Gaeilgeoirí iad triúr déag de na Teachtaí nua a toghadh chun na Dála in Olltoghchán 2024. Labhair Tuairisc le cuid acu faoina mianta i dtaobh na teanga.
Shane Moynihan, Fianna Fáil, Baile Átha Cliath Thiar Meán
“Is í an phleanáil sa Ghaeltacht an rud is tábhachtaí – caithfidh muid a chinntiú go bhfuil daoine in ann cur fúthu sa Ghaeltacht. Ar dara rud ná tacaíocht agus infheistíocht d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le go mbeifí in ann é a chur i bhfeidhm i gceart. Caithfimid an sprioc sin a bhaint amach don Státseirbhís, go mbeidh 20% d’fhoireann na Státseirbhíse ina nGaeilgeoirí.
“Tá an polasaí oideachais don Ghaeilge atá leagtha amach ag Fianna Fáil inár bhforógra an-tábhachtach freisin – caithfimid polasaí Gaeilge a chur tríd an gcóras oideachais ina iomlán. Tá an traenáil do mhúinteoirí as Gaeilge tábhachtach freisin agus tá sé geallta againn go gcuirfidh muid brú ar an Roinn Oideachais é sin a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh fáil ag gach dalta scoile ar mheánscoil lán-Ghaeilge.”
“Bhain mé úsáid as mo chuid Gaeilge go minic ar an gComhairle Contae agus bainfidh mé úsáid aisti go minic anois agus mé sa Dáil.”
Fionntán Ó Súilleabháin, Sinn Féin, Cill Mhantáin-Loch Garman
“Bímse féin ag caint le daoine a bhfuil saineolas acu faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – Liam Ó Cuinneagáin in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, mar shampla. Tuigim na dúshláin atá ann ó thaobh eisimirce de agus an géarghá le fostaíocht sa Ghaeltacht. Murar féidir le daoine fanacht sa Ghaeltacht is constaic mhór é sin ar chosaint agus ar fhorbairt na teanga.
“Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain téann athréimniú eacnamaíochta, in éineacht le hathréimniú teanga agus tacaíochtaí geilleagair a thabhairt don Ghaeltacht, ionas go dtiocfaidh an teanga slán inti.
“Tá na fadhbanna faoin bpleanáil agus an tithíocht sna ceantair Ghaeltachta thar a bheith scannalach. Tá sé scannalach gur féidir le daoine eile bogadh isteach gan focal Gaeilge agus muintir na Gaeltachta a bhrú amach ó thaobh praghas na dtithe de. Tá géarghá le plean dó sin, ní bheidh aon Ghaeltacht fágtha murar féidir le muintir na Gaeltachta fanacht ann. Caithfear tosaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta, nó do chainteoirí Gaeilge, thar aon duine eile.
“Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh aon Ghaeilgeoir atá ag iarraidh labhairt leis an stát ábalta é sin a dhéanamh i nGaeilge.
“Ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt do RnaG agus do TG4, agus ba mhaith liom go dtabharfaí níos mó cumhachtaí don Choimisinéir Teanga. Ba cheart go mbeadh an Coimisinéir in ann cinneadh a dhéanamh mura bhfuil na cearta curtha i bhfeidhm iachall a chur ar na hinstitiúidí sna cúirteanna.
“Is dóigh liom gur cheart ceangal níos mó a dhéanamh idir gluaiseacht na Gaeilge agus na hinstitiúidí Gaeilge sna Sé Chontae agus sna Sé Chontae is Fiche agus go mbeifí ag pleanáil don Ghaeilge ar bhonn uile-Éireann, is dóigh liom go bhfuil sé sin an-tábhachtach do na blianta amach romhainn.
“Ceapaim go bhfuil litríocht na Gaeilge thar a bheith tábhachtach, ach ná fadhb ann leis an gcóras oideachais agus ba cheart níos mó béime a chur ar labhairt na Gaeilge – níl an cóimheas ceart ann faoi láthair. Tuigim ó a bheith ar bhoird bhainistíochta meánscoileanna nach bhfuil an bhéim cheart ann.
