Tús curtha i nDún na nGall le triail fir a bhfuil ionsaithe mígheanasacha curtha ina leith

Líomhnaítear go ndearnadh na hionsaithe ar fhear óg idir Meitheamh 2000 agus an Meitheamh 2001

cúírt

Tá tús curtha inniu i gcúirt chuarda Leitir Ceanainn le triail fir a bhfuil sé chúis d’ionsaithe ró-mhígheanasacha ar fhear óg curtha ina leith.

Líomhnaítear go ndearnadh na hionsaithe seo ar dhátaí anaithnid idir an 5 Meitheamh 2000 agus an 4 Meitheamh 2001 i dteach i gContae Dhún na nGall agus go raibh an gearánaí faoi 17 bliain ag an am. Tá an fear atá cúisithe, nach bhfuil cead a ainm a thabhairt, 72 bliain d’aois agus tá sé ag pléadáil neamhchiontach.

Tugadh le fios go mairfeadh an cás, atá á éisteacht ag an mBreitheamh Francis Comerford, dhá nó trí lá.

Tugadh cead ateangaire a bheith i láthair sa chúirt mar go raibh finné amháin ag tabhairt fianaise i nGaeilge.

Thug an gearánaí le fios go ndearna sé gearán faoin scéal leis na Gardaí ar an 28 Aibreán 2011. Dúirt an fear óg go raibh sé ólta nuair a nocht an cúisí é féin dó sa seomra suí i dteach i nDún na nGall. Dúirt sé gur leag an cúisí ansin lámh air agus gur iarr sé air lámh a chur air féin fosta.

Dúirt an fear óg gur iarr an fear air i ndiaidh an eachtra an scéal a choinneáil mar rún eatarthu beirt.

Mhaígh an gearánaí chomh maith gur iarr an fear air gnéas béil a thabhairt dó ar ócáidí eile sa teach céanna. Dúirt an gearánaí go ndearna an fear an gníomh céanna leis.

Dúirt an fear óg go raibh fadhb óil aige féin ag an am, gur ghnách leis dul ag lorg dí i dtithe tábhairne agus go bhfeicfeadh an cúisí é ag ól leis féin. Dúirt sé go mbíodh sé corruair i dteach an chosantóra ag ól agus nach dtarlódh rud ar bith eile.

Thug an gearánaí fianaise gur thaispeáin an cúisí scannáin agus irisí gnéis dó ag amanna éagsúla. Agus é á cheistiú, dúirt an gearánaí go raibh sé iontach deacair labhairt faoi na rudaí seo agus gur ghlac sé tamall fada air sular bhraith sé go raibh ar a chumas labhairt amach faoin scéal.

Dúirt an gearánaí gur ghnách leis ól go trom nuair a bhí sé 15 bliain agus go dtéadh sé ag ól gach Céadaoin a mbíodh airgead aige in dhá theach tábhairne éagsúla. Dúirt an gearánaí gur ghnách leis an gcúisí a bheith ag ól i gceann de na tithe tábhairne sin ar an gCéadaoin fosta agus gur ann a chasaidís beirt le chéile.

Chuir abhcóide an chúisí i leith an ghearánaí go raibh eolas míchruinn aige faoi dhátaí, faoi eachtraí agus faoi nithe a dúirt sé a bhí i dteach an chúisí. Dúirt an gearánaí go raibh sé iontach deacair aige cuimhneamh ar dhátaí beachta i ndiaidh blianta fada.

D’iarr duine de na finnéithe cead a fhianaise a thabhairt i nGaeilge agus, cé go raibh ateangaire ar fáil, cuireadh na ceisteanna air i mBéarla agus is i mBéarla a d’fhreagair sé iad.

Dúirt seisean gur bhog sé go Dún na nGall sa bhliain 2000 agus go raibh sé ina chónaí in aice leis an gcúisí ar feadh roinnt blianta. Chuir sé aithne ar an ghearánaí i 2001, a dúirt sé, agus bhí a fhios aige go mbíodh an fear óg ag ól.

Cuireadh abhaile an giúiré don oíche agus cuirfear tús leis an triail arís amárach ag 10.30 am.

Fág freagra ar 'Tús curtha i nDún na nGall le triail fir a bhfuil ionsaithe mígheanasacha curtha ina leith'