhairt don chinneadh.
I dteachtaireacht a sheol sé chuig lucht tacaíochta an pháirtí, dúirt ceannaire an DUP, Gavin Robinson, go raibh airí an DUP san Fheidhmeannas tar éis scríobh chuig an Aire Kimmins ag cur in aghaidh an chinnidh.
Tá Jamie Bryson ag lorg athbhreithniú breithiúnach ón Ardchúirt i mBéal Feirste in aghaidh na Roinne Bonneagair agus é ag maíomh go ndearnadh an cinneadh comharthaíocht dhátheangach a chrochadh gan faomhadh a fháil ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt.
Leagtar amach i rialacha Thionól an Tuaiscirt go gcaithfidh airí an Tionóil cinntí móra agus conspóideacha a thabhairt os comhair an chomhrialtais. Tá Bryson ag maíomh gur cinneadh conspóideach é comharthaíocht dhátheangach a chrochadh sa stáisiún. Is faoin gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly a dhéanamh amach céard is cinneadh conspóideach ann.
Dheimhnigh an comhlacht iompair Translink níos túisce an mhí seo gur cuireadh stop leis an obair ar an stáisiún a fhad is a bhí ceist na comharthaíochta ina cnámh spairne ar fhaitíos go dtabharfaí an cás os comhair na hArd-Chúirte.
“Ní raibh toradh sásúil ar an gcumarsáid réamhchaingne, agus an tAire ag cloí lena tuairim aisteach gan dealramh nach conspóid é crochadh na comharthaíochta.
“Dá réir sin, cuireadh páipéir fhoirmeálta isteach ar maidin, agus iarratas ann go mbrostófaí iarratas ar urghaire le go gcuirfí síneadh leis an ngealltanas a tugadh cheana nach dtosófaí ar aon obair go dtí go mbeadh deireadh le gnó na cúirte,” a dúirt Bryson.
Dúirt sé nach bhfuil Straitéis Gaeilge aontaithe ag páirtithe an Fheidhmeannais agus go raibh an tAire Kimmins tar éis straitéis dá cuid féin a cheapadh agus a chur i bhfeidhm – rud atá in aghaidh an dlí, dar leis.
Is é Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste, a d’oscail mí Mheán Fómhair seo caite, an lárionad iompair is mó in Éirinn. Bhí conspóid ann nuair a osclaíodh é mar nach raibh aon chomharthaíocht dhátheangach le feiceáil agus mar gur Weavers Cross amháin a tugadh ar an bhforbairt nua, in ainneoin go raibh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus lucht feachtais ag éileamh go mbeadh brandáil agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil ann.
Meastar gur thart ar £120,000 a chosnóidh sé na comharthaí nua a chur in airde ach tá stop curtha leis an bpróiseas deartha toisc go bhfuil cás dlí tugtha ag an ngníomhaí dílseach Jamie Bryson i gcoinne na Roinne Bonneagair.
Fág freagra ar 'Tús curtha le dúshlán cúirte in aghaidh comharthaíocht dhátheangach i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste'