Tús ciotach le cainteanna Stormont

Cainteanna ollpháirtí murab ionann agus plé uilephairtí ab ea an chéad dreas den idirbheartaíocht chun Stormont a tharrtháil.

File photo: Trouble in DUP party
Peter Robinson, ‘Sorcas’ a thug sé ar na cainteanna. Pictiúr: Photocall Ireland

Cainteanna ollpháirtí murab ionann agus plé uilephairtí ab ea an chéad dreas den idirbheartaíocht chun Stormont a tharrtháil.

Bhí Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers ann thar ceann rialtas na Breataine chomh maith le Charlie Flanagan, an tAire Gnóthaí Eachtracha i rialtas na hÉireann.

D’fhreastal an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, ceannaire Shinn Féin i Stormont maille le ceannairí an SDLP, an UUP agus Alliance ach rinne an DUP baghcat ar an seisiún oscailte i dTeach Stormont.

Aistríodh na cainteanna go dtí Oifig Rialtas na Breataine i dTuaisceart Éireann mar go ndúirt an DUP nach raibh sé de cheart ag ionadaithe ó Rialtas na hÉireann a bheith i dTeach na Parlaiminte ná ag cur a ladar i ngnothaí inmheánacha an tuaiscirt.

Rinne Martin McGuinness, SF, an Dr Alasdair McDonnell SDLP, an tAire Cirt, David Ford, Alliance, agus Mike Nesbitt, UUP, diancháineadh ar an DUP faoi dhiúltú freastal ar an seisiún oscailte.

Dúirt Nesbitt, áfach, gur thug an Taoiseach barántas dó nach mbeadh aon bhaint ag Rialtas na hÉireann le ceisteanna inmheánacha. Níor aontaigh Sinn Féin ná an SDLP leis an seasamh sin, iad ag meabhrú do gach dream gur comhurraithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta í Éire.

“Sorcas” a thug an Chéad Aire, Peter Robinson, ar an seisiún oscailte nuair a d’fhógair sé seachtain ó shoin go mbeadh sé féin agus a pháirtí róchrúógach le freastal ar “ghairm ghrianghraf”.

Bhí sé sásta bualadh leis an Statrúnaí Villiers níos deireanaí sa lá, áfach, chun sceideal na gcainteanna agus an clár oibre a phlé.

Dúradar go bhfreastalóidís ar chainteanna nuair a bheadh obair á déanamh i gceart.

Is é an plean ná go mbeadh cainteanna ar siúl gach Céadaoin agus Déardaoin go dtí deireadh na Samhna nuair a bheidh tuairisc á éileamh ag an Taoiseach agus ag an bPríomh-Aire, David Cameron.

Buiséad an Fheidhmeannais agus cúrsaí leasa shóisialta atá ar an gclár don tseachtain seo chugainn.

Ina dhiaidh sin, má bhíonn na cainteanna fós sa tsiúl, pléifear airgeadú agus na ceisteanna stairiúla – nó ceisteanna Haass mar a thugtar orthu – ó theip ar an idirbheartaíocht a raibh Richard Haass, an taidhleoir Meiriceánach, ina chathaoirleach air anuraidh.

Sin é oidhreacht na dtrioblóidí – bratacha agus paráidí.

Pléifear na hinstitiuidí i Stormont, na rialacha faoi roinnt na cumhachta, toghadh oifigigh, ag áireamh an Chéad-Aire, an LeasChéad-Aire agus an Ceann Comhairle.

Bhí easpa dóchais as an bpróiséas seo forleathan agus níor mhaolaigh baghcat an DUP amhras an phobail.

Sa mullach ar sin tá fadhbanna inmhéanacha ag an DUP, laincis ar Robinson ag eite den phairtí atá ag iarraidh roinnt na cumhachta le Sinn Féin a lagú.

Tá fadhbanna ag Sinn Féin freisin, iad faoi bhrú ag líomhaintí go ndearna gluaiseacht na poblachta iarracht chun mí-úsáid ghnéis ar dhéagóir a cheilt. Tá na líomhaintí ar fad faoi mhí-úsaid ghnéis agus faoin iarracht é a cheilt séanta. Ach tá an pairtí á cheistiú go tréan ag na páirtithe eile.