Tús curtha le comhairliúchán poiblí faoi thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta

Gealladh i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar chás an toghcháin ar cuireadh deireadh leis faoi Acht na Gaeltachta 2012

Tús curtha le comhairliúchán poiblí faoi thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí i dtaobh thoghchán Údarás na Gaeltachta, fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta.

D’fhógair Jack Chambers inniu go raibh tús á chur “láithreach” leis an bpróiseas ar mhaithe le tuairimí an phobail a lorg faoin leagan amach atá ar bhord an Údaráis.

Gealladh i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar chás an toghcháin ar cuireadh deireadh leis faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá go dtí an 25 Márta ag daoine a dtuairimí agus a moltaí faoi Bhord na heagraíochta agus an tslí a roghnaítear é a chur faoi bhráid Roinn na Gaeltachta.

Mar chuid den phróiseas a fógraíodh inniu, tá bileog eolais agus ceistneoir foilsithe ag Roinn na Gaeltachta ar a suíomh idirlín.

I measc na n-ábhar a luaitear sa phlécháipéis faoi cheist an Bhoird, tá cúrsaí cothromaíochta ó thaobh inscne agus na scileanna a shíltear atá riachtanach do Bhord nua-aimseartha atá ag freastal ar an nGaeltacht.

Tá sé i gceist ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán comhairleoirí a cheapadh le hanailís a dhéanamh ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin agus moltaí a dhéanamh i dtaobh na ceiste.

Theip ar an dá iarracht a rinneadh go dtí seo teacht ar chomhairleoirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta agus struchtúr an Bhoird.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “áthas” air deis a thabhairt don phobal a gcuid moltaí a roinnt faoin gcaoi a roghnaítear agus a gceaptar” Bord an Údaráis.

“Fáilteoimid go mór roimh thuairimí agus moltaí faoin ábhar. Is é an cuspóir foriomlán leis an bpróiseas féachaint chuige go bhfuil fáil ag an Údarás ar an saineolas agus ar na scileanna ábhartha cuí atá riachtanach maidir le feidhm an bhoird– rud atá ar leas foriomlán an Údaráis agus na bpobal ar a ndéanann sé freastal i ndeireadh báire mar fhoras stáit.

“Creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh glór agus ionchur cuí ag pobal na Gaeltachta san obair dhúshlánach a dhéanann an Bord ar leas an Údaráis agus phobal na Gaeltachta.”

Deir Sinn Féin go bhfuil an cheist faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais “socraithe” mar go bhfuil muintir na Gaeltachta ar a son.

Fág freagra ar 'Tús curtha le comhairliúchán poiblí faoi thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta'