Tús curtha ag an Aontas Eorpach le cás dlí in aghaidh AstraZeneca

Ghéill AstraZeneca mí Eanáir nach n-éireodh leo an méid vacsaíní a rabhthas ag súil leo a sholáthar do bhallstáit an AE

Tús curtha ag an Aontas Eorpach le cás dlí in aghaidh AstraZeneca

Tá tús curtha ag an Aontas Eorpach le cás dlí in aghaidh AstraZeneca a bhfuil sé curtha ina leith nár chloígh siad lena gconradh i dtaobh sholáthar vacsaíní Covid-19. 

Tá sé curtha i leith AstraZeneca ag an gCoimisiún Eorpach chomh maith nach raibh aon phlean a bhféadfaí brath air acu do sholáthar na vacsaíní in am.

Tá 27 ballstát an AE ag tacú leis an gcás dlí. Ghéill AstraZeneca mí Eanáir nach n-éireodh leo an méid vacsaíní a rabhthas ag súil leo a sholáthar do bhallstáit an AE. Faoi dheireadh na chéad ráithe den bhliain 30 milliún vacsaín a bhí curtha ar fáil ag an gcomhlacht seachas 100 milliún, mar a bhí luaite sa chonradh.

Bhíothas ag súil le 180 milliún dáileog den vacsaín sa dara ráithe ach 70 milliún atá á ngeallúínt anois.

Drochthús a bhí le plean vacsaíní an Choimisiúin Eorpaigh agus uireasa sa soláthar a bhí geallta ag comhlachtaí, go háirithe AstraZeneca.

Idir an dá linn, tá séanta ag Príomh-Aire na Breataine go ndúirt sé go “mb’fhearr leis na mílte corp a bheith carntha os cionn a chéile” ná an tríú tréimhse dianghlasála a fhógairt.

Dúirt Johnson gur “seafóid amach is amach” a bhí sa tuairisc.

Fág freagra ar 'Tús curtha ag an Aontas Eorpach le cás dlí in aghaidh AstraZeneca'