Tús ceart á chur le craobh peile 2015 an deireadh seachtaine seo

Cé gur imir Gaillimh cheana féin sa chraobh i mbliana, is ar an Domhnach seo a bheas an chéad dúshlán rompu. Mar sin féin, is é an cluiche idir Dún na nGall agus Tír Eoghain cluiche mór na deireadh seachtaine

Colm McFadden agus Paddy McBrearty ag fáil faoi réir le dul chun páirce in aghaidh Thír Eoghain i gCraobh Uladh 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Colm McFadden agus Paddy McBrearty ag fáil faoi réir le dul chun páirce in aghaidh Thír Eoghain i gCraobh Uladh 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie

gur cuireadh tús oifigiúil le craobh peile na bliana seo coicís ó shin, nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Nua-Eabhrach, is an deireadh seachtaine seo a thosaíonn an comórtas i gceart. Tá níos mó suime sa chluiche i mBealach Féich tráthnóna Dé Domhnaigh ná mar atá sna cluichí craoibhe eile ar fud na tíre ní deacair a thuiscint cén fáth.

go bhfuil bliain dheacair curtha isteach ag foirenn Mickey Harte, tá Tír Eoghain fós ar cheann de phríomhfhoirne an tuaiscirt agus is iad féin agus Dún na nGall an dá fhoireann Ultach is deireanaí a bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu.

Seo é an ceathrú huair le cúig bliana a chastar na foirne seo ar a chéile i gCraobh Uladh agus is féidir an dul chun cinn a rinne na Conallaigh faoi chúram Jim McGuinness a thomhas ó thorthaí na gcluichí sin. Tar éis dóibh leath na gcraobhacha Uladh a bhuachan idir 2001 agus 2010, níor bhuaigh siad ceann ar bith le linn do McGuinness a bheith i bhfeighil ar Dhún na nGall agus chaill Mickey Harte gach ceann de na trí chluiche a d’imir siad in aghaidh foireann McGuinness, i 2011, 2012 agus 2013.

Ó thaobh na mbainisteoirí de, is é seo an chéad chluiche craoibhe ag Rory Gallagher mar bhainisteoir ar Dhún na nGall ach tá taithí cheana féin aige ar fhreasúra an Domhnaigh a bhualadh. Bhí an lá leis na Conallaigh , 1-13 in aghaidh 0-6, in aghaidh Thír Eoghain sa tsraith níos luaithe i mbliana agus dúirt Mickey Harte gurb é an taispeántas is measa a bhí tugtha ag foireann Thír Eoghain le fada an lá.

Tabharfaidh bua sa Chraobh Faoi-21 spreagadh do Thír Eoghain ach beidh sé thar a bheith deacair acu an an bhearna deich bpointe a bhí idir na foirne seacht seachtaine ó shin a dhúnadh.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Danny Cummins (Gaillimh) agus Barry Prior (Liatroim) ag imirt sa chluiche Sraithe FBD níos luaithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Danny Cummins (Gaillimh) agus Barry Prior (Liatroim) ag imirt sa chluiche Sraithe FBD níos luaithe i mbliana. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Mar atá ráite againn, chuir Gaillimh tús oifigiúil leis an gcraobh sna Stáit Aontaithe coicís ó shin agus beidh an dara cluiche imeartha acu an deireadh seachtaine seo, i bhfad sula n-imreoidh go leor foirne a gcéad chluiche. Mar a tharlaíonn sé, má bhuann na Gaillimhigh ar an Domhnach, beidh trí chluiche craoibhe imeartha acu sula gcuirfear tús le feachtas Shligigh sa chomórtas céanna.

Mar sin féin, seans go gcuirfidh bainisteoir nua na Gaillimhe, Kevin Walsh, fáilte roimh na cluichí uile seo agus é fós ag iarraidh teacht ar an bhfoireann is láidre aige. Bhí bua sách éasca ag imreoirí Walsh in aghaidh Nua-Eabhrac agus cé gur bhuail tinneas cuid den fhoireann agus iad thar sáile, tá biseach tagtha ar na himreoirí sin faoi seo, in am do chluiche an Domhnaigh.

raibh ach ceithre phointe idir na bhfoirne, 2-14 in aghaidh 1-13, an uair dheireanach a chas siad ar a chéile ach ní bheidh fáil ag Liatroim ar Emlyn Mulligan ar an Domhnach, fear a d’aimsigh 0-10 an lá sin i 2008. Chinn Mulligan  seasamh siar ón bpeil i mbliana agus aireoidh Liatroim uathu go mór é.

 gaisce déanta ag Liatroim in aghaidh na nGaillimheach faoi aois le gairid, go háirithe i bPáirc Sheáin Mhic Dhiarmada, ach beidh a ndeichiú bua as a chéile in aghaidh Liatroma sa chraobh sinsear ag na Gaillimhigh.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Dé Sathairn, 16 Bealtaine

Craobh Peile Laighean – Babhta 1

Ceatharlach v Laois, Páirc Uí Chuilinn, 7i.n.

Uíbh Fhailí v An Longfort, Páirc Uí Chonchúir, 7i.n.

Corn Christy Ring – Babhta 2

Doire v Londain, An Abhainn Bheag, 2i.n.

Maigh Eo v Cill Dara, Béal an Átha, 1.30i.n.

Corn Nicky Rackard – Cluiche Ceathrú Ceannais

Muineachán v Dún na nGall, Cluain Eois, 3i.n.

Fine Gall v Tír Eoghain, Sord, 4i.n.

Corn Lory Meagher – Babhta 3

Sligeach v Warwickshire, Páirc Markievicz, 2.30i.n.

Liatroim v Lancashire, Béal an Átha Móir, 2.30i.n.

Sraith Peile na mBan – Athimirt Chluiche Ceannais

Corcaigh v Gaillimh, Portlaoise, 7.30i.n.

Dé Domhnaigh, 17 Bealtaine

Craobh Peile Chonnacht – Cluiche Ceathrú Ceannais

Liatroim v Gaillimh, Páirc Seán Mac Diarmada, 3.30i.n.

Craobh Peile Laighean – Babhta 1

An Lú v An Iarmhí, Páirc na nGael, 3.30i.n.

Craobh Peile Uladh – Réamhbhabhta

Dún na nGall v Tír Eoghain, Bealach Féich, 4i.n.

Fág freagra ar 'Tús ceart á chur le craobh peile 2015 an deireadh seachtaine seo'