Tús á chur leis an obair chun taisí ‘Leanaí Thuama’ a dhí-adhlacadh

Seo an chéad uair riamh sa tír seo inar tugadh faoina leithéid ag láthair ina raibh go leor corpán leanaí curtha i dtalamh san uaigh chéanna

Tús á chur leis an obair chun taisí ‘Leanaí Thuama’ a dhí-adhlacadh

Dé Luain seo chugainn a chuirfear tús leis an obair mhionchúiseach chun taisí na leanaí a cuireadh ag láthair Áras Leanaí agus Máithreacha an Bon Secours i dTuaim a dhí-adhlacadh.

Seo an chéad uair riamh sa tír seo inar tugadh faoina leithéid ag láthair ina raibh go leor corpán leanaí curtha i dtalamh san uaigh chéanna.

Ceaptar go cuireadh cuid mhaith de 800 leanbh i dtalamh ag an láthair seo i dTuaim i gContae na Gaillimhe.

Sa mbliain 2014 a d’aimsigh an staraí áitiúil, Catherine Corless, ainmneacha na leanaí a bhí ina gcónaí san áras sin idir 1925 agus 1961. Spreag na hainmneacha sin a ndaoine muinteartha le tabhairt faoi fheachtas deich mbliana ag éileamh go dtógfaí a dtaisí as an uaigh gan leacht ná comhartha sin.

Déanfaidh an fhoireann saineolaithe a bheidh i mbun na tochailte seo a gcroí díchill oiread de na taisí agus is féidir a aithint ach is maith a thuigtear gur “tochailt ar leith í seo atá iontach casta” agus meastar go dtógfaidh an obair ar fad ag an láthair thart ar dhá bhliain.

I ráiteas a thug Daniel MacSweeney, stiúrthóir na hoibre dí-adhlactha don Irish Examiner, dúirt sé:

“Ó chuirfear tús leis an obair ar an 16 Meitheamh, seachas an fhoireann oibre, ní bheidh cead ag  aon duine eile isteach go dtí aon chuid den láthair, an Gairdín Cuimhneacháin san áireamh, agus beidh slándáil i bhfeidhm ag an láthair 24 uair sa lá.”

“Na chéad cheithre seachtainí, beifear ag réiteach an láithreáin agus ag cur fál cosanta 2.4 méadar ar airde ina timpeall. Tá sé riachtanach sin a dhéanamh ionas go gcoinneofar an láthair slán ó thaobh na fóiréinsice de agus go mbeidh ar ár gcumas an obair a dhéanamh agus muid ag cloí leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a bhaineann le hobair dhí-adhlactha agus aisfhála.”

Sa mbliain 2016 a tháinig imscrúdaitheoirí ar iarsmaí i seomraí faoi thalamh ar chuir siad síos orthu mar “líon suntasach taisí daonna”.

Nuair a rinneadh tástálacha ar na taisí fuarthas amach gur corpáin pháistí agus leanaí faoi thrí bliana d’aois a bhí iontu.

Meastar go bhfuil 796 leanbh adhlactha ag an láthair.

I 1961 a dúnadh an t-áras do mháithreacha agus leanaí a bhí á rith ag siúracha Bon Secours i dTuaim.

Tarraingíodh aird an tsaoil mhóir ar scéal an árais nuair a fuair Catherine Corless amach go raibh teastais bháis ann do 796 páiste agus leanbh ach nach raibh taifead ar bith ar fáil aon áit gur cuireadh i gcré na cille iad.

Bhunaigh an rialtas coimisiún imscrúdúcháin chun scrúdú a dhéanamh ar na hárais mháithreacha agus leanaí a bhíodh ag feidhmiú sa tír san am a caitheadh, agus sa tuairisc a tháinig ón gcoimisiún sin dúradh gur umar séarachais nach raibh in úsáid don chúram sin a bhí sna seomraí faoi thalamh inar frítheadh taisí na leanaí i dTuaim.

Mar Theach na mBocht a tógadh an t-áras i dTuaim ar dtús ach i 1925 réitíodh é le bheith mar thearmann do mháithreacha agus a bpáistí, mná nach raibh athair a bpáistí sásta seasamh leo den chuid is mó. Mná rialta Caitliceacha an oird Bon Secours a fágadh i mbun riar na háite agus d’íoc Comhairle Chontae na Gaillimh punt sa tseachtain leis an ord in aghaidh gach máthair agus páiste a bhí faoina gcúram, chomh maith le costas cónraí.

Ó 1925 go dtí 1961 is ann a chuaigh nó a cuireadh máithreacha a bhí ag súil le páistín agus nach raibh an t-athair sásta seasamh leo. Sna blianta sin ba mhinic le teaghlach, pobal agus cléir a ndroim a iompú ar mhná dá leithéid agus rinneadh náire shaolta don bhean agus dá páiste. Ba mhinic nach raibh aon rogha eile ag an mbean ach Áras Máithreacha agus Leanaí.

Fág freagra ar 'Tús á chur leis an obair chun taisí ‘Leanaí Thuama’ a dhí-adhlacadh'

  • Pól Ó Braoin

    Is cuimhin liom an lá a tháinig an Pápa chomh fada le Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath. Chuaigh an bhean agus mé féin siar go dtí láthair Áras na Máithreacha agus na Leanaí i dTuaim an lá sin. Ní raibh Catherine Corless ag súil go dtiocfadh níos mó ná dream beag bídeach daoine ach is cuimhin liom gur tháinig níos mó ná míle dínn le mórshiúl a dhéanamh tríd an mbaile mór chomh fada leis an láthair inar cuireadh na leanaí bochta céanna. Léadh ainmneacha amach ar an láthair agus tugadh bróga beaga bána plastair in ómós na leanaí do dhaoine agus tá ceann de na bróigíní sin fós sa teach againn. An obair atáthar a dhéanamh, is maith atá sé tuillte ag an leanaí.