“Ba mhaith liom níos mó ná rudaí ‘teicniúla’ agus ‘praiticiúla’ a dhéanamh do Ghaeilge. Ba mhaith liom feachtas chun sprid náisiúnta a chothú don Ghaeilge sa tír.
“Tá an teanga fite fuaite leis an sprid náisiúnta. Níl an sprid sin in Éirinn faoi láthair agus ba mhaith liom a bheith mar pháirt de ghluaiseacht a chuirfeadh an sprid sin chun cinn. Tá daoine óga ag foghlaim na Gaeilge ar scoil ach uaireanta má chuireann tú ceist orthu ní thuigeann siad cén fáth.
“Tá na comharthaí Gaeilge ar na bóithre an-tábhachtach freisin. Tá sí ar chomharthaí bóthair anois, ach ba mhaith liom córas a fheiscint ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhrud ar chomharthaí bóithre dátheangacha.
“Is gá cearta an duine ag leibhéal na hEorpa a chur i bhfeidhm, agus níor chóir go mbeadh Gaeilgeoirí ag stádas dara leibhéal mar a bhí agus mar atá fós.
“An príomhrud ná níos mó daoine – daoine óga – a chur ag labhairt na Gaeilge agus daoine óga a choinneáil sa Ghaeltacht. Mura bhfuil an méid sin agat ní fiú rud ar bith eile.”
Naoise Ó Cearúil, Fianna Fáil, Cill Dara Thuaidh
“Tá trí rud atá an-tábhachtaí dom féin. An chéad rud ná líon na nGaelcholáistí sa tír, teastaíonn i bhfad níos mó Gaelcholáistí – scoileanna dara leibhéal – ar fud na tíre. Tá mé féin i mo chathaoirleach ar bhord bainistíochta Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad, fuair muid Gaelcholáiste anseo, ach má bhreathnaíonn muid fud fad na tíre, tá an t-uafás Gaelscoileanna ann ach ní bheidh deis ag na daltaí sna scoileanna sin an Teastas Sóisearach ná an Ardteistiméireacht a dhéanamh i nGaeilge. Tá cúpla áit i mBaile Átha Cliath atá ag troid go láidir ar son Gaelcholáiste agus caithfear tacú leo.
“An tarna rud ná an Ghaeilge a chur chun cinn níos mó sa Státseirbhís. Beidh mé ag labhairt i nGaeilge chomh minic agus is féidir liom agus mé i dTeach Laighean le go mbeidh sí feiceálach ann.
“Maidir leis an nGaeltacht, tá cead pleanála ag teastáil ón t-uafás daoine óga atá ina gcónaí i nGaillimh agus i gCiarraí. Tá fadhbanna ann i nDún na nGall agus sa Rinn freisin ach tá sé an-dona i nGaillimh agus i gCiarraí. Caithfidh muid a chinntiú go mbeidh muintir na háite in ann teach a thógáil nó a cheannach sa Ghaeltacht. An cheist ná conas is féidir linn a chinntiú gur Gaeilgeoirí iad sin, ionas gur féidir linn an Ghaeltacht a choimeád bríomhar.
“Labhróidh mé Gaeilge chomh minic agus is féidir liom. Toghadh chun na Comhairle Contae mé den chéad uair in 2014, agus arís in 2019 agus 2024. Bhí mé i mo Mhéara ar an gcontae, agus ag gach cruinniú a bhíonn ann labhraím an Ghaeilge. Bhunaigh mé an coiste Gaeilge sa Chomhairle agus bhí mé i mo chathaoirleach air sin.
“Níl mé ag súil le haon aireacht sa rialtas ach bheinn lánsásta a bheith i m’Aire Gaeltachta!”
Colette
An teanga a labhairt sa Dáil, sin an chéad rud atá le déanamh ag Teachtaí Dála nua go bhfuil an “chéada teanga náisiúnta” acu . Más ábhair conspóideacha atá le plé acu ba chóir na ceisteann a chur ar airí rilatais i nGaeilge agus diúltú glacadh le brú ó na hAiri rialtais leanúint ar aghaidh i mBéarla. Gheobhaidh na meáin an teachtaireacht go bhfuil an Ghaeilge in úsáid chun labairt faoi chúrsaí eile seachas an teanga féin nó an Ghaeltacht.